Draíocht Anna Mieke, cumas Jeremy Renner agus na Dúchrónaigh i scoil Ros Muc

Sa cholún nua seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh

Draíocht Anna Mieke, cumas Jeremy Renner agus na Dúchrónaigh i scoil Ros Muc

CEOL

Draíocht i ndomhan Anna Mieke

For a Time
Anna Mieke

Agus a halbam nua á fhógairt aici níos luaithe an tseachtain seo, d’eisigh an ceoltóir Éireannach Anna Mieke singil nua dar teideal ‘For a Time’, agus más aon léiriú é ar an méid a bheidh le cloisteáil ar an albam féin, cnuasach draíochtúil a bheidh ann a mheallfaidh éisteoirí nach bhfuil faoi gheasa ag an gceoltóir óg cheana.

Péintéireacht atá san amhrán, ina gcruthaítear suíomh álainn aislingeach – brothall an tsamhraidh, teach gloine ag cur thar maoil le linn tonn teasa Lúnasa, linn snámha ar thailte seantí nach bhfuil duine ná deoraí ann – áit ina raibh tú cheana, i mbrionglóid b’fhéidir. Dar le hAnna Mieke féin go bhfuil domhan ar leith cruthaithe aici ar an albam seo ar féidir le héisteoirí éalú chuige, agus is mór is fiú cuairt a thabhairt air.

Eiseofar an t-albam Theatre ar an 18 Samhain 2022. Tá na singil ‘Twin’ agus ‘For Time’ le cloisteáil ar na gnáthardáin cheoil, agus ar YouTube.

Emma Ní Chearúil

TEILIFÍS

Renner ar fheabhas in ‘The Mayor of Kingstown’

The Mayor of Kingstown
Paramount +

Bhí The Mayor of Kingstown i measc na saothar a bhí ar an suíomh sruthaithe Paramount+ nuair a seoladh é i mí an Mheithimh. 

Agus Jeremy Renner ina cheann feadhna tugann an tsraith seo cuntas ar eachtraí sa chathair phríosún ficseanúil Kingstown. Cuirtear in iúl dúinn go bhfuil seacht bpríosún in abhantrach na cathrach le tuairim is 20,000 duine i ngéibheann iontu. Tá geilleagar na cathrach ag brath go mór ar an tionscal sin agus 40,000 fostaithe sa chóras. Tá muintir McLusky ina measc, ach is dream ar leith iad Mitch (Kyle Chandler) agus Mike (Renner).  

Feidhmíonn siad mar idirghabhálaithe neamhoifigiúla idir na póilíní/gardaí príosúin agus na coirpigh is a muintir. Dea-chaidreamh le cách acu, muinín ag cách astu. Déanann siad an tsíocháin a choimeád agus an dlí á lúbadh acu. Cumhacht faoi leith acu agus ní haon iontas go bhfuil méara an teidil baiste ar Mitch. 

Tá casadh gan choinne sa chéad ghála a chuireann an lasair sa bharrach. Ní chuireann an tsraith aon fhiacail sa léiriú a dhéantar ar bhrúidiúlacht agus caimiléireacht na bpóilíní agus meabhraítear dúinn i rith an ama gur tionscal í an phríosúnacht seachas cuid den chóras dlí agus cirt. Taispeántas iontach ó Renner agus cabhair bhreá aige ó leithéidí Aidan Gillen na hÉireann. Deich gclár atá sa tsraith agus tá an dara séasúr ar na bioráin cheana féin. 

Breandán M Mac Gearailt

LEABHAR

Bhí mé ocht mbliana d’aois nuair a tháinig na Black ‘n’ Tans isteach sa scoil

Fréamhacha na Saoirse i gConamara Thiar 1920 – 1921
Curtha in eagar ag Micheál Ó Máille

Leabhar pobail nua é Fréamhacha na Saoirse i gConamara Thiar 1920 – 1921 atá curtha i dtoll a chéile ag Micheál Ó Máille, Príomhoide Scoil Náisiúnta Bhriocáin ar an nGort Mór i Ros Muc agus é foilsithe faoi choimirce na scoile.

Bhí páirt ag iarscoláirí SN Bhriocáin i gcogadh na saoirse, an duine ab aitheanta acu is dóigh ná Colm Ó Gaora, a bhí ina cheannasaí ar chraobh Ros Muc d’Óglaigh na Éireann is a scríobh faoina shaol ina dhiaidh sin sa leabhar Mise. Tá gaolta leis fós ina gcónaí i Ros Muc.

Tá an-obair déanta sa leabhar seo le tuairiscí comhaimseartha, seanchas agus scéalta pearsanta a chruinniú le chéile le pictiúr a tharraingt den lámh a bhí ag muintir Ros Muc agus Chonamara Thiar i gcogadh na saoirse.

Déantar cur síos ar mhóreachtraí a tharla sna blianta idir 1920 agus 1921, chomh maith le tagairtí do na heachtraí cinniúnacha sna blianta roimh ré. Tá grianghraif ann de roinnt na daoine atá luaite sa leabhar agus de na háiteanna inar tharla na heachtraí. Sa gcás go raibh fáil orthu tá grianghraif ann de na láithreacha cinniúnacha a tógadh ag an am agus iad curtha le taobh pictiúir a tógadh le blianta beaga anuas.

Ceann de na gnéithe is sainiúla den leabhar ná na míreanna a scríobh scoláirí Scoil Náisiúnta Bhriocáin an lae inniu agus iad ag cur a dtuairimí faoin méid a tharla sa gceantar céad bliain ó shin i láthair. Ba dheacair gan cuimhneamh siar ar na scoláirí a bhí sa scoil céad bliain ó shin agus ar an lá ar tháinig na Dúchrónaigh isteach ag tóraíocht an phríomhoide agus iad ag cur sceimhle ar na gasúir.

Tá tuairisc ó dhuine de na scoláirí sin san áireamh sa leabhar. Is í Nóra Uí Mhainín, a bhí ina scoláire ag an am, a rinne cur síos ar an eachtra agus í faoi agallamh ag Máirtín Tom Sheáinín ar Raidió na Gaeltachta.

Bhí mé ocht mbliana d’aois nuair a tháinig na Black ‘n’ Tans isteach sa scoil. Chuaigh an máistir amach tríd an bhfuinneog agus ní raibh a fhios againn cén fáth a ndearna sé é sin, ach is dócha go bhfuair sé scéala go raibh na Tans ar an mbealach agus gur éalaigh sé suas an cnoc uathu. 

Leabhar an-spéisiúil atá ann a thugann achoimre ar chaibidil chinniúnach den stair áitiúil agus stair na ndaoine agus é i gcomhthéacs eachtraí móra na tíre.

Bridget Bhreathnach

Fág freagra ar 'Draíocht Anna Mieke, cumas Jeremy Renner agus na Dúchrónaigh i scoil Ros Muc'