€1.55m in aghaidh na bliana an bille do thuarastal 21 duine i Roinn an Taoisigh

Ba le déanaí a ceapadh beirt den 21 duine sin, ar cheapacháin pholaitiúla iad, le freastal ar riachtanais na dTeachtaí Dála neamhspleácha sa Rialtas

€1.55m in aghaidh na bliana an bille do thuarastal 21 duine i Roinn an Taoisigh

Tá €1.55 milliún á chaitheamh in aghaidh na bliana ar thuarastal 21 duine i Roinn an Taoisigh, idir chomhairleoirí, chúntóirí agus rúnaithe.

Ba le déanaí a ceapadh beirt den 21 duine sin, ar cheapacháin pholaitiúla iad, le freastal ar riachtanais na dTeachtaí Dála neamhspleácha sa Rialtas.

Tá an bheirt sin, Príomhstraitéisí Chomhghuaillíocht na Neamhspleách agus Comhordaitheoir Polaitíochta na nAirí sa Rialtas, ag tuilleamh €91,000 sa bhliain.

Fágann sin go bhfuil tuarastal chomhairleoirí nua na neamhspleách níos airde ná tuarastal aon duine den cheathrar comhairleoirí speisialta eile i Roinn an Taoisigh – atá ag tuilleamh idir €79,000 agus €87,000 sa bhliain – agus formhór mór den 31 comhairleoir speisialta eile atá ag obair don Rialtas.

Tá beirt de na comhairleoirí speisialta i Roinn an Taoisigh lonnaithe in Oifig an Phríomh-Aoire.

Léiríonn na figiúirí nua seo, a fuair an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, David Cullinane, go bhfuil seisear cúntóirí pearsanta ag obair don Taoiseach féin agus cúigear acu ag tuilleamh idir €65,000 agus €77,000 in aghaidh na bliana. Tá beirt rúnaithe príobháideacha ag an Taoiseach chomh maith.

Tá triúr anois fostaithe i Roinn an Taoisigh mar phreasrúnaithe an Rialtais, Preasrúnaí an Rialtais (€118,00), Leas-Phreasrúnaí an Rialtais (€91,000) agus Preasrúnaí Cúnta an Rialtais (€65,000).

I measc an 21 duine i Roinn an Taoisigh, a bhfuil €1.55 milliún san iomlán in aghaidh na bliana á íoc leo, tá beirt tiománaithe an Phríomh-Aoire agus tiománaí Cheannaire an tSeanaid. Íoctar idir €32,000 agus €34,000 in aghaidh na bliana leis na tiománaithe sin.

Fág freagra ar '€1.55m in aghaidh na bliana an bille do thuarastal 21 duine i Roinn an Taoisigh'