Éachtaint ar shaol eachtrúil conspóideach Denis O’Brien

Rinne ‘Denis O’Brien – The Story so Far’ iarracht cíoradh oibiachtúil, cuimsitheach a dhéanamh ar na gaiscí, na haighnis agus na conspóidí a bhaineann leis an bhfear gnó cáiliúil

Éachtaint ar shaol eachtrúil conspóideach Denis O’Brien

Is é Denis O’Brien an tÉireannach ó dhúchas is saibhre i láthair na huaire, dar le liosta rachmais Forbes, agus é in áit a 456. Is fiú tuairim is $4.6 fear Dhroichead na Dortha agus is é boc mór na meán in Éirinn agus piarda mór na teileachumarsáide sa Mhuir Chairib. Thug Denis O’Brien – The Story so Far (RTÉ 1, aréir) éachtaint ar a shaol agus a shaothar. Ní hé go dtugtar aon ní úrnua chun solais ach bailítear meitheal chuidsúlach de chloigne cainte le chéile le hiarracht a dhéanamh cíoradh oibiachtúil, cuimsitheach a dhéanamh ar na gaiscí, na haighnis agus na conspóidí a bhaineann leis an bhfear gnó cáiliúil.

Mar is dual do tháirge mar seo, tosnaítear amach le  laethanta a óige, a chuid scolaíochta agus an chéad phost a bhí aige. Chaith Denis dhá bhliain mar dhíoltóir taistil i Meiriceá ag iarraidh táirgí eachaí a athar a dhíol. Aon oíche amháin agus é ar a sháimhín só in Kentucky chonaic sé cainéal siopadóireachta ar an teilifís agus gineadh an smaoineamh dá mhacasamhail i Sasana. B’eo leis ar bhóthar na fiontraíochta. Cé go ndein sé “a complete bollocks” den bhfiontar sin níor tháinig aon lagmhisneach air agus nuair a d’éirigh córas na gceadúnas níos scaoilte bhunaigh sé 98FM i 1989.

Ba é Esat a dhein a chóta bán dó, áfach, agus is é a chuir tús le conspóidí agus aighnis a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann. Bhí Esat Telecom tar éis guailleáil isteach sa mhargadh teileachumarsáide nuair a d’fhógair an rialtas go raibh ceadúnas do ghnó gutháin phóca le bronnadh ionas go mbeadh iomaíocht sa mhargadh ag Eircell. Tháinig uisce le fiacla chomhlachtaí gnó ar fud an domhain ach i ndeireadh na dála ba é Esat Digifone le O’Brien a thug an svae leo. I gcaitheamh na mblianta, agus go dtí an lá inniu fiú, tá amhras á chaitheamh ar ionracas an phróisis, é á mhaíomh go raibh tionchar míchuí ag an Aire Cumarsáide Michael Lowry ar chúrsaí. Thug binse fiosraithe an Mhuircheartaigh íde na muc agus na madraí don bheirt acu agus luadh  “[a] cynical and venal abuse of office” le Lowry.

Dhírigh an clár go mór ar an tréimhse sin agus tugadh chun cuimhne an binse fiosraithe a mhair ceithre bliana déag agus na hionsaithe fíochmhara binbeacha a dhein O’Brien air. Bhí an bhinb chéanna le feiscint sa chomhrac leanúnach idir é féin agus muintir O’Reilly. D’éirigh le O’Brien an fear maith a fháil orthu sa deireadh agus muintir O’Reilly anois imithe go hiomlán ó Independent News and Media. I rith an ama bhí fás ollmhór ag teacht ar Digicel sa Mhuir Chairib. Lena chois sin ar fad bhí Siteserv agus Anglo. Ní saol eachtrúil gnó go dtí é.

Tá an t-iliomad cásanna dlí tógtha ag O’Brien ó 2005 lena cháil a chosaint. É ag maíomh go minic go raibh éagóir á déanamh ag na meáin air. Dhein an clár seo iarracht mhór léargas a thabhairt chomh maith ar obair dhaonchairdiúil O’Brien; an bhaint a bhí aige leis na Cluichí Oilimpeacha Speisialta agus an obair mhór atá déanta ag a fhondúireacht sa Mhuir Chairib, in Háítí ach go háirithe. Tugadh cuireadh don fhear é féin a bheith páirteach ach thug sé an t-eiteach dóibh. Tá raidhse ábhar cartlainne ag RTÉ, áfach, agus deineadh é seo a chniotáil leis na hagallaimh agus tráchtaireacht David Murphy.

Ina measc siúd a labhair ar dhá thaobh an chlaí bhí: Conor Lenihan, Mark Cagney, Justine McCarthy, Sam Smyth, Michael Lowry, Michael McDowell, Bill Clinton agus Usain Bolt.

Léiríodh O’Brien mar fhear gnó coráistiúil, cumasach a raibh seans leis uaireanta agus mar dhuine a bhfuil na milliúin tugtha aige do dhea-oibreacha. Ag an am céanna déanann sé na fiacla a dhrannadh go minic go mórmhór nuair a bhíonn sé ag iarraidh a cháil a chosaint agus a chéilí comhraic a chloí.

Fé mar a thugann teideal an chláir le fios níl deireadh tagtha leis an scéal go fóill.

Fág freagra ar 'Éachtaint ar shaol eachtrúil conspóideach Denis O’Brien'