Éacht saoil Shaoirse Ronan i ‘The Outrun’

In ‘The Outrun’ tagann gach gné d’odaisé charachtar Shaoirse Rona le chéile i dtaipéis a thugann léargas comhbhách dúinn ar bhean atá ag iarraidh í féin a stiúradh chuig tearmann na féintuisceana

Éacht saoil Shaoirse Ronan i ‘The Outrun’

‘Uaireanta agus siabhrán ag gabháil dom, samhlaím léarscáil Inse Orc anuas ar Londain… Bíonn Skara Brae in áit Túr Londan…’

Bean óg í Rona atá gafa idir dhá thine Bhealtaine. Idir a saol mí-ordúil i Londain – ól, ragairne, réabháil go maidin – agus iarsmaí an tsaoil inar fuineadh í ar Mhórthír Inse Orc, treabhann The Outrun conair a titim as a chéile le paisean, neamhbhreithiúnas agus comhthuiscint.

Cailín bunscoile, ag súgradh ar thrá oileánda, gafa fá dhraíocht mhiotaseolaíocht na rónta. Agus domhan scanrúil fo-thoinn na selkies… ‘Hi’, ar sí leis na bainirseacha. Freagraíonn sí a mbúireanna le búir dá cuid féin…Glaonn siad ar ais uirthi…

Má tá taispeántas aisteoireachta níos fearr a léiríonn an scrios a imríonn an t-alcól ar alcólaí óg mná ná éacht sainiúil Saoirse Ronan in tour de force príomhordúil Nora Fingscheidt, táimse iomlán dall air.

Bean sna fichidí déanacha, i mbeár i Londain Shasana. Am dúnta fada thart… Ise amháin atá fágtha – caochta, ar a caid, tuilleadh dí fós á éileamh go trodach aici.

‘Come on Rona’, arsa an freastalaí. D’éis a caite amach, béal faoi ar leaca na sráide, glacann sí síob abhaile ó strainséir fir…     

Éinne a dhúisigh béal faoi sa chlábar, buailte ag an mbraon alcóil – éinne a bhlais sceon agus aonaracht an andúilí chloíte, rachaidh sé rite leis léirscrios spioradálta Rona a mhothú gan deora aitheanta a shileadh ar son na mban óg ar a caid i Londain nó ag iomrascáil lena cuid deamhan amuigh ar Papay, an t-oileán is scoite amach in iarthuaisceart Orc – oileán bídeach faoi léigear leanúnach na dtonn dtréan is na ngaotha mire.

 

An mhaidin d’éis ‘síob abhaile’ an strainséara i Londain….Siúd í Rona, batráilte, briste, éignithe. Í ag cuardach cóir leighis… ‘Tá máistreacht agam sa bhitheolaíocht….Mé dífhostaithe faoi láthair.’                                              ‘Aon mheabhairghalar sa chlann?’  Tost fada…‘Cuirigí fá ghlas mé, led’ thoil…’

Gineadh agus fuineadh Rona ar phríomh-oileán Orc. Iníon an fheirmeora caorach Andrew (Stephen Dillane) atá scartha óna bhean Annie (Saskia Reeves). Tá Annie fós sa teaghlach – Andrew i dteach beag soghluaiste cois claí ar imeall na feirme.

Creidtear go n-iompaítear ina selkie aon daoine báite nár thug an fharraige a gcorpán suas…Tagaid i dtír san oíche chun rince lomnocht fá sholas na gealaí… Má thiteann súil dhaonna orthu, ní féidir leo pilleadh ar an fharraige arís. Bíd iomlán as tiúin agus as alt iontu féin, mar dhaoine na tíre, as sin amach…

Tuigtear dúinn, de réir a chéile, go bhfuil an neamhord dépholach ag gabháil d’athair Rona, Andrew. Ón lá ar saolaíodh í… Ach tá sí an-mhór leis i gcónaí. Í an-tréitheach i láimhseáil na gcaorach, tráth breithe na n-uan.

Tá nimh áfach sa chaidreamh idir Rona agus a Mam chráifeach. Cóiríonn Annie dinnéar do ghrúpa ban a thagann le chéile chun staidéar a dhéanamh ar an mBíobla…

‘Tá searmanas téarnaimh ann tráthnóna Dé Céadaoin’, arsa duine díobh le Rona. Cailleann sí an cloigeann leis an mháthair.                                                                                                                                                                                       ‘Ná tosaigh ar léamh an Bíobla im’ éagmais!’, caite go lasánta mar ghránáid láimhe thar a gualainn ar rith an doras amach di…

Ní hé gach fear i Londain a chaitheann go dona le Rona. Agus í ar fhleasc a droma ar thábla le linn réibh, as a meabhair le hól – siúd Daynin (Paapa Eisiedu) ar a ghlúine chun í a dhúiseacht le póigín muirneach, tais….

‘Hi’, ar sé…’Hi’, rs sí… Lastar rud éigin míorúilteach eatarthu. Comhlíonann Rona agus Daynin iontu féin gach easnamh ina chéile. Leannán tuisceanach é. Fadfhulangach. Ach níorbh aon mheá don alcól é Daynin nuair a thosaigh an CH3 CH2 OH ag fáil an ceann is fearr ar fad uirthi, agus í ag druidim ar an ‘rock bottom’, mar a deirtear i gcaint AA…

‘Ní féidir liom déileáil leis. Ní aithním a thuilleadh thú’, ar sé. Tuigimid dó… 

Glacann Rona jab mar eagraí istigh ar Orc do charthanacht caomhnaithe ainmhithe atá i mbaol a ndíothaithe. Í ag áitiú ar fheirmeoirí a mbealaí bainte féir a leasú chun deis a thabhairt don traonach teacht aniar sna móinéir ina rabhadar flúirseach tráth..…. Caitheann sí í féin isteach go fonnmhar i saol an oileáin agus i gcomhluadar a comhthaistealaithe san AA.

Síneann a sealanna sóbráilte amach. Tá spin mhaith uirthi…. ‘Tá brón orm, a Mham’, ar sí, faoi dheireadh. Téann an caidreamh eatarthu. Siúd ag snámh le chéile iad, fiú!

Uaireanta is féidir tonnchrith a bhrath istigh in Inse Orc. Tormán síos fút. Ae na hOllphéiste Mester Stoor a mharaigh Assipattle, ae atá fós ag adú tine sa domhan thíos ar leaca Ifrinn, creidtear…

Súnn Ronan agus Fingscheidt gach unsa as miotaseolaíocht ársa Fhir an Tuaiscirt. Tarraingíonn siad as tobar na bhfinscéalta, ón tírdhreach, ón ngaoth is ón bhfarraige, chun siansa meafarach ar chéasadh spioradálta Rona, agus a teacht aniar, a fhísiú.

Mo léan, tá teipthe glan ar Rona oiread agus traonach amháin d’fheiscint fós, ná gíocs dá ghlaoch a chloisint fiú.

Filleann an t-am atá thart orainn … Ní théann fuinneamh in éag riamh…. Gineann tonnta creathadh, a ionsúitear isteach sa talamh fúinn…

Bogann sí trasna go Papay, an t-oileán beag is faide ó thuaidh. Ann a chaitheann sí an geimhreadh ag teacht chuici féin. Thuas seal, thíos seal. Níl le ceansú aici ach an lá inniu, ceann ar cheann.

Ag meascadh suas cróineolaíocht na titime is an teacht aniar, idir Londain agus Papay – idir Papay in Orc agus Paapa in Hackney, más mian leat – tugann mise-en-scene Fingscheidt an deis dúinn turas Rona go hIfreann is ar ais a léamh ón iliomad dearcadh, seasamh, tuiscint agus peirspictíocht.

Tagann gach gné dá hodaisé le chéile i dtaipéis a thugann léargas comhbhách dúinn ar bhean atá ag iarraidh í féin a stiúradh chuig tearmann na féintuisceana – ar ancaire inti féin istigh, slán ó bhagairtí an anfa mire lasmuigh.

Seo éacht saoil Saoirse Ronan. Treise léi. Tá an scannán iontach leis, ach pas beag rófhada. Beidh san iomaíocht d’Oscar. Cúig réalta.

Caochta, nó sóbráilte, ná caill an ceann seo, ar d’anam beo!

Fág freagra ar 'Éacht saoil Shaoirse Ronan i ‘The Outrun’'