Duaiseanna do dhá fhadscannán Gaeilge ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath

'An Cailín Ciúin', a bhuaigh an duais don Scannán is Fearr as Éirinn ag an bhféile scannán i mBaile Átha Cliath agus ghnóthaigh 'Róise & Frank' gradam aisteoireachta don ensemble is fearr.

Duaiseanna do dhá fhadscannán Gaeilge ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath

Bronnadh duaiseanna ar dhá fhadscannán Gaeilge aréir ar oíche dheireanach Fhéile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Virgin Media.

An Cailín Ciúin, a bhuaigh an duais don Scannán is Fearr as Éirinn ó Ciorcal Léirmheastóirí Scannán Bhaile Átha Cliath agus ghnóthaigh Róise & Frank gradam aisteoireachta don ensemble is fearr.

Rinneadh an dá scannán faoin scéim Cine4 a fhaigheann maoiniú ó TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann.

Seo an dara bliain as a chéile ag scannán Gaeilge de chuid Cine4 an duais don Scannán is Fearr as Éirinn a bhuachan ag an bhféile i mBaile Átha Cliath.

Is é An Cailín Ciúin an chéad scannán fada ag an stiúrthóir Colm Bairéad agus ag an léiritheoir Cleona Ní Chrualaoi, ó Inscéal. 

Tá an scannán seo bunaithe ar scéal le Claire Keegan agus rinneadh an scannánú i mBaile Átha Cliath agus i gcontae na Mí. Scéal casta leochaileach é faoi dhuine atá ag teacht in inmhe agus pléitear an teaghlach, an fhaillí agus an chailliúint trí shúile an phríomhcharachtair óig, Cáit (Catherine Clinch).

Bhuaigh An Cailín Ciúin Grand Prix sa rannóg Glúin/Generation  ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Bheirlín an mhí seo caite agus roghnaíodh chun tús a chur le Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath.

Insítear i Róise & Frank scéal Róise (Bríd Ní Neachtain) ar bhásaigh a fear céile  dhá bhliain roimhe réidh.   Tagann madra chuici agus taibhsítear do Róise gurb é Frank atá ann agus é tagtha chun beatha arís. Ceapann a mac (Cillian Ó Gairbhí) go bhfuil sí imithe as a meabhair ar fad,.

Rachael Moriarty agus Peter Murphy a stiúir Róise & Frank, agus Cúán Mac Conghail ó Macalla Teo a léirigh.

Fág freagra ar 'Duaiseanna do dhá fhadscannán Gaeilge ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath'