€2.8 milliún ceadaithe do thograí sa Spideál, i nGaoth Dobhair agus i Maigh Eo

Tá maoiniú fógartha ag an Roinn Forbartha, Tuaithe agus Pobail do thograí teicneolaíochta ar an Spideál, i nGaoth Dobhair agus i nGaeltacht Mhaigh Eo

€2.8 milliún ceadaithe do thograí sa Spideál, i nGaoth Dobhair agus i Maigh Eo

Tá fáilte curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh an scéala go bhfuil €2.8 milliún de mhaoiniú caipitil á chur ar fáil dóibh chun tabhairt faoi thrí thogra.

Ba é an Taoiseach Leo Varadkar agus an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Michael Ring a d’fhógair inniu go mbeadh an maoiniú caipitil á chur ar fáil don eagraíocht Ghaeltachta do na tograí i i nDún na nGall, i Maigh Eo agus i nGaillimh. 

Ba ar mhaithe le Gréasán Digiteach na Gaeltachta a ceadaíodh an maoiniú den chuid is mó.

Is faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe a ceadaíodh an maoiniú don trí thogra. Baineann  €1.5 milliún de le hobair atá le déanamh geteic@Gaoth Dobhair i bPáirc Ghnó Ghaoth Dobhair le agus le 1,725 sq.m de spás oibre/oifigí nua a chur ar fáil ansin.

Tá €548,000 ceadaithe chun Ionad Nuálaíochta agus Mol Digiteach gteic@An Spidéal a fhorbairt i gConamara agus tá €795,000 ceadaithe chun ocht n-ionad nuálaíochta, digiteacha agus barrfeabhais a fhorbairt i nGaeltacht Mhaigh Eo –i mBéal an Mhuirthead, An Eachléim, Gaoth Sáile, Acaill agus Tuar Mhic Éadaigh.

Chuir Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta fáilte roimh an maoiniú ón Roinn Forbartha,Tuaithe agus Pobail.

“Cuirfidh na tograí seo go mór leis na deiseanna a bheidh ar fáil ag na pobail tuaithe sna ceantair seo a dhul i mbun oibre ina gceantar féin nó do Diaspóra na Gaeltachta filleadh ar a gceantar féin. Beidh tionchar mór ag an maoiniú atá ceadaithe ar shaol na bpobal seo agus tá sé lárnach dár straitéis deiseanna cianoibrithe a chur ar fáil sa Ghaeltacht agus tá ag éirí go maith leis an éiceachóras digiteach gteic atá á bhunú le daoine a mhealladh ar ais chuig na Gaeltachta.
“Cuirfidh an soláthar seo ar ár gcumas gnéithe thábhachtacha dár bPlean Straitéiseach 2018 – 2020 agus de Phlean Gníomhaíochta Cúig Bliana don Ghaeilge, ina bhfuil spriocanna dúshlánacha agus uaillmhianacha leagtha amach do chur chun cinn na Gaeltachta, a chur i bhfeidhm agus fostaíocht bhreise a chruthú sna ceantair tuaithe seo.”

Fág freagra ar '€2.8 milliún ceadaithe do thograí sa Spideál, i nGaoth Dobhair agus i Maigh Eo'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Michael Ring agus an Roinn Forbartha, Tuaithe agus Pobail…an rannóg céanna a chuireann comórtas na mbailte slachtmhara ar siúl achan bhliain…i mBéarla. Comórtas nach dtabharann aitheantas ar bith don Ghaeilg agus níl iarracht ar bith a dhéanamh leis an Ghaeilg a chuir chun cinn sa chomórtas sin ach oiread.

    Deotais gan dualgais….

    Coinníoll Ghaeilg don Ghaeltacht.