Dhá scéilín as leabhar nua Alan Titley…

‘ag dul i bhfad’ is teideal don chéad chnuasach scéalta ó Alan Titley le 25 bliain. Seo blaiseadh beag de nua-shaothar ilchineálach duine dár mórscríbhneoirí...

Dhá scéilín as leabhar nua Alan Titley…

Balbhar agus an Béal Beo

Agus lá dá raibh bhí camchuaird Chothraige ar tí a theacht chun críche.

Bhí na draoithe gona gcroíthe dúra gan aon mhaith nach mór cloíte aige.

B’iad na míorúiltí ba mhó a dhein an bheart. Na heasláin a shlánú, an fharraige a chiúnú, na béisteanna a cheansú.

Ach bhí draoi thall is abhus fós gan ghéilleadh. Orthu sin bhí Balbhar.

‘Ach níl do chuidse scéalta aon phioc inchomórtas lenár gcuidne,’ ar seisean le Cothraige.

‘Ní fíor sin,’ arsa Cothraige le tromanáil thuirse, agus chrom ar chuid d’iontais a scéalta féin a aithris.

D’inis sé dó mar gheall ar Ádhamh agus Mhaois agus Shamsón agus Iónas i mbolg an mhíl mhóir.

‘Fós féin … ’ arsa Balbhar, le hamhras.

‘Agus níos fearr fós,’ arsa Cothraige, ‘tá siad ar fad fíor.’

‘Ach,’ arsa Balbhar, agus ba ach mór é, ‘má ghéillim do na scéalta sin ar fad, cad a dhéanfaidh mé le Mír agus le hÉadaoin agus le Cú Chulainn agus le Cairbre agus le Meadhbh agus le Clothra agus le Fraoch agus leis an gCailleach Bhéarra í féin?’

Lig Cothraige gnúsachtach isteach ina fhéasóg fhada. Freagra, i bhfoirm, ba ea an méid sin féin. ‘Mar adúirt mé,’ ar seisean, ‘tá mo chuidse fíor.’

‘B’fhéidir go bhfuil,’ arsa Balbhar, ‘ach tá mo chuidse i bhfad níos míorúiltí. Éist leat …’

 

Eilifint an Cheoil 

Buachaill beag a bhí ann agus ba mhór aige an ceol. Ceol práis go háirithe a tháinig ó íochtar an domhain. Snas an óir air amhail is gur tháinig ó loinnir na gréine. Ceol na píbe, leis, mar den chrann é, agus mhothaigh sé é féin ag fás go mór is go hard nuair a chuaigh ceol na píbe tríd.

Thar aon rud eile ba bhinn leis an guth daonna. Bhí an guth saor ó smacht agus ar foluain le flúirse. Tháinig sé aníos as an mbolg, agus tríd an scornach agus amach as an anam. Líon sé an cloigeann agus bhris sé gloiní agus rinne scríob ar íochtar an domhain.

Agus thaitnigh gach saghas ceoil leis, gach saghas, go fiú Country and Western.

Ba bhreá leis an ceol traidisiúnta, leis, ceol borb a chuirfeadh an fhuil ag rince ionat. B’é a dhícheall a chosa a stopadh ó chromadh ar steipeáil nuair a thosnaíodh an bualadh.

Oíche dá raibh, áfach, i lár an tseisiúin nuair a thosnaigh fear na féasóige ar an mbodhrán, shíl sé gur airigh sé gol taobh amuigh. Gol ba láidre ná buillí an bhodhráin féin. Chuaigh sé go dtí an doras, agus lasmuigh den doras bhí gabhar mór dubh a raibh meigeall air, agus deora go fásra síos air. Bhí an gabhar ag féachaint air as na súile sliotánacha sin agus pianta na cruinne ina lár. Nuair a stop an ceol, thaibhsigh sé mar a bheadh faoiseamh ar an ngabhar a d’iompaigh i leataoibh uaidh is a shiúil isteach san doircheántacht.

An chéad uair dár chuala sé an veidhlín, shíl sé gur oscail neamh os a chionn. Chuaigh leá air agus tháinig laige ina chosa, ionas gurbh éigean dó luí síos agus sos a ghlacadh ó aoibhneas an tsaoil. San luí síos dó tháinig codladh air, agus sa chodladh dó ghnáthaigh taibhreamh é. Sa taibhreamh dó shíl sé gur chuala sé cat ag crónán i dtosach, agus ansin ag meabhlaigh, agus ansin tar éis tamaill eile ag screadaíl le pian. Mheas sé go bhfaca sé fear ag gabháil de sceana ar an gcat, a phutóga á mbaint amach as, agus sreanga veidhlín á ndéanamh aige dá chuid ionathair. Dhúisigh sé de phreib, agus bhí an seomra lán de gheonaíl an cheoil.

Nuair a mhínigh cara dó nár de phutóga an chait a déanadh an veidhlín ach d’ainmhithe eile, muca nó asail nó eile, níor mhór an faoiseamh a thug sé dó. Mar sin féin bhí an ceol ag dul lastuas dó, agus níor fhéad sé stop. An oíche sin, dhúisigh gnúsachtach muc agus gángarach asal é as a shuan bog séimh. Ba dhóigh leis, go tobann, gurb é glór an veidhlín an glór ba mheasa sa mbith.

B’í an oíche a bhris a chroí, áfach, ná oíche na ceolchoirme móire in halla na gceolchorm mhór. Foireann ceolsiansaíochta ar fad a bhí ann gona ngléasanna ar fhis agus ar taispeáint. B’é an pianadóir an fear lár stáitse, gan amhras, cé go raibh ábhairín ar imeall na slí. Tháinig sé amach, rinne lúitéis leis an slua, agus shuigh síos. Chuaigh a chuid méireanta ag caint leis an aer ar feadh tamaill, iad ag guairdeall agus ag sireoireacht sara dtitfeadh ar na nótaí. Mhúscail an cheolfhoireann le haoibhneas agus bhuail an pianadóir

a chuid nótaí le fórsa anuas.

Leis sin, mhothaigh an buachaill arraing trína chroí agus ghabh gath géar aníos trína chorp mar a chuirfí bior nimhe isteach tríd.

Is ansin a chuala sé an eilifint sa seomra ag éamh le pian agus le freanga uafáis.

Fág freagra ar 'Dhá scéilín as leabhar nua Alan Titley…'