Éadach oibre don oifig atá néata agus gairmiúil

Chuaigh ár gcomhfhreagraí ar thóir feistis nua don láthair oibre an tseachtain seo

Éadach oibre don oifig atá néata agus gairmiúil

Níl sé éasca éadach a roghnú don té a chaitheann an lá i mbun obair oifige. Bíonn daoine ag iarraidh go mbeadh siad néata agus gairmiúil ach gan dul thar fóir leis an bhfaisean. Bíonn muid ar fad ag lorg an chothromaíocht sin a fhágann go bhfuil roinnt stíle ag baint linn ach nach dtarraingítear an oiread airde orainn gur mó suntas a thugtar don éadach ná don obair.

Tá roinnt roghanna le moladh agam an tseachtain seo a bheadh feiliúnach don bhean ar mhian léi go bhfeicfí í mar dhuine a bheadh gléasta go cuí agus go gairmiúil don obair.

 

Bléasar bándearg déanta as línéadach mar mhalairt ar an dath dubh a bhíonn ar a leithéid go minic. Tá an ceann seo deas éadrom don tráth seo bliana. Ar fáil ó Topshop ar €76.00.

 

Treabhsar dubh le gearradh teann ar na cosa. Dearadh an-simplí agus clasaiceach air seo. Ba cheart do gach duine infheistíocht a dhéanamh i bpéire deas treabhsair den chineál seo ar dhath dubh. Ar fáil ó Warehouse ar €47.00.

 

Cídeog atá sa ghúna liathbhuí seo. Tá an ceann seo an-chompordach agus faiseanta ach sách simplí go mairfidh sé sa vardrús ar feadh na mblianta fada. Ar fáil ó Asos ar €52.54.

 

Dath bándearg ar an mbarréide simplí seo atá an-fheiliúnach don obair nó go deimhin d’ócáidí eile. Ar fáil ó Zara ar €25.95.

 

Is maith liom féin treabhsar a mbíonn patrún orthu agus tá an péire seo ar a dtugtar ‘cigarette trousers’ an-deas agus ar phraghas an-réasúnta. Ar fáil ó H&M ar €14.99.

 

Ní théann an cóta trinse as faisean riamh agus bíonn ceann acu fíorfheiliúnach don obair i gcónaí. An ceann áirithe seo ar fáil ó Dunnes Stores ar €70.00.

 

Barréide stríocach atá néata agus gairmiúil don obair. Seo ceann de na roghanna is fearr liom féin faoi láthair. Ar fáil ó Zara ar €29.95.

 

Cídeog eile atá sa ghúna dubh seo a chuireann cuma iontach ar dhuine. Ba cheart go mbeadh áit i ngach vardrús do ghúna den chineál seo. Ar fáil ó Oasis ar €63.00.

 

Léine shíoda í seo atá ar fáil i rogha leathan dathanna. Infheistíocht mhaith í seo agus an nóiméad a thriailfidh tú an ceann seo ort beidh fonn ort í a cheannach láithreach. Ar fáil ó & Other Stories ar €79.00.

 

Tá an sciorta pionsail seo go hálainn ar fad. Tá sé ar fheabhas don obair ach feiliúnach freisin d’ócáid tar éis na hoibre. Ar fáil ó Asos ar €38.71.

 

Bróg chúirte a thugtar ar an dearadh seo atá déanta as svaeid dubh. Bróga ísle iad seo atá compordach agus a rachaidh le go leor cineálacha feistis. Ar fáil ó River Island ar €61.00.

Fág freagra ar 'Éadach oibre don oifig atá néata agus gairmiúil'