Diútú eile d’fheirm ghaoithe Ghaeltachta

Dhiúltaigh Comhairle Contae Dhún na nGall d’iarratas ar fheirm ghaoithe sa Ghaeltacht Láir toisc gur sháraigh sé plean forbartha an chontae

Diútú eile d’fheirm ghaoithe Ghaeltachta

Dhiúltaigh Comhairle Contae Dhún na nGall cead pleanála a thabhairt fá choinne feirme gaoithe sa Ghaeltacht Láir. Bhí an fheirm le síneadh thar ocht mbaile fearainn idir Baile na Finne agus na Gleannta. Ba iad Cuilfeach Teo a chuir isteach ar an chead pleanála.

Bhí ocht dtuirbín san iomlán le bheith san fheirm. Bhí na tuirbíní le bheith rud beag faoi 150 méadar [492 troigh] ar airde. Bhí bóithre, fostáisiún leictreachais agus go leor oibreacha eile i gceist san iarratas.

Cheana féin tá dosaen feirm ghaoithe le beagnach 150 tuirbín i nDún na nGall agus bhí an t-iarratas pleanála seo conspóideach go maith dá bharr. Cuireadh isteach 38 agóid ina éadan.

Ina measc siúd a chuir agóidí isteach, bhí Anthony Molloy, comhairleoir contae de chuid Fianna Fáil, agus an Dr Alan Evans, iar-ollamh le heipidéimeolaíocht in Ollscoil na Ríona. Scríobh Molloy gur mhothaigh daoine sa cheantar go raibh siad faoi ionsaí ó fheirmeacha gaoithe le dosaen bliain anuas. “Ní chreidim gur seo an rud ar a dtugtar ‘forbairt inmharthana’,” a deir Molloy. Chuir Evans alt a d’fhoilsigh sé in iris acadúil ar impleachtaí feirmeacha gaoithe don tsláinte isteach mar chuid dá agóid. Dúirt sé gur “an act of wanton environmental vandalism” a bheadh ann cead pleanála a thabhairt.

Dhiúltaigh Comhairle Contae Dhún na nGall don iarratas ar an bhonn gur sháraigh sé Plean Forbartha Chontae Dhún na nGall toisc gur Limistéar An-Ardscéimhe atá i gceist agus toisc go raibh an Mheasúnacht Tionchair Natura agus an Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta easnamhach.

Ba é seo an tríú hiarratas pleanála a chuir Cuilfeach Teo isteach d’fheirm ghaoithe ar an suíomh céanna le sé mhí anuas. Tarraingíodh an céad cheann siar. Rialaigh an Chomhairle Contae go raibh an dara ceann neamhiomlán.

Tá seoladh ag Cuilfeach Teo i Leamhcán i mBaile Átha Cliath. Is iad stiúrthóirí an chomhlachta – Natasha Rodgers, go bhfuil seoladh aici i mBaile Suingean i nDún na nGall: Seamus MacRory, cuntasóir go bhfuil seoladh aige i Leitir Ceanainn: agus Michael Rouse, go bhfuil seoladh aige i Leitir Ceanainn fosta. Tá siad triúr ina stiúrthóirí ar chomhlachtaí eile a bhaineann le fuinneamh gaoithe.

Cheannaigh Cuilfeach Teo an togra ó PJ Molloy. Thug an Chomhairle Contae cead pleanála dósan in 2009. Sa phlean ag an am sin bhí 35 tuirbín le bheith sa bhfeirm gaoithe. Ní bheidís ach leath chomh hard agus a bhí san iarratas ó Cuilfeach Teo.

Beidh le feiceáil an ndéanfar iarratas pleanála nua don fheirm ghaoithe seo.

Fág freagra ar 'Diútú eile d’fheirm ghaoithe Ghaeltachta'