Cuma na maitheasa ar Dhún na nGall agus ar Bhaile Átha Cliath agus iad ag dul chun páirce i gcluichí leathcheannais a gcúigí

Casfaidh Dún na nGall ar An Dún i gcluiche leathcheannais Uladh i gCluain Eois tráthnóna agus cluichí leathcheannais Laighean, idir Áth Cliath agus An Longfort, agus Ceatharlach agus Laois, le n-imirt chomh maith

Cuma na maitheasa ar Dhún na nGall agus ar Bhaile Átha Cliath agus iad ag dul chun páirce i gcluichí leathcheannais a gcúigí
Paddy McBrearty agus Cian Mulligan. Pictiúr: INPHO/Evan Logan

Dún na nGall v An Dún – Cluain Eois, 3.00i.n.

Tar éis d’Fhear Manach an ceann is fearr a fháil ar Mhuineachán an tseachtain seo caite, tá deis iontach anois ag Dún na nGall Craobh Uladh a thabhairt leo den chéad uair ó 2014. Tá cúpla cluiche le buachan roimhe sin áfach agus iad ag dul go dtí Cluain Eois tráthnóna chun An Dún a imirt sa chluiche leathcheannais.

Cé gur díbríodh iad ó Roinn 1 na sraithe níos luaithe i mbliana, bheadh an bainisteoir, Declan Bonner, sásta go maith leis an méid a chonaic sé óna chuid imreoirí i rith an fheachtais sin agus is cinnte go bhfuil siad ag dul go maith sa chraobh go dtí seo. Bhuadar ar Dhoire agus ar An Cabhán chun an babhta leathcheannais a bhaint amach agus meascán maith acu id’mreoirí óga, amhail Michael Langan, Eoghan Bán Gallagher agus Ciarán Thompson, agus fir a bhfuil neart taithí acu, cosúil le Michael Murphy, Frank McGlynn agus Neil McGee.

Chomh maith leis sin, rud eile a thabharfaidh misneach do lucht leanúna Dhún na nGall ná taispeántais Paddy McBrearty go dtí seo i mbliana. Seans gurb é McBrearty an tosach is fearr sa tír faoi láthair. Tá dhá phointe dhéag aimsithe aige do Dhún na nGall sa chraobh go dtí seo agus tá sé thar a bheith deacair é a stopadh nuair a bhíonn sé i mbarr a mhaitheasa.

É sin ráite, tá imreoirí maithe ag an Dún chomh maith. Is lántosach mór láidir é Connaire Harrison, a bhí ar fheabhas i gCraobh Uladh na bliana seo caite, agus beidh an naoscaire beag, Dónal O’Hare taobh leis sa líne lántosach. Is imreoir den scoth é Caolán Mooney chomh maith, fear a chaith seal ag imirt AFL san Astráil, agus bíonn an-tionchar aige ar chluichí ón líne leathchúil.

Bhí bua maith ag an Dún ar Aontroim níos luaithe sa chraobh ach is dúshlán i bhfad níos mó é na Conallaigh a shárú. Mar a chonaic muid le bua gan choinne Fhear Manach an tseachtain seo caite, ní féidir talamh slán a dhéanamh d’aon chluiche i gCúige Uladh ach ba cheart go mbeadh Dún na nGall róláidir sa cheann seo.

Rogha Tuairisc.ie: Dún na nGall

Tosach Átha Cliath, Con O’Callaghan. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Áth Cliath v  An Longfort – Páirc an Chrócaigh, 4.00i.n. (Beo ar RTÉ)

B’iontach an bua a bhí ag An Longfort in aghaidh na Mí i gCraobh Laighean roinnt seachtainí ó shin. Bheadh súil agat gur bhain lucht tacaíochta an chontae lánsult as an toradh sin mar ní bheidh aon sonas i ndán dóibh i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna.

Ó 2013, is deich bpointe an farasbarr is lú a bhí ann i gcluiche idir Áth Cliath agus na foirne a bhí ina gcoinne i gCraobh Laighean. Bíonn na foirne eile sa chúige i gcónaí ag súil nach mbeadh Áth Cliath i mbarr a maitheasa ar an lá nó go mbeidh siad go réchúiseach ina gcur chuige, ach ní tharlaíonn sé. Níor léirigh foireann Jim Gavin trócaire ar bith do Chill Mhantáin níos luaithe sa chraobh nuair a bhuail siad greadadh 23 pointe orthu, 4-25 in aghaidh 1-11.

Mar a tharlaíonn sé, d’aimsigh Áth Cliath 4-25 in aghaidh an Longfoirt an uair dheireanach ar chas na foirne ar a chéile in 2015, agus seans go ndéanfaidh siad scrios arís tráthnóna.

Rogha Tuairisc.ie: Áth Cliath

Darragh O’Brien (Ceatharlach) agus Colm Begley (Laois). Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Ceatharlach v Laois – Páirc an Chrócaigh , 2.00i.n.

Ba cheart go mbeadh iomaíocht níos déine sa chéad chluiche leathcheannais a imreofar i bPáirc an Chrócaigh.

Tá dul chun cinn iontach déanta ag Ceatharlach le cúpla bliain anuas agus is léir sin nuair a smaoiníonn tú nach bhfuil cluiche ceannais Laighean sroichte acu ó 1944. Níl siad ansin fós, áfach, agus caithfidh siad Laois a shárú ar dtús.

Is é seo an tríú cluiche atá imeartha idir na foirne seo i mbliana agus ba iad Laois a thug an lá leo sa dá chluiche eile sin, cluiche i mBabhta 7 na sraithe agus cluiche ceannais Roinn 4 na sraithe.

Cé go bhfuil an-mhuinín ag peileadóirí Cheatharlach faoi láthair, tá sé sin fíor faoi fhir Laoise chomh maith. Mar atá luaite, bhuadar Roinn 4 agus tá Loch Garman agus An Iarmhí sáraithe acu sa chraobh cheana féin. D’fhéadfadh siad an ghaoth a bhaint as seolta Cheatharlach tráthnóna.

Rogha Tuairisc.ie: Laois

Fág freagra ar 'Cuma na maitheasa ar Dhún na nGall agus ar Bhaile Átha Cliath agus iad ag dul chun páirce i gcluichí leathcheannais a gcúigí'