Drisiúr Phádraic agus troscán eile as seit Gaeltachta ‘The Banshees of Inisherin’ ar díol

Beidh troscán ón scannán rathúil, a taifeadadh in Inis Mór agus Acaill agus saothair ealaíne eile a rinneadh sa Ghaeltacht ar díol ar ceant an mhí seo chugainn

Drisiúr Phádraic agus troscán eile as seit Gaeltachta ‘The Banshees of Inisherin’ ar díol

Tá troscán agus fearas as seit an scannáin mhóir The Banshees of Inisherin, a rinneadh sa Ghaeltacht, le cur ar ceant go luath.

Tá drisiúr leathan dearg ón 19ú céad a bhí le feiceáil sa chistin i dteach Phádraic (Colin Farrell) sa scannán rathúil, a taifeadadh in Acaill agus Inis Mór, i measc na dtroscán a bheidh ar díol ag ceant d’earraí dúchasacha atá á reáchtáil ag an chomhlacht ceantálaithe Adam’s i mBaile Átha Cliath.

€3,000 – €4,000 atá luaite leis an drisiúr dearg ó scannán Martin McDonagh agus é ar cheann de na hearraí is daoire sa cheant ag muintir Adam’s a bheidh ar siúl an mhí seo chugainn.

Tá dhá phictiúr tírdhreacha ‘le tithe sa stíl shoineanta’ a bhí crochta i dteach Choilm (Brendan Gleeson) ar díol chomh maith.

Ar na hearraí eile ón scannán, a bhí ainmnithe do ghradam Oscar, tá bosca péinteáilte péine le haghaidh sceana, bior rósta péine, cófra brídeoige, leaba insínte phéine, a bhfuil €1,200 – 1,500 á lua léi, agus cófra péinteáilte agus leaba thristéil folaithe istigh ann (€1,500 – 2,000).

Ar na hearraí eile seachas na hearraí ón scannán a bheidh ar díol, tá pictiúr leis an ealaíontóir Gaeltachta James Dixon. Tá €6,000- €8,000 luaite leis an saothar sin ó 1967, An Fathach Muldoon ag an mBaile Thiar, Oileán Thoraí.

€5,000 – 7,000 atá luaite le saothar ola ar chanbhás le Maurice C. Wilks (1910-1984). ‘Taobh Istigh’, Conamara, Contae na Gaillimhe.

€500 – €800 atá luaite le mionsamhail de churach trí sheas le ceithre mhaide rámha atá déanta as adhmad ruaimnithe agus péinteáilte. As bailiúchán príobháideach i gConamara atá an curachín beag, a deirtear.

Ar an 12 Aibreán a bheas an ceant ar siúl, an chéad cheant d’earraí dúchasacha de chuid na hÉireann ag James Adam i mBaile Átha Cliath.

Catagóir nua é seo ag na ceantálaithe seo, agus beidh troscán is feisteas tí, ealaíona, earraí ceardaíochta is criadóireachta ar díol ann chomh maith le hearraí eile a shantaíonn bailitheoirí.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Stuart Cole, Stiúrthóir chomhlacht ceantálaithe Adam’s, go raibh “cuid mhór” den troscán a bheidh ina gceant d’earraí dúchasacha mar chuid de sheit The Banshees of Inisherin.

“Má tá an scannán feicthe agat, d’aithneofá rudaí amhail an drisiúr mór agus an suíochán i gcistin Pháraic agus go leor earraí eile ón scannán. Rinne lucht an scannáin an-iarracht earraí dúchasacha a aimsiú agus tá sé sin le feiceáil go soiléir.

“Tá beagnach scór earraí ar fad ón scannán ar díol sa cheant, earraí measartha mór atá i gceist.”

Dúirt Cole gur tháinig an troscán agus na hearraí eile atá le feiceáil i scannán Martin McDonagh ó bhailitheoir amháin a chuireann prapaí ar fáil do scannánóirí.

“Cuid mhaith den troscán a bhí le feiceáil i The Banshees is óna bhailiúchán pearsanta a tháinig sé. Tá aithne mhaith agam ar an mbailitheoir áirithe seo agus dúirt mé leis go raibh ceant d’earraí dúchasacha á reáchtáil againn. Cheap sé gur am maith a bheadh ann na hearraí a dhíol toisc an oiread suime sa scannán.”

“I measc na n-earraí eile a bheas ar díol tá seanchros ó aimsir na bpéindlíthe, atá ar an gceann is sine dá bhfaca mé riamh ar díol. Tá earraí airgid agus gloine ar díol chomh maith le rudaí a rinneadh go háitiúil, go minic le hábhar a bhí ar fáil go héasca.”

Dúirt Cole go bhfuil borradh tagtha faoin tsuim atá ag daoine sna hearraí dúchasacha le cúpla bliain anuas.

“Fuarthas réidh le go leor de na hearraí seo mar nach raibh meas ag daoine orthu ach le cúpla bliain anois tá suim ag méadú sna hearraí dúchasacha seo. Bhíodh gnó faoi leith dóibh agus dearadh iontach simplí i gceist leo,” a dúirt Stuart Cole.

Fág freagra ar 'Drisiúr Phádraic agus troscán eile as seit Gaeltachta ‘The Banshees of Inisherin’ ar díol'