Draíodóir focal ab ea John Prine, duine de mhórchumadóirí na linne

B’iad na hamhráin ab fhearr, a dúirt John Prine in agallamh amháin, na cinn a thagann chugat amhail is gur brionglóidí iad

Draíodóir focal ab ea John Prine, duine de mhórchumadóirí na linne

Bhí John Prine, a bhí buailte ag Covid-19 agus a bhásaigh san ospidéal in Nashville Mheiriceá Dé Máirt seo ciate, ar dhuine de mhóramhránaithe agus de mhórchumadóirí amhrán na linne.

Bhí sé 73 bliain d’aois.

Le 50 bliain anuas bhain sé cáil amach agus thuill sé ómós dá chuid amhrán agus é molta go hard ag leithéidí Bob Dylan, Emmylou Harris agus Bruce Springsteen. Bhí Joan Baez ar dhuine den dream a chan amhráin dá chuid ar an idirlíon le hugach a thabhairt dó fhad is a bhí sé tinn san ospidéal.

I mí Eanáir seo caite bronnadh gradam saoil Grammy air agus ba é an chéad amhránaí agus cumadóir ar tugadh cuireadh dó labhairt faoina shaothar agus é a chur i láthair os comhair slua i Leabharlann na Comhdhála (Library of Congress) in Washington, ach thairis sin ar fad bhí lucht éisteachta dílis aige ar fud na cruinne.

Rugadh John Prine in Maywood, bruachbhaile de chuid Chicago, i 1946. Ba as Kentucky a thuismitheoirí agus chaitheadh sé cuid dá óige ar cuairt ar a ghaolta sa stát sin. Bhí an-spéis ag a athair sa cheol tíre agus nuair a fuair John a chéad ghiotár chanadh sé amhráin le Hank Williams, Jimmie Rodgers agus daoine nach iad dá athair sa chistin sa mbaile. Chaith Prine tamall ar seirbhís mhíleata le harm Meiriceá sa nGearmáin sna 1960idí agus ina dhiaidh sin d’oibrigh sé mar fhear an phoist i Chicago ar feadh sé bliana.

Le linn dó bheith ag casadh i gclubanna in Chicago a chuala Kris Kristofferson é den chéad uair. Bhí Kristofferson an-tógtha le hamhráin Prine agus chuidigh sé leis conradh a dhéanamh le Atlantic Records, a d’eisigh a chéad albam sa mbliain 1971. Ar an gceirnín sin bhí roinnt de na hamhráin ba chumhachtaí a scríobhadh le fada an lá: Sam Stone, Paradise, Angel from Montgomery, Hello in There agus Donald and Lydia.

Bhí John Prine ina dhraíodóir focal. Bhí ar a chumas atmaisféar a chruthú agus scéal a insint i gcúpla rann. Bhí féith an ghrinn ina chuid liricí freisin. Is iad na hamhráin is fearr, a dúirt sé féin in agallamh amháin, na cinn a thagann chugat amhail is gur brionglóidí iad.

Bhí ceangal láidir ag John Prine leis an tír seo agus le Gaillimh, ach go háirithe, mar go gcaitheadh sé féin agus a bhean, Fiona Whelan Prine, seal i gCinn Mhara chuile bhliain. Bhíodh John ag casadh ó am go ham i dteach tábhairne Greens ar an mbaile.

Is as Ard an Rátha i nDún na nGall do Fiona Whelan Prine ó dhúchas agus ba í a bhí ina bainisteoir aige le blianta beaga anuas. Chasadar ar a chéile den chéad uair i mBaile Átha Cliath i 1988 agus phósadar in Nashville i 1996 agus rugadh beirt mhac dóibh – Tommy agus Jack. Chasadh Prine ag Féile Ealaíne na Gaillimhe agus le gairid chas sé i Seapoint i mBóthar na Trá agus é ar camchuairt timpeall na tíre in Aibreán 2017. Chas sé in Amharclann Halla na Cathrach i nGaillimh i Lúnasa na bliana chéanna.

In agallamh a foilsíodh san Irish Times trí bliana ó shin, dúirt sé gur thug sé cuairt ar iarthar na hÉireann den chéad uair i lár na 1980idí agus go ndeachaigh an ceantar i gcionn go

mór air. Chuir sé Kentucky i gcuimhne dhó agus dúirt sé: “The Ireland of 30 or 40 years ago is still imprinted on my mind. I really fell in love with the place.”

Kentucky a spreag ‘Paradise’, ceann de na hamhráin is cáiliúla le John Prine:

When I die let my ashes float down the Green River,

Let my soul roll on up to the Rochester Dam,

I’ll be halfway to Heaven with Paradise waiting,

Just five miles away from wherever I am.

Fág freagra ar 'Draíodóir focal ab ea John Prine, duine de mhórchumadóirí na linne'