Drochíde sa teaghlach – dlí nua chun tacú le híobartaigh

Tá beart fiúntach déanta chun dul i ngleic leis an drochíde teaghlaigh ach ní leor ann féin é...

Drochíde sa teaghlach – dlí nua chun tacú le híobartaigh

Cuirtear tuairisc ar fhoréigean nó drochíde teaghlaigh eile faoi bhráid an PSNI gach 18 nóiméad. Tháinig méadú mór ar lion na gcásanna le blianta beaga anuas. Anuraidh tuairiscíodh 30,000 eachtra agus cinneadh gur choireanna suas lena leath. Dé Luain cuireadh tús le scéim chun cuidiú le daoine an mhí-úsáid sin a sheachaint. An Roinn Cirt i Stormont a sheol An Scéim um Nochtadh Foréigean agus Drochíde Teaghlaigh.

Leagan saincheaptha is ea é de ‘Clare’s Law’ a tugadh isteach i Sasana ceithre bliana ó shin agus in Albain dhá bhliain ó shin. D’eascair an dlí as dúnmharú Clare Wood in 2009. George Appleton, iarpháirtnéir dá cuid a mharaigh í tar éis míonna a bheith caite aige á ciapadh. Ní raibh tuairim ar bith ag Clare Wood ná a muintir gur dhrochídeoir a raibh cúlra foréigneach aige ab ea Appleton. Tar éis a báis, d’éiligh a hathair leasú ar an dlí ionas go mbeifí in ann a theacht ar fhaisnéis chun caidreamh le daoine contúirteacha a sheachaint; a thoradh, Clare’s Law.

Faoin scéim nua beidh sé de cheart ag bean/fear atá ag smaoineamh ar chaidreamh nua a thosú fiafraí den PSNI an bhfuil foréigean nó drochíde ar thaifead an chara nua. Tig le daoine muinteartha nó cairde faisnéis a iarraidh freisin má tá imní orthu faoi iompar nó cur chuige páirtnéara nua.

Bhí géarghá leis an gcéim seo a raibh moill dhá bhliain air ó mhol David Ford é nuair a bhí sé ina Aire Cirt. Bhí a chomharba Claire Sugden ina fhabhar freisin ach chuir an tsáinn i Stormont le bliain agus ráithe isteach ar an obair. Ghlac Rúnaí na Roinne freagracht as an scéim a sheoladh anois, é meáite de go raibh an t-údarás ag státseirbhíseach é a dhéanamh mar go raibh sé sa dréachtphlean rialtais i ndeireadh 2016 agus na múrtha fáilte roimhe i gcomhairliúcháin.

Níl éinne ag rá gur íocshláinte é ar dhrochíde sa bhaile ná, fiú go n-éireoidh leis dúnmharuithe a chosc as éadan, ach táthar cinnte gur féidir leis beatha a shábháil. Áiríonn Women’s Aid go bhfaigheann cúigear ban bás in aghaidh na bliana abhus de bharr foréigin sa teaghlach.

Meastar go maraítear deichniúr sa bhliain ó dheas, breis is dhá chéad le bliain is fiche; is minic a mharaítear páistí in éineacht lena máithreacha. 

Nuair a chloistear faoi ionsaí ar bhean nó dúnmharú mná is é an chéad smaoineamh a ritheann le duine gur dócha nach strainséir a rinne é. Is léir ón staidreamh faoi dhúnmharuithe sa deisceart go raibh aithne ag ochtar as gach deichniúr ban ar na fir a mharaigh iad. Is léir freisin gur pháirtnéirí nó iarpháirtnéirí ab ea leath na ndaoine a bhí ciontach. ’Sé an scéal céanna é abhus. Amanna is céile/athair nár ionsaigh aon duine eile taobh amuigh den teaghlach é an té a mharaíonn; caolseans go ngabhfaidh an Scéim nua seo i ngleic leis sin. Is ar an drochíde mar chleachtas saoil leanúnach atá sí dírithe.

Tá ‘drochídeoirí shrathacha’ nó ‘serial abusers’ mar a thugann na póilíní agus an earnáil chabhrach orthu coitianta. É de nós acu a dhul ó dhuine go duine agus lorg léanmhar á fhágáil ina ndiaidh acu. Go dtí seo ní raibh bealach ar bith ach biadán agus cúlchaint chun a fháil amach an raibh an té a rabhthas ag éirí mór leis tugtha don fhoréigean nó do dhrochíde eile amhail uirísliú, ansmacht nó beaguchtach. Tá cearta dúbailte bronnta faoin scéim nua. Ní hamháin go mbeidh na mná (fir freisin ar ndóigh ach tá drochíde ar mhná níos coitianta) i dteideal eolas a éileamh faoi rún ó na póilíní agus ón stát ach beidh an t-údarás acu sin an t-eolas a sholáthar. Beidh sé ceadmhach an t-eolas a roinnt fiú murar ciontaíodh an t-amhrastach.

Beart fiúntach is ea an scéim seo. Neosfaidh an aimsir cé chomh héifeachtach is a bheidh sí. Ní leor soláthar eolais as féin agus ní mór a chinntiú nach mbeidh moill rómhór ar nochtadh na faisnéise. Tá caint ar 42 lá – is mór an dochar is féidir a dhéanamh i sé seachtaine; ní mór gníomhú ar an toirt i gcásanna áirithe. Caithfear a chinntiú go gcuirfear na hacmhainní riachtanacha ar fáil chun gníomhú go sciobtha. Ansin caithfear a chinntiú go bhfuil seirbhísí tarrthála ar fáil go pras dóibh sin atá i gcontúirt.

Fág freagra ar 'Drochíde sa teaghlach – dlí nua chun tacú le híobartaigh'