Dhá ollscoil san Ísiltír os comhair cúirte maidir le ró-úsáid an Bhéarla

Agus os cionn 60 faoin gcéad de chúrsaí ollscoile á múineadh trí mheán an Bhéarla san Ísiltír, deir brúghrúpa go bhfuil caighdeán an oideachais tríú leibhéal sa tír i mbaol, chomh maith le stádas na hÍsiltírise féin

Dhá ollscoil san Ísiltír os comhair cúirte maidir le ró-úsáid an Bhéarla

Tá dhá ollscoil san Ísiltír á dtabhairt os comhair cúirte maidir le húsáid an Bhéarla mar phríomhtheanga theagaisc agus chumarsáide sna hollscoileanna sin. 

Tá an cás i gcoinne Ollscoil Maastricht agus Ollscoil Twente á thabhairt ag Beter Onderwijs Nederland (‘Oideachas Níos Fearr don Ísiltír’), eagraíocht a bhfuil sé mar aidhm aici feabhas a chur ar chaighdeán an oideachais san Ísiltír. 

Tá rannóg cigireachta na Roinne Oideachais, Cultúir agus Eolaíochta á tabhairt os comhair na cúirte sa chás céanna. Maíonn Beter Onderwijs Nederland nach bhfuil na rialacha maidir le húsáid an Bhéarla in institiúidí tríú leibhéal á gcur i bhfeidhm ag an rannóg sin.

Le deich mbliana anuas tá dul chun cinn mór déanta ag an mBéarla mar theanga theagaisc in ollscoileanna na hÍsiltíre. Faoi láthair, is é an Béarla an teanga theagaisc in os cionn 60 faoin gcéad de na cúrsaí ollscoile sa tír. Is í an argóint is minice a mbaintear úsáid aisti chun úsáid an Bhéarla a chosaint ná gurb í an teanga sin is minice a mbainfidh mic léinn úsáid aisti i saol acadúil domhandaithe an lae inniu.

Ach tá leasa eacnamaíocha i gceist freisin: tá ag éirí le hollscoileanna na hÍsiltíre na scórtha míle mac léinn ón iasacht a mhealladh, rud a chuireann lena gcuntais bhainc agus lena stádas mar institiúidí léinn.

Tá an Ísiltíris faoi bhrú i ngach uile ollscoil sa tír, dar le Beter Onderwijs Nederland, ach dar leis an eagraíocht gurb iad Ollscoil Maastricht agus Ollscoil Twente an dá shampla is measa. 

Mic léinn ón iasacht iad 52 faoin gcéad de na mic léinn in Ollscoil Maastricht i ndeisceart na tíre, institiúid léinn a thugann ‘Maastricht University’ uirthi féin go hoifigiúil. Ní as an Ísiltír ó dhúchas iad 40 faoin gcéad den fhoireann teagaisc.

I gcás Ollscoil Twente i gcathair Enschede in oirthear na tíre, mic léinn ón iasacht iad 40 faoin gcéad de na mic léinn agus oibrithe thar tír isteach iad 30 faoin gcéad den fhoireann teagaisc.

Rud coiteann don dá ollscoil atá á dtabhairt os comhair cúirte maidir le ró-úsáid an Bhéarla ná go bhfuil siad lonnaithe i bhfoisceacht scread asail den teorainn. Níos lú ná deich gciliméadar atá idir Ollscoil Twente agus teorainn na Gearmáine. Níl Ollscoil Maastricht ach trí chiliméadar ó theorainn na Beilge (an chuid ina labhraítear Fraincis) agus níl sí ach 26 chiliméadar ó theorainn na Gearmáine. I gcomhthéacs Eorpach, luíonn sé le réasún go mbeadh an dá ollscoil ag freastal ar an gceantar máguaird agus gur daoine thar teorainn isteach iad cuid mhór de na mic léinn agus den fhoireann teagaisc.

Maíonn an dá ollscoil nach bhfuil rud ar bith as bealach á dhéanamh acu.

Deir Beter Onderwijs Nederland áfach go bhfuil dochar mór á dhéanamh ag dul chun cinn an Bhéarla sna hollscoileanna do shochaí na hÍsiltíre trí chéile. 

‘Tá meath ag teacht ar chumas na ndaoine siúd a líonfaidh postanna tábhachtacha sa saol poiblí amach anseo iad féin a chur in iúl in Ísiltíris,’ a deir Ad Verbrugge, cathaoirleach Beter Onderwijs Nederland agus léachtóir le fealsúnacht ag Saor-Ollscoil Amstardam, ar shuíomh an chraoltóra náisiúnta NOS.

Níl dáta socraithe go fóill don chás cúirte.

Idir an dá linn, tá súil le polasaí nua na Roinne Oideachais, Cultúir agus Eolaíochta maidir le húsáid an Bhéarla san oideachas tríú leibhéal san Ísiltír an mhí seo chugainn. 

Fág freagra ar 'Dhá ollscoil san Ísiltír os comhair cúirte maidir le ró-úsáid an Bhéarla'

  • Eoghan ONeill

    Tá súil agam nach bhfásfaidh droch-mheas ar a dteanga fhéin i measc muintir na hísiltíre fé mar a tharla i gcás mo shean-sean mháthair féin in Iarthar Cho. Cabhán thiar san 1880dí nuair a thosaigh sí ar an bhéarla a labhairt lena páistí mar shíl sí go dtabharfadh sin todhchaí níos fearr dóibh. Is trua nár glacadh le moltaí an Dr. Zamenhof agus an Esperanto thiar ins na 1930dí nuair a bhí deis comhionannas teanga a chur i réim in áit an dóigh a bhfuil sé anois agus an géilleadh forleathan don Uebersprache a chuireann lucht a labhartha ar na caiplí arda agus na cultúir eile ina gcosmhuintir ag rith ina ndiaidh.

  • Dónall

    Thug mise rabhadh do mhac léinn as an Ísiltír 20 bliain ó shoin bheith cúramach maidir le meath a teanga dúchais sna hollscoileanna agus mé ag míniú di scéal na hÉireann. Ní go ró-mhaith a ghlac sí leis an rabhadh, chosain sí a teanga dúchais go láidir a rá nach bhféadfaí a leithéid chéanna a tharlú dóibh. Tá súil agam go n-amharcfaidh rialtais na mór-roinne agus an tAontas Eorpach ar a bpolasaí teanga i ndiaidh na Breat-Imeachta agus stop a chur le húsáid an Bhéarla mar lingua franca san Aontas.

  • Tommy

    Tá ísliú céime á thabhairt ag na hollscoileanna sin dá dteanga dhúchais féin mar mhaithe le stádas agus airgead. Ollscoileanna na tíre seo mar ‘eiseamláir’ acu?

  • Mánus

    Tá cúrsaí á reachtáil tré Bhéarla in ollscoieanna sa Bheilg ó na 19880daí. Tá Méadú mór ar ghnó na gcúrsaí tré Bhéarla ó shoin. Bíonn brú ollmhór ar ollscoileanna na hEorpa maoiniú breise d’fháil agus i gnó mór anois iad na cúrsaí a cuirtear ar fáil tré Bhéarla ar fud na hEorpa. Brú an NuaLiobarálachais dan AE atá taobh thiar den easpa maoinithe ar ollscoileanna na hEorpa.