Sárú ar dhualgais dhlíthiúla ab ea ‘galldú’ logainmneacha Eircode – cinneadh an Choimisinéara Teanga

Tugtar le fios i dTuarascáíl Bhliantúil an Choimisinéara Teanga gur mheabhraigh lucht a Oifige a ndualgais teanga don Roinn Cumarsáide sé seachtaine sular seoladh an tseirbhís Eircode.

Rónán An Coimisinéir Teanga

Theip ar an Roinn Cumarsáide a ndualgais faoin reachtaíocht teanga a chomhlíonadh nuair a aistríodh seoltaí Gaeilge go Béarla le linn scaipeadh na bpostchód nua Eircode ar an bpobal, de réir Thuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga don bhliain 2015.

Déantar cur síos i dtuarascáil an Choimisinéara, ar foilsíodh ar maidin í, ar imscrúdú a deineadh maidir leis an gconspóid teanga a bhain le seoladh an phostchóid náisiúnta nua.

Tugtar le fios sa tuarascáil gur mheabhraigh lucht Oifig an Choimisinéara a dualgas teanga don Roinn sé seachtaine sular seoladh an tseirbhís Eircode.

Ag tagairt dó do chás Eircode, deir an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, gur “dlúthchuid dár gcéannacht é ár n-ainm agus sloinne” agus nár chóir “go dtógfadh aon duine nó eagraíocht orthu féin é a ghalldú”.

Spreag cás Eircode níos mó gearán ón bpobal ná mar a spreag aon chás eile ó bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga in 2004 agus thug an Coimisinéir le fios go bhfaigheann a oifig gearán go minic faoi na deacrachtaí a bhíonn ag daoine ainm agus seoladh Gaeilge a úsáid le forais Stáit éagsúla.

Os cionn 70 gearán a fuarthas faoi chás Eircode.

Chinn an Coimisinéir gur sháraigh an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha a dualgas reachtúil maidir le húsáid logainmneacha Gaeltachta nuair a cuireadh Béarla ar sheoltaí daoine sa Ghaeltacht.

Tá gealltanas maidir le húsáid logainmneacha Gaeltachta sa scéim teanga a d’aontaigh an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha sa bhliain 2014.

Dúirt an Coimisinéir gur léir dó go bhfuil géarghá leis an reachtaíocht a leasú chun cosaint a thabhairt don cheart atá ag duine ainm agus seoladh i nGaeilge a bheith aige.

Bhain 14% de na gearáin i dtaobh comhlachtaí poiblí a cuireadh faoi bhráid Oifig an Choimisinéara Teanga le linn 2015 le húsáid leaganacha Gaeilge d’ainmneacha.

Thug an Coimisinéir le fios nach raibh ar a chumas “réiteach sásúil” a fháil ar na gearáin a bhain le hainmneacha agus sloinnte daoine a bheith aistrithe go Béarla toisc “lúb ar lár” a bheith ann sa reachtaíocht a fhágann nach bhfuil dualgas reachtúil ann maidir le húsáid seoltaí taobh amuigh den Ghaeltacht ná maidir le húsáid ainmneacha i nGaeilge.

“Ba chóir go mbeadh stádas reachtúil ag ainmneacha agus seoltaí Gaeilge. Ba chóir freisin go mbeadh sé de dhualgas ar chomhlachtaí poiblí na leaganacha oifigiúla de logainmneacha Gaeltachta a úsáid do gach gnó oifigiúil,” a deir an Coimisinéir ina thuarascáil.

Le linn imscrúdú an Choimisinéara, shéan an Roinn Cumarsáide go raibh sárú ar a dualgas reachtúil teanga i gceist i gcás na seoltaí toisc gur bronnadh an conradh chun córas na bpostchód a chur i gcrích ar chuideachta phríobháideach theoranta.

Ba léir don Choimisinéir áfach gur bheartas de chuid na Roinne a bhí i bhforbairt an chórais náisiúnta agus gur “lean dualgais na scéime dá réir”.

Ní fhéadfaí a mhaíomh ach an oiread, a deirtear, “go raibh aon cheist aineolais anseo” mar gur mheabhraigh a Oifig a dualgas teanga don Roinn sé seachtaine sular seoladh an tseirbhís Eircode.

“Níl aon leithscéal ann go ndéanfadh aon duine, comhlacht nó eagraíocht, ní áirím foras de chuid an Stáit, galldú ar an gcéannacht sin trí shonraí daoine a chlárú i mBéarla nuair nach é sin a t(h)oil ná a rogha,” a deirtear i dtuarascáil an Choimisinéara.

Tugtar le fios sa tuarascáil gur phléigh Oifig an Choimisnéara ceist úsáid logainmneacha don chód poist nua leis an Roinn Cumarsáide chomh fada siar le mí Feabhra 2008.

Fág freagra ar 'Sárú ar dhualgais dhlíthiúla ab ea ‘galldú’ logainmneacha Eircode – cinneadh an Choimisinéara Teanga'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    ‘Le linn imscrúdú an Choimisinéara, shéan an Roinn Cumarsáide go raibh sárú ar a dualgas reachtúil teanga i gceist i gcás na seoltaí toisc gur bronnadh an conradh chun córas na bpostchód a chur i gcrích ar chuideachta phríobháideach theoranta.’ Sin do dhóthain! Nach éasca don stát éalú óna dualgais reachtála!

  • Daithí Mac Lochlainn

    Nach bhfuil Eircode faoi scáth an chomhlachta Capita?

    https://www.thenational.scot/news/australian-family-fear-dawn-raid-after-calls-from-private-border-control-firm.17253

    An cóir is ceart do Rialtas na hÉireann conradh gnó a dhéanamh le dream mar sin?

    Gan amhras go mbeidh Capita an-ghnóthach sa ré Brexit seo!

    Dlúthpháirtíocht Ghaeidhealach anois!

  • W Hopper

    ‘Tháinig méadú ar líon na ngearán’. Murach an t-ardú tobann ag Eircode (70 gearáin faoin ábhar céanna), sé fírinné an scéil ná gur tháinig titeam suntasach de 10% ar líon na ngearán anuraidh!
    Mar a dúirt Mark Twain ‘Tá trí chineál bréaga ann: bréaga, bréaga damanta agus staitisticí’.