Tá séanta ag Comisiún na Scúduithe Stáit go bhfuil polasaí ar bith ann gan ceist faoi shaothar le Cathal Ó Searcaigh a chur ar pháipéir scrúdaithe Gaeilge na hArdteiste.
Thug múinteoirí Gaeilge suntas an tseachtain seo caite don scéal nach raibh ‘Seal i Neipeal’ le Cathal Ó Searcaigh agus ‘An Gnáthrud’ le Deirdre Ní Ghrianna riamh ar pháipéar a dó na Gaeilge ó cuireadh ar an gcúrsa ocht mbliana ó shin iad.
Is mar chuid den ‘Phrós Ainmnithe’ atá saothar Uí Shearcaigh ar an gcúrsa nua Ardteiste a tugadh isteach in 2012.
Bíonn rogha ar chúrsa na hArdteiste staidéar a dhéanamh ar ‘Seal i Neipeal’ nó ‘An Gnáthrud’ mar chuid den seánra ‘Dírbheathaisnéis/Taisteal’.
Mar sin dá mbeadh ceist faoi cheachtar píosa ar an bpáipéar scrúdaithe, chaithfeadh rogha a bheith ann ceist a dhéanamh faoin gceann eile.
Níor tháinig sin i gceist ó tugadh cúrsa nua na hArdteiste isteach ocht mbliana ó shin toisc nach raibh an seánra ‘Dírbheathaisnéis/Taisteal’ ar aon pháipéar scrúdaithe ó shin.
Le linn na tréimhse sin tháinig na ceithre sheánra eile sa ‘Phrós Ainmnithe’ aníos ar an bpáipéar faoi dhó.
Thug urlabharaí ó Choimisiún Scrúduithe an Stáit le fios do Tuairisc.ie nach raibh aon bhaint ag an scéal le conspóid a bhain cheana le saothar de chuid Ui Shearcaigh a bheith ar chúrsa na hArdteiste.
“Cé go mbeifeá ag súil san fhadtéarma go mbeadh na roghanna éagsúla ann chomh minic lena chéile, tá sé tábhachtach ar mhaithe le fadhb na hintuarthachta a sheachaint, nach gcuirtear san áireamh sna roghanna a bhíonn ann i mbliain áirithe na roghanna a bhí ann sna blianta roimhe sin.
“Sa chomhthéacs sin, ní hionann gan rogha áirithe a bheith ar na páipéir atá i gceist ar feadh tréimhse áirithe agus comhartha nach mbeidh siad ann amach anseo.”
Bhí ceist cheana faoi shaothar de chuid Chathail Uí Shearcaigh, duine d’fhilí móra na hÉireann, a bheith ar chúrsa na hArdteiste i bhfianaise na conspóide a bhain leis an scannán faisnéise Fairytale of Kathmandu inar léiríodh imní faoi ghnéithe de chaidreamh an fhile Ghaeltachta le fir óga i Neipeal.
Nuair a bhí an chonspóid sin i mbéal an phobail in 2008 cuireadh ceisteanna faoin scéal sa Dáil agus faoin gcaint go mbainfí a chuid filíochta den chúrsa Ardteiste. Bhí filíocht Uí Shearcaigh ar an siollabas ar feadh cúpla bliain ina dhiaidh sin nó gur leasaíodh an cúrsa.
Dúirt Ó Searcaigh féin ag an am go raibh aiféala air má ghoill a shaol pearsanta ar aon duine ach nach raibh aon rian den dúshaothrú ag baint lena chaidreamh leis na fir.
Ag labhairt dó le Tuairisc.ie an tseachtain seo caite, dúirt múinteoir Gaeilge amháin, Gearóid Breathnach, gur cheart don SEC, Coimisiún na Scrúduithe Stáit, soiléiriú a thabhairt mar gheall ar an siollabas Gaeilge.
“Tá sé in am ag an SEC a rá mura bhfuil siad compordach leis an ábhar sin agus mura bhfuil é a bhaint den chúrsa. Is cur amú ama ar fad atá ann, bíonn daltaí á staidéar ach ní bhíonn siad riamh le feiceáil ar an bpáipéar.
“Tá sé áiféiseach mar atá. Abair amach é! Tá sé ar an gcúrsa nó níl sé ar an gcúrsa. Bliain i ndiaidh bliana tá muid ag fanacht leis ach ní bhíonn sé ann in aon chor,” a dúirt Breathnach.
Bríd Ní Ógáin
Ní thuigim an fhadhb. Tá dán de chuid Uí Shearcaigh “Colmáin” tar éis teacht suas cúpla uair sna dánta breise. Ait go bhfuiltear á sheachaint ar an gceist phróis.