Bhuel, chonaic Uíbh Fhailí an bhearna atá idir iad féin agus foirne Chorn Mhic Cárthaigh an Satharn seo caite. Níl aon dabht ach go bhfuil dul chun cinn déanta acu faoi aois ach tógfaidh sé roinnt blianta eile sula mbeidh siad ullamh don leibhéal iomána is airde sa tír.
Tá níos mó le déanamh acu ó thaobh nirt agus aclaíochta de agus bhíodar thar a bheith saonta ó thaobh teaicticí i gcoinne Thiobraid Árann. Bhí siad ró-oscailte ar fad i measc na gcúlaithe, rud a bhí an-soiléir agus sinn ag féachaint ar an scór deiridh agus 7-38 géillte acu.
Caithfidh go raibh Tiobraid Árann thar a bheith sásta leis an gcluiche, an taispeántas agus an scór deiridh. Chun rudaí a dhéanamh níos fearr fós, d’imir an tosach Jason Forde ó thús go deireadh agus is mór an rud é sin don bhfoireann agus iad i gcoinne na Gaillimhe tráthnóna. Léirigh Forde a thábhacht agus 2-11 scóráilte aige, dhá chúl agus trí phointe ag teacht ón imirt. Chuir Jake Morris, a d’fhill ó ghortú freisin, seacht gcúilín ar chlár na scór chomh maith agus cuma na maitheasa ar na Tiobraid Árannaigh.
Ní raibh an bhearna chomh mór céanna sa dara cluiche agus Áth Cliath agus Ceatharlach gob ar ghob go dtí na deich nóiméad deireanach. Ar feadh tréimhsí fada bhí an chuma ar an scéal go raibh Ceatharlach níos fearr ná na Dubs ach chríochnaigh Áth Cliath go láidir agus is iad a bheidh ag taisteal chomh fada le Páirc na nGael inniu chun tabhairt faoin gClár.
Táimid tagtha chomh fada le seachtainí cinniúnacha an tséasúir iomána agus dhá chontae eile ag fágáil slán leis inniu. An t-am seo anuraidh, bhí díomá ar imreoirí agus leantóirí an Chláir tar éis na mbabhtaí leathcheannais i ndiaidh an taispeántais iontaigh a thugadar i gcluiche ceannais na Mumhan. Bhí an-dóchas ann go mbeidís níos fearr fós agus iad ar an mbóthar chuig áit i gcluiche ceannais na hÉireann, ach níor tharla sin agus is chun donais a chuadar.
Caithfidh go bhfuil ceachtanna foghlamtha acu agus iad ar an mbóthar céanna i mbliana. Ceapaim go bhfuil siad níos fearr mar fhoireann ná mar a bhíodar anuraidh ach, dar ndóigh, is é tástáil na putóige a hithe agus caithfidh siad a mianach a léiriú in aghaidh Átha Cliath. Táim tógtha leis an Chlár i mbliana agus caithfidh go gcabhróidh ceachtanna na bliana seo caite leo.
Is deacair cás a dhéanamh d’Áth Cliath. Tá siad ag brath i bhfad an iomarca ar Dhónal Burke agus más féidir leis an Chlár an Búrcach a choimeád ar an ngannchuid ón imirt agus ó na pocanna saora, beidh an lá leis na Cláirínigh.
Agus sinn ag machnamh ar an chluiche eile inniu, is deacair aon tuar réasúnta a thabhairt faoi fhoireann na Gaillimhe. Níl aon dabht ach go bhfuil mianach iontu ach níl siad ábalta cúpla dea-thaispeántas a thabhairt i ndiaidh a chéile. Bheinn ag úsáid Conor Whelan níos gaire don chúl agus dhéanfainn iarracht é a úsáid mar a úsáideann Luimneach Aaron Gillane.
Tá a fhios againn gur féidir leis an nGaillimh bheith go hiontach aon lá ach tá a fhios againn freisin gur féidir leo a bheith measartha agus ainnis go leor uaireanta eile. Ní féidir leo a bheith leamh inniu.
Gan dabht, ní féidir léamh ceart a dhéanamh ar Thiobraid Árann ach an oiread i ndiaidh an chluiche aontaobhaigh a bhí acu seachtain ó shin ach cinnte is féidir a rá gur níos láidre atá siad leis na himreoirí atá tagtha ar ais ó ghortú.
Bunaithe ar an méid atá feicthe den dá fhoireann i mbliana agus bunaithe ar na cluichí deireanacha, bheinn a rá go mbeidh an lá leis na Tiobraid Árannaigh.
Fág freagra ar 'D’fhéadfadh Forde agus Morris an-difríocht a dhéanamh in aghaidh na Gaillimhe'