Duais náisiúnta do thionscnamh staire buaite ag beirt ghasúr as scoil Ghaeltachta

Deir Micheál Ó Máille Príomhoide Scoil Bhriocáin i Ros Muc go bhfuil sé ‘fíorbhródúil’ go bhfuil duais náisiúnta don stair á tabhairt go dtí an scoil chéanna a thug Pádraig Mac Piarais go Conamara an chéad lá riamh

Duais náisiúnta do thionscnamh staire buaite ag beirt ghasúr as scoil Ghaeltachta

Tá an chéad duais buaite ag beirt daltaí as Scoil Bhriocáin, Ros Muc, i gcomórtas náisiúnta ‘The Decade of Centuries’ do bhunscoileanna.

Máirtín Óg Ó Niaidh agus Domhnall Ó Confhaola as Rang a 6 i Scoil Bhriocáin, a thug leo an phríomhdhuais i rannóg ‘Staidéar Áitiúil agus Réigiúnach’ an chomórtais. Tionscnamh taighde faoin luíochán a tharla i Scríob i nGaeltacht Chonamara ar an 8 Aibreán 1921 a bhuaigh an duais don bheirt.

Le linn a gcuid taighde, thug na staraithe óga cuairt ar láthair an luíocháin, atá soir ó chrosbhóthar Scríbe, agus bhailigh siad cuntais éagsúla faoin eachtra ó shaineolaithe na háite, ina measc Máirtín Ó Niadh, Larry Mac Donnacha agus Michael Finnerty.

Cuireadh síos sa taighde, a foilsíodh ar fad i nGaeilge, ar an luíochán a rinne na hóglaigh ar an R.I.C i Scríob agus d’fhiosraigh na daltaí an lorg a d’fhág an eachtra ar an cheantar.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie ar maidin, dúirt Micheál Ó Máille, Príomhoide Scoil Bhriocáin, go raibh sé “fíorbhródúil” as na gasúir.

“Tá muid fíor-fíorbhródúil go deo. Ar ndóigh seo í an scoil a thug Pádraig Mac Piarais go Ros Muc an chéad lá riamh agus tá muid an-bhródúil go bhfuil an traidisiún stairiúil sin agus an tírghrá láidir i gcónaí sa scoil seo agus sa taobh seo tíre,” a dúirt Micheál  Ó Máille

Bronnfar a nduais náisiúnta ar Mháirtín Óg Ó Niaidh agus Domhnall Ó Confhaola ag searmanas speisialta i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh ar an 21 Bealtaine.

Fág freagra ar 'Duais náisiúnta do thionscnamh staire buaite ag beirt ghasúr as scoil Ghaeltachta'