Duais na dea-chúise do Chill Dara le Gaeilge

Bhronn an Crannchur Náisiúnta €100,000 ar fad ar eagraíochtaí éagsúla ag an deireadh seachtaine

Duais na dea-chúise do Chill Dara le Gaeilge

Tá €10,000 buaite ag Cill Dara le Gaeilge, eagraíocht a chuireann an teanga chun cinn i gcontae Chill Dara, ag Gradaim Dea-Chúiseanna an Chrannchuir Náisiúnta.

Tacaíonn an Crannchur Náisiúnta leis an spórt, an oidhreacht, na healaíona agus tionscadail phobail trí na ‘Dea-Chúiseanna’ agus bronnadh €100,000 ar fad ar eagraíochtaí éagsúla ag an deireadh seachtaine.

Tugann Cill Dara le Gaeilge tacaíocht do ghnólachtaí, grúpaí pobail, agus grúpaí óige atá ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid nó a chur chun cinn sa chontae. Ar na himeachtaí a bhíonn á n-eagrú ag an eagraíocht tá ranganna Gaeilge do dhaoine fásta, ciorcail chomhrá, Pop Up Gaeltacht, seimineár pleanála teanga, Féile na Sollán, scéalaíocht do pháistí, club leabhar, agus imeachtaí Sheachtain na Gaeilge sa chontae.

Dúirt Dáithí de Faoite, cathaoirleach Chill Dara le Gaeilge, go bhfuil “obair mhór” déanta ag an eagraíocht sa chontae agus go leanfar ar aghaidh leis an obair sin mar gheall ar chiste an Chrannchuir Náisiúnta.

“Is mór an onóir é do Chill Dara le Gaeilge an t-aitheantas seo a fháil ón gCrannchur Náisiúnta. Táimid fíorbhuíoch de. Is aitheantas é, dáiríre, don obair mhór atá bainte amach ag an bhfoireann, ag an bord stiúrtha agus ag ár n-oibrithe deonacha le blianta beaga anuas. Comhghairdeas le gach duine acu!

“Táimid ag súil go mór le plean teanga nua a fhoilsiú do Chontae Chill Dara i mí na Samhna. Leanfaidh ár gcuid oibre ar aghaidh ag leibhéal pobail, le gnólachtaí atá páirteach inár scéim Gnó Chill Dara agus le Teaghlaigh Chill Dara, ár ngrúpa tacaíochta clainne. Le tacaíocht ón gCrannchur Náisiúnta, rachaimid ó neart go neart,” a dúirt de Faoite.

San iomaíocht i gcatagóir na Gaeilge le Cill Dara le Gaeilge bhí Abair Choláiste na Tríonóide, tionscadal ar thús cadhnaíochta maidir le bogearraí sintéise agus aitheanta cainte; Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loinsigh i nGaeltacht Mhúscraí, ionad cultúir ina gcuirtear spás ar fáil don ealaín, don cheol, do thaispeántas, do cheardlanna agus eile; Muintir Chrónáin i gCluain Dolcáin, ionad cultúir eile a chuireann an teanga agus na healaíona chun cinn san ardchathair; agus Raidió Rí-Rá, an stáisiún cairtcheoil Gaeilge atá dírithe ar dhaoine óga ar fud na hÉireann.

Bronnadh €100,000 ar sheacht n-eagraíocht ag an ócáid a reáchtáladh in Óstán Theach Chill Uasaille i Nás na Ríogh i gCill Dara ag an deireadh seachtaine – €10,000 ar gach buaiteoir sna seacht gcatagóir, €25,000 breise ar bhuaiteoir mór na bliana Hand in Hand, agus €5,000 do bhuaiteoir ‘Laoch na Bliana’, Evelyn Neary ó Cian’s Kennels i Longfort.

Rinne Príomhfheidhmeannach an Chrannchuir Náisiúnta, Cian Murphy, comhghairdeachas le buaiteoirí na ngradam agus dúirt go raibh “éachtaí” bainte amach ag na hainmnithe uilig agus go raibh “tiomantas daingean” acu i bpáirt le chéile chun “áit níos fearr” a dhéanamh d’Éirinn.

“Tá feabhas déanta ag gach duine agaibh ar shaol daoine eile, bíodh sé trí chruthaitheacht a chothú, trí chuimsiú a bhrú chun tosaigh, trí shláine agus folláine a fheabhsú nó tríd an timpeallacht a chosaint, tá difríocht mhór déanta agaibh do shaol daoine eile.

“Meabhraíonn na scéalta atá á gcloisteáil againn anseo anocht go bhfuil na hathruithe seo ní hamháin indéanta ach go bhfuil siad ag tarlú mórthimpeall orainn anseo, anois díreach, a bhuíochas de dhian-obair agus de thiomantas [na n-ainmnithe],” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Duais na dea-chúise do Chill Dara le Gaeilge'

  • Paula

    Tá moladh mór ag dul do Chill Dara le Gaeilge as an obair atá déanta acu go dtí seo. Gura fad buan iad.