Tá an chéad duais buaite ag beirt daltaí as Scoil Bhriocáin, Ros Muc, i gcomórtas náisiúnta ‘The Decade of Centuries’ do bhunscoileanna.
Máirtín Óg Ó Niaidh agus Domhnall Ó Confhaola as Rang a 6 i Scoil Bhriocáin, a thug leo an phríomhdhuais i rannóg ‘Staidéar Áitiúil agus Réigiúnach’ an chomórtais. Tionscnamh taighde faoin luíochán a tharla i Scríob i nGaeltacht Chonamara ar an 8 Aibreán 1921 a bhuaigh an duais don bheirt.
Le linn a gcuid taighde, thug na staraithe óga cuairt ar láthair an luíocháin, atá soir ó chrosbhóthar Scríbe, agus bhailigh siad cuntais éagsúla faoin eachtra ó shaineolaithe na háite, ina measc Máirtín Ó Niadh, Larry Mac Donnacha agus Michael Finnerty.
Cuireadh síos sa taighde, a foilsíodh ar fad i nGaeilge, ar an luíochán a rinne na hóglaigh ar an R.I.C i Scríob agus d’fhiosraigh na daltaí an lorg a d’fhág an eachtra ar an cheantar.
Ag labhairt dó le Tuairisc.ie ar maidin, dúirt Micheál Ó Máille, Príomhoide Scoil Bhriocáin, go raibh sé “fíorbhródúil” as na gasúir.
“Tá muid fíor-fíorbhródúil go deo. Ar ndóigh seo í an scoil a thug Pádraig Mac Piarais go Ros Muc an chéad lá riamh agus tá muid an-bhródúil go bhfuil an traidisiún stairiúil sin agus an tírghrá láidir i gcónaí sa scoil seo agus sa taobh seo tíre,” a dúirt Micheál Ó Máille
Bronnfar a nduais náisiúnta ar Mháirtín Óg Ó Niaidh agus Domhnall Ó Confhaola ag searmanas speisialta i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh ar an 21 Bealtaine.
Fág freagra ar 'Duais náisiúnta do thionscnamh staire buaite ag beirt ghasúr as scoil Ghaeltachta'