Dóchas faoi dheireadh ag lucht tacaíochta na hÉireann agus tús á chur le ré Kenny

B’fhéidir nár cheart d’aon duine a bheith ag súil le hathrú rómhór ar fhoireann sacair na hÉireann anocht ach cluiche tábhachtach é mar sin féin

Dóchas faoi dheireadh ag lucht tacaíochta na hÉireann agus tús á chur le ré Kenny

Séamus Coleman, Seánie Maguire agus Shane Duffy. Pictiúr: INPHO/Kostadin Andonov

Gheofar an chéad radharc ar ré nua i scéal sacair na hÉireann anocht agus Stephen Kenny i gceannas ar an bhfoireann den chéad uair.

Is in aghaidh na Bulgáire a bheidh Éire (7.45i.n, Sky Sports Football) agus iad ag cur tús le feachtas nua i Sraith na Náisiún. Den chéad uair le tamall fada tá údar dóchais ag lucht tacaíochta na foirne.

Stíl phragmatach a bhí ag Giovanni Trapattoni, Martin O’Neill agus Mick McCarthy nuair a bhí siad i gceannas ar an bhfoireann agus an chuma ar an scéal gur bheag an mhuinín a bhí acu as cumas teicniúil a gcuid imreoirí. Chomh fada agus a bhí cosantóirí na hÉireann láidir, bhí an triúr sásta go maith go raibh a gcuid déanta acu.

Tá ráite cheana féin ag Kenny go bhfuil sé ag iarraidh béim níos mó a chur ar sheilbh a choinneáil ar an liathróid agus go mbeadh níos mó luais faoin bhfoireann agus iad ag dul ar an ionsaí, ráiteas a chuir cluaisíní croí ar lucht tacaíochta na hÉireann ar cuimhin leo chomh maith agus a d’imir foireann faoi 21 na tíre nuair a bhí Kenny i gceannas orthu.

B’fhéidir nár cheart d’aon duine a bheith ag súil le hathrú rómhór anocht, áfach.

Cé go bhfuil cuid de na himreoirí ón bhfoireann faoi 21 sin tugtha leis ag Kenny, tá neart seanfhondúirí sa chéad scuad atá roghnaithe aige chomh maith agus leithéidí Harry Arter agus Shane Long ag filleadh ar an bhfoireann.

Ní raibh ach cúpla lá ag Kenny chun a chuid smaointe a chur in iúl do na himreoirí agus sa gcás sin, is beag seans go bhfeicfear athrú ó bhonn ar an bpáirc.

Mar sin féin tá cúpla nod tugtha ag Kenny faoina bhfuil i ndán dúinn.

Is cosúil gur córas 4-3-3 a bheidh in úsáid aige. Fágann sin go bhfuil ceist faoi cé acu a bheidh ag imirt ar thaobh na láimhe deise den chosaint, Matt Doherty nó Séamus Coleman.

Tá ráite ag Kenny go mbeadh Coleman in ann imirt mar chúlaí láir agus go bhféadfadh Doherty imirt taobh amuigh dó sa gcás go mbeadh cúigear cosantóirí in úsáid ag Éirinn ach seans gur amach anseo a bhainfear triail as an gcleas sin seachas i gcéad chluiche an bhainisteora anocht.

Is í an sprioc atá rompu anocht agus sa chluiche in aghaidh na Fionlainne Dé Domhnaigh deis a thabhairt do na himreoirí teacht isteach ar stíl Kenny roimh an gcluiche cáilithe tábhachtach in aghaidh na Slóvaice an mhí seo chugainn.

Má choinníonn Éire seilbh níos fearr ar an liathróid ná mar atá déanta acu le roinnt blianta anuas agus má chruthaíonn siad roinnt deiseanna ar chúil in aghaidh na Bulgáire, seans go mbeidh Kenny sásta go maith agus an chéad chéim tógtha aige.

Fág freagra ar 'Dóchas faoi dheireadh ag lucht tacaíochta na hÉireann agus tús á chur le ré Kenny'