Domhnach na Fola – Díomá arís ar na gaolta agus iad fós ar thóir na córa

Baineadh an ceirín de chneá mhuintir na ndaoine a maraíodh i nDoire ar an 30 Eanáir 1972 inniu

Domhnach na Fola – Díomá arís ar na gaolta agus iad fós ar thóir na córa

B’fhada fada iad ag fanacht. Bhí na daoine a rinne a mbealach ó Thaobh an Bhogaigh chun bualadh le Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí maidin Déardaoin dóchasach.

Shíl siad agus go leor nach iad go bhfaigheadh muintir Dhomhnach na Fola nuacht stairiúil a thabharfadh a bhfeachtas sa tóir ar an gceart gar do cheann scríbe. Bhí súil acu go gcloisfidís go gcuirfí triúr nó ceathrar saighdiúirí ar a dtriail as dúnmharuithe ar an 30 Eanáir 1972. Maraíodh 13 duine neamharmtha agus goineadh 15 nuair a scaoil Arm na Breataine le slua a bhí ag máirseáil ar son cearta sibhialta; fuair duine den 15 bás níos deireanaí an bhliain sin.

I ndiaidh na n-imeachtaí i nDoire inniu nuair a fógraíodh go gcúiseofaí saighdiúir amháin as dúnmharú beirte agus as iarrachtaí chun ceathrar eile a dhúnmharú tá dúshlán cúirte ar na bacáin agus go leor ag rá go gcaithfear leanúint leis feachtas ar son an chirt. Baineadh an ceirín de chneá cuid mhór inniu.

Ba dheacair áibhéil a dhéanamh faoin díomá a bhí ar na teaghlaigh. Ar láimh amháin b’aitheantas dóibh go léir agus dearbhú ar a gceart é an cinneadh go gcúiseofaí  ‘Saighdiúir F’. B’údar sásaimh é sin. Cuirfear i leith ‘F’ gur dhúnmharaigh sé James Wray, 22, agus William McKinney, 27, agus go ndearna sé iarracht Joseph Friel, Michael Quinn, Joe Mahon agus Patrick O’Donnell a dhúnmharú. Ar an lámh eile, ba bhuille trom do dhaoine eile é nach raibh éinne le cúiseamh as marú a ndeartháir, athar nó a seanathar.

Dúirt Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí Thuaisceart Éireann Stephen Herron go raibh sé sásta go raibh dóthain fianaise ann leis an saighdiúir ‘F’ a chúiseamh ach nach raibh i gcásanna eile. Ní fhéadfaí glacadh i dtriail choiriúil le faisnéis a fuarthas i bhfiosrú poiblí an Tiarna Saville, a dúirt sé. Thairis sin bheadh an dualgas níos déine maidir le cruthúnas ag teastáil i gcúirt choiriúil ná mar a bheadh i gcás Binse Fiosraithe, ar sé. Bíonn cruthúnas thar amhras réasúnach riachtanach i gcúirt choiriúil, critéar nár ghá do Bhinse an Tiarna Saville a chomhlíonadh.

Ba é Binse Fiosraithe an Tiarna Saville an fiosrú poiblí ba chostasaí agus ab fhaide riamh. Chinn Saville gur scaoil na saighdiúirí le daoine gan chúis agus gan iad féin a bheith i gcontúirt. Lá stairiúil ab ea an 15 Meitheamh 2010 nuair a d’fhógair sé a bhreithiúnas. Mar a tharla inniu bhí na sluaite de mhuintir na cathrach bailithe i gCearnóg an Guildhall an lá sin lena dtacaíocht do na teaghlaigh a léiriú. Lá dá saol ab ea é, go hairithe nuair a chonaic siad ar scáileán mór Príomh-Aire na Breataine, David Cameron ag gabháil leithscéil as an éagóir, é ag fógairt go raibh na maruithe dochosanta agus gan údar. Glanadh cáil na marbh an lá sin agus cuireadh ar ceal go deo an bhréag agus an clúmhilleadh a rinne fiosrú Widgery orthu i 1972. Chosain Widgery na saighdiúirí agus dúirt gur fhir ghunna iad na mairbh.

38 bliain a thóg sé go n-aithneofaí go poiblí go raibh na daoine a maraíodh ar an 30 Eanáir 1972 neamhchiontach. Inniu, 47 bliain i ndiaidh mharú James Wray, d’fháiltigh a dheartháireacha roimh chúiseamh an tsaighdiúra ‘F’. ach bhí brón orthu nárbh amhlaidh an scéal ag na daoine eile ar maraíodh a muintir. Sheas muintir Wray lena gcomharsana go teann. Bhí triúr fear a raibh muiríní móra orthu i measc na marbh. Bhí seisear clainne ar Patrick Doherty, 31, ochtar clainne ar Gerard McKinney, 35, agus seisear ag Barney McGuigan, 41. Bhí seisear de na mairbh seacht mbliana déag, bhí duine acu 19, bhí duine acu, Jim Wray 22 agus bhí duine eile acu 27. Bhí John Johnston a fuair bás níos deireanaí 59 bliain d’aois.

Chomh maith leis na teaghlaigh sin go léir agus an 14 eile a gortaíodh tharla an t-uafás os comhair na sluaite ar shráideanna Thaobh an Bhogaigh. Bhí tionchar ag an sléacht i bhfad is i gcóngar. Ba í an eachtra agus ceilt na fírinne ina diaidh an ‘sáirsint’ ba rathúla i mbun earcaíochta a bhí riamh ag Sealadaigh an IRA. Ón lá sin amach, threisigh ar an bhforéigean as go dtí sos comhraic na nóchaidí. Cé gur feachtas síochánta dlíthiúil atá ó mhuintir na marbh, ach ní féidir neamhshuim a dhéanamh den bhaol go mbainfeadh easaontóirí poblachtacha leas as an bhfógra seo inniu chun trioblóid a chothú.

Ar an taobh eile den scéal, tá roinnt aontachtaithe míshásta faoi chúiseamh an tsaighdiúra.

Is léir nach mian leis an mbunaíocht i Londain, idir lucht míleata agus pholaiteoirí, go gcúiseofaí saighdiúirí as eachtraí stairiúla. Tá athraithe ar an dlí á tuar ag an státrúnaí Cosanta, Gavin Williamson chun stop a chur lena leithéid. An Roinn Cosanta féin a íocfaidh as cosaint ‘Saighdiúir F’ sa chúirt. Gan dabht, tá sé sin dlite dó más ag comhlíonadh orduithe a bhí sé.

Sin ceist amháin nár freagraíodh as liosta le háireamh ceisteanna faoi stair na dTrioblóidí nár freagraíodh.

Tá an teip a dhul i ngleic le hoidhreacht na dTrioblóidí ag croí an scéil i gcónaí.

Fág freagra ar 'Domhnach na Fola – Díomá arís ar na gaolta agus iad fós ar thóir na córa'