‘Doicheall mór ar an AE roimh shíneadh ama eile ar an mBreatimeacht’ – Varadkar

Dúirt an Taoiseach go bhfeictear dó nach gcuirfear síneadh ama eile leis an mBreatimeacht ach amháin sa chás go mbeadh olltoghchán nó reifreann eile sa Bhreatain

‘Doicheall mór ar an AE roimh shíneadh ama eile ar an mBreatimeacht’ – Varadkar

Tá ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar go bhfuil “doicheall mór” ar an AE roimh shíneadh ama eile ar an mBreatimeacht a thabhairt don Ríocht Aontaithe.

Dúirt an Taoiseach go bhfeictear dó nach gcuirfear síneadh ama eile leis an mBreatimeacht ach amháin sa chás go mbeadh olltoghchán nó reifreann eile sa Bhreatain.

Dúirt an Taoiseach an méid sin inniu i ndiaidh dó cruinniú a bheith aige le príomh-idirbheartaí Breatimeachta an AE Michel Barnier.

“Cé go bhfuil foighne an domhain agamsa tá briste ar fhoighne cuid de mo chomhghleacaithe leis an Ríocht Aontaithe agus tá siad go mór i gcoinne síneadh ama eile,” arsa an Taoiseach.

Dúirt Varadkar go raibh an tAE ag seasamh i gcónaí le hÉirinn maidir le ceist an Bhreatimeachta. 

Is é cás na teorann in Éirinn agus ceist an chúlstop an t-údar is mó ag feisirí parlaiminte in Westminster diúltú go n-uige seo don mhargadh Breatimeachta a d’aontaigh Theresa May leis an AE.

Is í ceist an Bhreatimeachta an t-ábhar cainte is mó i dtoghchán ceannaireachta na dTóraithe atá á reáchtáil faoi láthair le teacht ar chomharba May.Tá ráite ag beirt den triúr atá fágtha sa rás sin, Michael Gove agus Jeremy Hunt, nach gcuirfidís síneadh ama eile ar an mBreatimeacht as an áireamh dá mba ghá a leithéid chun bailchríoch a chur ar mhargadh.

Tá ráite ag Boris Johnson, atá i bhfad chun tosaigh i rás na dTóraithe, go bhfuil sé meáite air go bhfágfadh an Bhreatain an AE faoi Shamhain.

Inné, dúirt Dominic Raab, an t-iar-rúnaí Breatimeachta, gur fhéach Johnson sa dá shúil air agus gur gheall sé dó go gcuirfeadh sé an Breatimeacht i bhfeidhm faoi Shamhain, ba chuma margadh a bheith déanta nó gan aon mhargadh a bheith déanta.

Deir daoine eile nach bhfuil aon gheallúint chinnte phoiblí tugtha ag Johnson i dtaobh na ceiste seo agus gur duine luaineach go maith é nárbh náir leis a intinn a athrú dá mba ghá.

Tuairiscítear chomh maith go bhfuil teachtaireachtaí éagsúla tugtha ag Johnson do dhaoine éagsúla ina pháirtí, ag brath ar dhearcadh na ndaoine sin faoin mBreatimeacht.

157 vóta, nó 50% den iomlán, a fuair Johnson sa bhabhta vótála is déanaí agus socrófar le babhta eile vótála tráthnóna cé acu Jeremy Hunt nó Michael Gove a bheidh á fhéachaint leis do cheannaireacht an pháirtí. 

Chun go gcuirfí síneadh ama eile leis an mBreatimeacht chaithfeadh an Ríocht Aontaithe iarratas a dhéanamh ar a leithéid agus chaithfeadh an 27 ballstáit an t-iarratas sin a cheadú d’aon ghuth.

Fág freagra ar '‘Doicheall mór ar an AE roimh shíneadh ama eile ar an mBreatimeacht’ – Varadkar'