€420,000 caite ar ‘A Sunny Day, Connemara’ – an pictiúr de chuid Paul Henry is costasaí a díoladh riamh

Thug an ceantálaí Ian Whyte le fios gur bailitheoir ealaíne ón tír seo a bhfuil cónaí air sa Bhreatain a cheannaigh ‘A Sunny Day, Connemara’

€420,000 caite ar ‘A Sunny Day, Connemara’ – an pictiúr de chuid Paul Henry is costasaí a díoladh riamh

Íocadh breis is €400,000 inné ar radharc tíre dár teideal, A Sunny Day, Connemara. An t-ealaíontóir aitheanta Paul Henry a phéinteáil A Sunny Day, Connemara, a díoladh ar €420,000.

Is é seo an méid is mó a íocadh riamh ar phictiúr de chuid Henry.

An comhlacht ceantála Whyte’s i mBaile Átha Cliath a dhíol an pictiúr ag ceant  ina raibh saothair le healaíontóirí as Éirinn agus ealaíontóirí idirnáisiúnta ar díol.

Thug an ceantálaí Ian Whyte le fios gur bailitheoir ealaíne ón tír seo a bhfuil cónaí air sa Bhreatain a cheannaigh saothar Henry.

Caitheadh €1.6 milliún ar an 129 saothar a díoladh ach ba é ‘A Sunny Day, Connemara’ an ceann ab fhearr a rinne.

Measadh roimh an gceant gurbh fhiú idir €150,000-200,000 an pictiúr ach díoladh ar a dhá oiread sin é.

Cé go dtugann teideal an phictiúir, a déanadh thart ar an mbliain 1940, le fios gur radharc d’áit éigin i gConamara atá le feiceáil ann, ceaptar gur radharc d’Acaill atá i gceist. Agus é ag déanamh cur síos ar an bpictiúr i mbeathaisnéis Paul Henry, deireann an Dr S B Kennedy: “The scene almost certainly represents Achill Island, observed in the distance from around the foot of Croagh Patrick.” Nuair a díoladh an pictiúr céanna cheana ag ceant in Adams i mBaile Átha Cliath i mBealtaine, 1983, tugadh “West of Ireland Coastal Landscape with Cottages” air.

Dúirt an ceantálaí Ian Whyte go ndéanadh Paul Henry athchruthú uaireanta ar thírdhreach agus é ag péinteáil pictiúir. Ní gá go gcloífeadh sé i gcónaí le gnéithe iomlána an radhairc a bhí os a chomhair. Ní bhíodh leisce ar Henry sliabh a thógáil as radharc nó tithe a chur in áit nach raibh  teach ar bith, de réir mar a d’fheil sé don phictiúr, a dúirt Ian Whyte. Sa tslí seo, is péintéir nua-aimseartha é agus cuireann sin leis an tóir idirnáisiúnta a bhíonn ar a phictiúir.

Tírdhreach Chonamara a bhí i roinnt de shaothar Cecil Maguire, Maurice MacGonigal agus Maurice Canning Wilks a díoladh chomh maith aréir.

Ceant fíorúil a bhí i gceist agus ní raibh cead ag an bpobal a bheith i láthair de bharr na srianta Covid-19. Chuir Whyte’s an ceant seo ar athlá trí seachtaine roimhe seo.

Mhaígh na ceantálaithe gurb é ‘A Sunny Day, Connemara’ an pictiúr tírdhreacha is fearr a phéinteáil Paul Henry agus ba é an pictiúr sin a bhí ar chlúdach deannaigh dhírbheathaisnéis an ealaíontóra, An Irish Portrait, a foilsíodh i 1951.

I mBéal Feirste a rugadh Paul Henry in 1876 ach chaith sé go leor ama in iarthar na hÉireann.

Chaith sé naoi mbliana ina chónaí in Acaill agus is ann a phéinteáil sé ‘The Potato Diggers’, a díoladh ar €400,000 in 2013, an pictiúr ba chostasaí dá chuid go dtí ceant na hoíche aréir.

Fág freagra ar '€420,000 caite ar ‘A Sunny Day, Connemara’ – an pictiúr de chuid Paul Henry is costasaí a díoladh riamh'