DIALANN: ‘Triail Cearta Teanga’ Trevor Uí Chlochartaigh – An chéad lá

Tá an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ar dhuine de na daoine atá ag labhairt Gaeilge amháin i dTithe an Oireachtais an tseachtain seo agus é ag coimeád dialainne dúinn faoina Thriail Cearta Teanga

27/4/2011 Seanad Elections

Tá an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ar dhuine de na daoine atá ag labhairt Gaeilge amháin i dTithe an Oireachtais an tseachtain seo agus é ag coimeád dialainne dúinn faoina Thriail Cearta Teanga

Idir neamhshuim agus ‘tacaíocht bhog’ a bhí le brath ar an gcéad lá don Triail Cearta Teanga atá ar bun agam féin agus triúr comhghleacaí liom i dTIthe an Oireachtais.

Tá muid ag iarraidh an córas anseo a thástáil le feiceáil an bhfuil sé ábalta freastal orainn mar is cóir agus muid ag labhairt inár dteanga féin i dTithe an Oireachtais. Tá muid dhá dhéanamh, dár ndóigh, mar ghníomh tacaíochta lenár gcomrádaí i bParlaimint na hEorpa, an Feisire Liadh Ní Riada, atá ar ‘Stailc Teanga’ ansiúd ar le haird a tharraingt ar an Maolú don Ghaeilge san AE.

Ar mo shlí isteach ar maidin inné, labhair mé i nGaeilge le gach duine a casadh orm. D’fhreagair cuid mhaith i nGaeilge mé le bheith fírinneach. Tús maith leath na hoibre!

Ba í an tAire Oideachais, Jan O’ Sullivan, an chéad duine a bhí romham sa Seanad agus muid ag plé ceisteanna cothromaíochta in Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

As Gaeilge go hiomlán a labhair mé agus bhí sin éasca go leor di mar bhí an cheist roimh ré aici agus freagra i mBéarla na Banríona ullmhaithe dá réir ag na státseirbhisigh di. Chuir mé ceist thánaisteach ansin uirthi nach mbeadh aici roimh ré agus thuig sí den chuid is mo í – d’úsáid sí cúpla focal agus ansin bhí substaint a freagra i mBéarla. Tráthuil go leor, bhí Gaeilge ag gach a raibh i láthair sa Seanad ag an am, idir an Leas-Chathaoirleach, an Cléireach agus Seanadóirí eile.

Bhí clann as Conamara sa Ghailearaí don méid sin chomh maith agus iad sásta go leor a dteanga dhúchais a chloisteáil á labhairt sa bParlaimint ag an am.

Leo Varadkar an dara hAire a bhí romham; fear a bhfuil am caite in Oideas Gael aige féin. Tá mé ag ceapadh go dteastódh uaidh cúpla seachtain eile a chaitheamh ann mar, cé gur bhreathnaigh sé orm le linn mo chainte, ní léir óna fhreagra gur thuig sé céard a bhí mé ag trácht air, is mé ag tagairt do sheirbhísí otharcharr a dhul in olcas.

An t-iarimreoir (agus Iar-Aire Sinsearach i Roinn na Gaeltachta, gan dabht) Jimmy Deenihan, an duine deireanach ar thug mé aghaidh air. Chuaigh Jimmy i dtreo na gcluasán ar an bpointe, ach ba léir nach raibh siad ceangailte, nó nach raibh siad ag oibriú, mar leag sé uaidh sciobtha go maith arís iad. Nuair a chuaigh sé ag lorg cabhrach óna statseirbhíseach, ba chosúil dhom go ndúirt sise leis nach raibh tuairim na ngrást aici faoin méid a dúirt mé ach an oiread agus ní raibh cluasáin ar bith ar fáil di sin.

Chaith an Leas-Chathaoirleach a bhí ann a chuid cluasán féin agus ba chosúil go raibh sé ag fáil seirbhís ateangaireachta ceart go leor. Ach, thug Jimmy freagraí ginearálta gan aghaidh a thabhairt ar roinnt ceisteanna sonracha a d’ardaigh mé leis agus d’fhág gan freagraí mé dháiríre. Míbhuntáiste breise na Gaeilge, is dócha!