‘Dóchas’ ag an Aire Cumarsáide go réiteofar fadhbanna Gaeilge Eircode

Dúirt urlabhraí cumarsáide Fhianna Fáil gur léiriú eile a bhí sa chonspóid teanga a bhain le seoladh Eircode ar fhadhbanna ‘iomadúla’ na seirbhíse

6/5/2016. General Election 2016. Government Formation. (L to R) former Minister for Health Leo Varadkar, who was moved to the Department of Social Protection, Denis Naughten, member of the Rural Alliance Independents, become Minister for Communications, Climate Change and Natural Resources, Pascal Donohoe, former Minister for Transport, becomes Minister for Public Expenditure and Reform and Maire Whelan SC, who remains as Attorney General, as the new Cabinet sits for a family photo in Aras an Uachtarain. Photo: RollingNews.ie
Denis Naughten. Photo: RollingNews.ie

Tá ‘dóchas’ ag an Aire Cumarsáide, Denis Naughten, go bhfaighfear leigheas ar na fadhbanna a bhaineann le húsáid seoltaí agus ainmneacha Gaeilge sa phostchód náisiúnta, Eircode.

Ag labhairt dó i dTithe an Oireachtais inné, dúirt an tAire Naughten go raibh “idirbheartaíocht leanúnach” ar bun ag a Roinn le hOifig an Choimisinéara Teanga agus go raibh súil aige go dtiocfaí ar réiteach na bhfadhbanna.

Bhí an tAire Naughten ag freagairt ceist ó urlabhraí cumarsáide Fhianna Fáil, an Teachta Dála Timmy Dooley, faoi líon na ngearán a fuair Oifig an Choimisinéara Teanga anuraidh mar gheall gur aistríodh seoltaí Gaeilge go Béarla le linn scaipeadh na bpostchód nua Eircode ar an bpobal.

Chinn an Coimisinéir Teanga gur sárú ar dhualgais dhlíthiúla ab ea an ‘galldú’ a rinne Eircom ar logainmneacha Gaeilge.

Tugadh le fios i dTuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga, a foilsíodh Dé Luain, gur mheabhraigh lucht Oifig an Choimisinéara a ndualgais teanga don Roinn Cumarsáide sé seachtaine sular seoladh an tseirbhís Eircode.

Dúirt urlabhraí cumarsáide Fhianna Fáil gur léiriú eile a bhí sa chonspóid teanga a bhain le seoladh Eircode ar fhadhbanna ‘iomadúla’ na seirbhíse agus d’fhiafraigh sé den Aire an raibh sé i gceist aige athbhreithniú a dhéanamh ar chóras Eircode.

Dúirt an tAire Naughten nach raibh rún ar bith aige aon athrú a dhéanamh ar Eircode.

Fág freagra ar '‘Dóchas’ ag an Aire Cumarsáide go réiteofar fadhbanna Gaeilge Eircode'