‘Dochtúir’ a bhfuil saineolas ‘acu’ seachas ‘aige nó aici’ le moladh i bhfoclóir nua Gaeilge

Tá lucht na bhfoclóirí nua ag moladh bealach ‘i bhfad níos slachtmhaire’ le cur síos a dhéanamh ar dhuine nach eol cén inscne atá aige nó aici

‘Dochtúir’ a bhfuil saineolas ‘acu’ seachas ‘aige nó aici’ le moladh i bhfoclóir nua Gaeilge

Tá úsáid forainmneacha iolra i gcásanna ina bhféadfadh fear nó bean a bheith i gceist le moladh sa bhfoclóir nua Gaeilge-Gaeilge.

Seachas a bheith ag caint feasta ar dhochtúir ‘a bhfuil saineolas aige nó aici ar..’, táthar ag moladh go ndéarfaí “dochtúir a bhfuil saineolas acu ar …”.

Deir lucht na bhfoclóirí nua atá idir lámha ag Foras na Gaeilge gur bealach “i bhfad níos slachtmhaire” a bheidh anseo le cur síos ar dhuine nach eol cén inscne atá aige nó aici.

Go deimhin, tá an treoir nua á tabhairt mar mhalairt ar fhrásaí ar nós ‘aige nó aici’, ‘sé nó sí’ agus ‘air nó uirthi’.

Sa treoir stíle reatha do na foclóirí nua Gaeilge, moltar forainmneacha iolra, seachas forainmneacha uatha, a bheadh firinscneach nó baininscneach de réir inscne ghramadaí na n-ainmfhocal, a úsáid nuair is do theidil ghairme nó d’ainmfhocail eile atáthar ag tagairt agus gan fios an fear nó bean, buachaill nó cailín, atá i gceist.

Chuir lucht na bhfoclóirí nua roinnt samplaí ar fáil do Tuairisc den athrú suntasach seo:

  • Duine arb é an post atá acu ná …
  • Duine a thugann roinnt dá gcuidfola …
  • Óráid i ndráma ina labhraíonn aisteoir leo féin …
  • Feirmeoir a bhfuil feirm bheag acu

Deir urlabhraí ó na foclóirí nua le Tuairisc go bhfuil cúpla cúis leis an gcinneadh eagarthóireachta seo – soiléireacht agus dílseacht do chaint na ndaoine.

“Is bealach i bhfad níos slachtmhaire é ná coinbhinsiúin eile atá in úsáid sna cásanna seo, mar shampla, ‘má aontaíonn sé nó sí leis sin’, ‘má aontaíonn sé/sí leis sin’, ‘má bhíonn moill air/uirthi’, ‘cibé áit a bhfuil sé/sí ina c(h)ónaí’, ‘seolfar admháil chuigesean nó chuicise’, ‘ag brath ar a aois nó a haois’, ‘ag brath ar a (h)aois’…

“Tá úsáid an fhorainm iolra ag teacht i gcúrsaíocht go láidir agus go nádúrtha sa ghnáthchaint sa Ghaeilge nuair a bhítear ag tagairt do na teidil ghairme nó do na hainmfhocail seo.”

Le daoine amháin a bhaineann an treoir seo, a deir an t-urlabhraí.

“I gcás ainmhithe srl, ba cheart cloí le hinscne ghramadaí an ainmfhocail/fhrása ainmfhoclaigh, seachas nuair is léir ón chomhthéacs gur d’ainmhí fireann nó baineann go sonrach atáthar ag tagairt, mar shampla, ‘é’ le haghaidh eilifint fhireann nó ‘í’ le haghaidh asal baineann,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Dochtúir’ a bhfuil saineolas ‘acu’ seachas ‘aige nó aici’ le moladh i bhfoclóir nua Gaeilge'

  • Criostóir Mac Cárthaigh

    ‘Feirmeoir a bhfuil feirm bheag acu’: an bhfuil sé sin níos ‘slachtmhaire’ (faoi mar a deir lucht an fhoclóra) ná ‘Feirmeoir a bhfuil feirm bheag aige nó aici’? Tá an chuma ar an gcéad abairt go bhfuil an ghramadach á cur as a riocht inti, dar liom!

    B’fhéidir go bhfuil cúiseanna eile ann le forainmneacha iolra a úsáid i gcásanna dá leithéid ach ní fheictear domsa go bhfuil siad níos ‘slachtmhaire’ ná na forainmneacha inscneacha…

  • Cantalach

    Measaim gur ceart do dhuine a bheith in ann a chuid/a cuid/a ccuid (sic) forainmneacha a roghnú ach ní haon roghnú atá i gceist anso. B’fhearr liomsa úsáid a bhaint as sean-fhorainmneachaibh an neodair chun na faidhbe seo a réiteach (le foclaibh/gramadach nua a chruthú más gá).

    Is dochtúir ea.

    Duine deas is ea é/í -> duine ndeas is ea ea.

    Nílim cinnte, ach sílim gurbh fhearr le duine a chreideann nach fear ná bean EA, “ea” a úsáid i n-áit “iad”. Creidid na daoine sin nach fir ná mná atá iontu ach táim cinnte ná creideann duine ar bith acu gur níos mó ná duine amháin atá ann/inti/inea(?).

    Is ollmhór an difríocht atá ann idir rud coigríoch atá mícheart in iomlán agus rud éigint eile a bhíodh ceart ach ná fuil ceart fé láthair nó rud fíor-nua ná raibh mícheart riamh. B’fhearr liom athruithe Gaelacha ná an teanga a thruailliú le tuilleadh Béarlachas (an Ghaelainn a chur ar “they, them, their, 7rl” san uimhir uatha).

    Tá an teanga ag titim as a chéile (agus i bhfad níos deacra le foghlaim) mar gheall ar na hamadánaibh thuas i mBÁC agus a gcuid nua-litrithe/gramadaí.

  • Antóin

    ‘Soiléireacht agus dílseacht do chaint na ndaoine’ na cúiseanna a luaitear leis an gcinneadh eagarthóireachta seo –.’ agus

    “Tá úsáid an fhorainm iolra ag teacht i gcúrsaíocht go láidir agus go nádúrtha sa ghnáthchaint sa Ghaeilge nuair a bhítear ag tagairt do na teidil ghairme nó do na hainmfhocail seo.”

    Cá bhfuil na daoine seo a úsáideann forainmneacha iolra i gcásanna mar seo, sa ghnáthchaint ? Is túisce a d’úsáidfidís foirm iolra an ainmfhocail dar liom.

    Tá an ceart ag Críostóir Mac Cárthaigh thuas: tá an ghramadach mar a múineadh é go dtí seo á cur as a riocht.

    Nach bhféadfaí ‘ag brath ar aois an duine’ a scríobh in áit ‘ag brath ar a aois nó a haois’, ‘ag brath ar a (h)aois’… ( ag brath ar an chomhthéacs ar ndóigh)

    Nach bhféadfaí ‘má aontaíonn daoine leis sin’ a scríobh in áit ‘má aontaíonn sé nó sí leis sin’ nó ‘má aontaíonn sé/sí leis sin’, cé nach bhfuil an dá leagan sin míshlachtmhar dar liom.

    Agus maidir le ‘duine a thugann roinnt dá gcuid fola’, más Dracula an duine atá i gceist, ghlacfainn leis!

  • Christina Chen

    Bhí sé ceart go leor go dtí gur chuir siad na samplaí ar fáil. Tá na samplaí sin … an-chonfusing ar fad.

  • Indrek Ois

    I gcead do lucht an fhoclóra, b’fhéidir go mbeadh bua na simplíochta ag a leithéid de riail, ach níl aon slacht ag baint leí beag ná mór. Ní gá a bheith ag déanamh aithrise ar an mBéarla an t-am ar fad, go háirithe ar na gnéithe is gránna de, an gá…? :(

  • Seán Mag Leannáin

    Ní hamháin go bhfuil an ghramadach á cur as a riocht – tá an teanga á cur as a riocht.

  • P. Ó Máille

    Buile eile don teanga a bhfuil cois san uaigh aici cheana fhéin. Ní thuigim cén t-údar atá le rudaí mar seo a athrú. Lucht na bhFoclóirí ag baoiteáil le rudaí fánacha nach bhfuil gá leo a athrú agus ag simpliú na teanga lena í a chur in oiriúint don Bhéarla.

  • Máirtín

    “chaint na ndaoine”

    Caint na mBéarlóirí.

    Caint na bhfoghlaimeoirí.

    Ar a laghad tá Conlangeoirí na Cathracha ag baint sult as an teanga nua seo atá á cruthú acu.

    Tá fóineolaíocht na Gaeilge curtha sa bhosca brúscair acu cheana féin agus anois tá siad chun gramadach na Gaeilge a Bhéarlú (go hoifigiúil) chomh maith.

  • file

    Ar son Dé, cibé cén inscne atá ag an té sin (an bhfaca sibh an rud a rinne mé ansin?).

    Tá fios a ngnótha ag na Francaigh sna cúrsaí seo. Seo sampla uafásach eile:

    “A Dhaidí, tá dochtúir ag an doras.”
    “Lig isteach iad.”
    “Ach níl ach duine amháin acu ann.”

  • Ababúna!

    Éist le fuaim do thóna agus gheobhaidh tú cac! tá teachtaire an leamhliobrálachais ag cur a cosa/chosa/gcosa faoi/fúithi/fúthu…fú fá fum.