FÍSEÁN: ‘Dúirt mo mháthair nach n-imreodh mé rugbaí go deo!’ – Colm de Buitléar, réalta óg Chúige Chonnacht as an gCeathrú Rua

Labhair imreoir Chúige Chonnacht Colm de Buitléar faoin gcaoi ar thosaigh sé ag imirt rugbaí i nGaeltacht Chonamara agus ar an aidhm atá aige conradh gairmiúil a bhaint amach

FÍSEÁN: ‘Dúirt mo mháthair nach n-imreodh mé rugbaí go deo!’ – Colm de Buitléar, réalta óg Chúige Chonnacht as an gCeathrú Rua

Tá cur síos déanta ag laoch óg rugbaí na Ceathrún Rua Colm de Buitléar ar a óige agus é ag imirt rugbaí sa nGaeltacht agus na dúshláin atá roimhe anois le Cúige Chonnacht i bhfíseán nua atá seolta ag BLOC.

Tá de Buitléar san acadamh le Cúige Chonnacht agus roinnt cluichí imeartha aige d’fhoireann na sinsear i mbliana agus cé go bhfuil a theaghlach ar fad sáite i gcúrsaí rugbaí, deir sé nach raibh gach duine chomh cinnte go ndíreodh sé ar an spórt áirithe sin nuair a bhí sé ina ghasúr.

“Lá amháin, bhí mé amuigh sa ngairdín ag caitheamh liathróid thart agus dúirt mo mháthair, ‘Níl an leaid sin chun rugbaí a imirt go deo’!” arsa de Buitléar.

“An chéad Satharn eile, bhí 60-70 leaids agus cailíní ag imirt rugbaí taobh thiar den scoil agus bhí baint mhór ag m’athair leis sin. Ó shin, tá an Ghaeltacht Rugbaí fós ar bun, chomh maith leis an rugbaí i Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua.”

Bhí de Buitléar páirteach le foireann Scoil Chuimsitheach Chiaráin a bhuaigh craobh Chonnacht den chéad uair riamh in 2016 agus bhí a dheartháir, Eoin, ina chaptaen ar fhoireann na scoile nuair a bhuadar an chraobh sin arís i mbliana.

Ceantar mór peile é an Cheathrú Rua agus cé go ndeir de Buitléar go mb’fhéidir go raibh amhras ar dhaoine faoin rugbaí nuair a cuireadh tús leis, measann sé go bhfuil muintir na háite meallta aige anois.

“Nuair a thosaigh an rugbaí ansin, nuair a bhí mise níos óige, níl a fhios agam an raibh chuile dhuine sásta faoi. B’fhéidir gur thóg sé beagán daoine ó CLG,” arsa fear Chúige Chonnacht. “Anois, sa lá atá inniu ann, ní dóigh liom go bhfuil aon duine á rá sin. B’fhéidir go bhfuil coimhlint ann agus daoine níos óige ach is dóigh liom go dtugann an dá spórt cúnamh dá chéile.”

Agus é san acadamh faoi láthair, tá de Buitléar ag freastal ar OÉ Gaillimh agus deir sé go bhfuil suim sa mhúinteoireacht aige. Níl ar a intinn anois ach dul sa tóir ar chonradh gairmiúil.

“Faoi láthair anois, tá mé san acadamh agus tá mé sa tóir ar an mbrionglóid sin, go mbeinn ag imirt rugbaí go gairmiúil. Tá tú ag cuartú an chonradh sin agus faoi láthair is dóigh, sin í an aidhm is mó atá agamsa.”

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Dúirt mo mháthair nach n-imreodh mé rugbaí go deo!’ – Colm de Buitléar, réalta óg Chúige Chonnacht as an gCeathrú Rua'

  • Emer Ní Ronáin.

    Mór an trua nár lean tú comhairle do mháthar.