D’íocfaí deontas saor ó cháin suas le €6,000 le múinteoirí a chuirfeadh feabhas ar a gcuid Gaeilge faoi scéim nua atá beartaithe ag Roinn na Gaeltachta.
D’fhógair an Rialtas airgead breise do Roinn na Gaeltachta i mBuiséad 2024 chun scéim phíolótach a mhaoiniú a thacódh le múinteoirí scoile agus oibrithe in earnáil an luathoideachais feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga.
I gcáipéisí de chuid na Roinne, atá faighte ag Tuairisc faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, tugtar tuilleadh eolais maidir le céard a bheadh i gceist leis an scéim.
Agus an maoiniú don deontas nua á lorg ag Airí na Gaeltachta ag cruinniú réamhbhuiséid leis an Aire Airgeadais, dúradh leis go raibh gá lena leithéid de scéim nua ag teastáil le dul i ngleic leis “vicious circle” atá ann faoi láthair ó thaobh theagasc na Gaeilge sa chóras oideachais.
Faoin scéim, déanfar cumas Gaeilge na múinteoirí a thomhas ar dtús trí chóras tástála TEG, an Teastas Eorpach sa Ghaeilge.
Chaithfeadh siad tréimhse idir 8-12 mí ansin ag cur feabhais ar a gcuid scileanna trí chúrsaí ar líne nó ar an láthair agus bheadh tréimhse sa Ghaeltacht i gceist freisin.
Ag deireadh na tréimhse foghlama sin, dhéanfadh na rannpháirtithe scrúdú TEG eile chun an dul chun cinn a bheadh déanta acu a thomhas.
D’íocfaí deontas idir €2,000 agus €6,000 leo ag brath ar an dul chun cinn a bheadh déanta agus bheadh an deontas is mó acu siúd a dhéanfadh an dul chun cinn is mó i dtaobh a gcuid Gaeilge.
Tá molta ag Airí na Gaeltachta go mbeadh na deontais a d’íocfaí leis na rannpháirtithe saor ó cháin.
Tá sé beartaithe ag an Roinn gur scéim dheonach a bheadh i gceist agus go ndéanfaí an traenáil agus an tástáil lasmuigh d’uaireanta na scoile. An eagraíocht Gaeloideachas a bheidh i mbun cúrsaí traenála agus riaracháin na scéime.
Rinne an tAire Catherine Martin agus an tAire Stáit Patrick O’Donovan cás ar son na scéime ag cruinniú a bhí acu leis an Aire Airgeadais Michael McGrath roimh fhógairt Bhuiséad 2024.
Dúradh ag an gcruinniú go raibh “vicious circle” ann faoi láthair agus droch-chaighdeán Gaeilge acu siúd a théann isteach sna coláistí oiliúna ón scoil agus go mbíonn a gcuid scileanna teanga fós easnamhach agus iad ag fágáil na gcoláistí le dul ag obair i scoileanna.
Nuair a thosaigh Roinn na Gaeltachta ag plé Buiséad 2024 leis an Roinn Caiteachais Phoiblí, bhí €1.5 milliún á lorg chun an scéim nua a riaradh ar bhonn píolótach ach tuigtear gur gearradh siar ar an maoiniú a cuireadh ar fáil faoi dheireadh mar chuid de chiorruithe níos leithne a rinneadh ar mheastacháin na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán.
Dúirt Aire na Gaeltachta an mhí seo caite gur cuireadh €1 milliún breise ar fáil dá Roinn ar mhaithe leis an scéim a chur ar bun.
Thug Stiúrthóir na Gaeilge sa Roinn an tseachtain seo caite gur 200 duine a ghlacfadh páirt sa scéim ar dtús – 150 múinteoir bunscoile agus iarbhunscoile agus 50 oibrí san earnáil luathoideachais.
Agus é ag labhairt ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais, dúirt Aodhán Mac Cormaic go raibh súil ann go bhféadfaí an scéim a leathnú amach má éiríonn léi agus spás do suas le 1,000 múinteoir a chur ar fáil.
“Tá fadhb ann sa chóras oideachais, tá sé sin aitheanta ag an Roinn Oideachais, agus tá muid ag iarraidh céim bheag a thógáil chun dul i ngleic leis sin,” a dúirt sé.
Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, nach raibh sé ceart gur ó bhuiséad Roinn na Gaeltachta a bheadh an t-airgead ag teacht chun feabhas a chur ar Ghaeilge múinteoirí.
Buiséad €10.5 billiún a bheidh ag an Roinn Oideachais an bhliain seo chugainn, breis is deich n-uaire níos mó ná an €100 milliún a bheidh le caitheamh ag Roinn na Gaeltachta ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.
Cordelia Nic Fhearraigh
Más scéim dheonach a bheas ann cha bhíonn sé éigeantach agus is ceap magaidh a bheas ann. Níl fhios agam an bhfuil morán múinteoirí a íocann as oiliúint as a bpócaí féin.
Cad chuige a bhfuil seo ag teacht faoi roinn na gaeltachta? Nach bhfuil an ghaeilg a theagasc ar fud na tíre? An bhfuilthear chun roinn na gaeltachta a athrú go roinn na gaeilge??
An mbeidh deis ag na foghlaimeoirí seo an ghaeilg a úsáid taobh amuigh de láthair na scoile? An mbeidh an féinmúinín acu sin a dhéanamh?
Cad chuige nach mbíonn bliain gaeilge éigeantach ag na coláistí oiliúna? Sé sin, go mbíonn achan rud déanta trí mheán na gaeilge agus, cosúil leis na coláistí samhraidh (sílim), nach mbíonn cead aon teanga eile ach an ghaeilg a úsáid – fiú taobh amuigh de ranganna. Bheadh stair na gaeilge agus an phleanáil teanga mar chuid den churaclám sa bhliain sin fosta.
Agus, mar is gnáth, seo polaiteoirí agus an rialtas agus ranna rialtais ag plé ceist na gaeilge – trí mheán an bhéarla. Mar a rinneadh nuair a bhí muid faoi réim an chóilíneachais. Nach bhfuil córas ateangaireacht ann? Nach bhfuil na polaiteoirí siúd a bhfuil gaeilg acu ábalta a bpointí a chuir trasna i ngaeilg? Nach gcuirfeadh seo feabhas ar a gcuid gaeilge? Nach gcrúthódh sé postanna d’ateangairí? B’fhéidir go mbainfeadh siadsan (polaiteoirí) tairbhe as an scrúdú TEG fosta… ar son na cúise
jpmorley0@gmail.com
Phós Maidhc Dainín Ó Sé, athair an ‘cheiliúráin mhothallaigh’ Dáithí Ó Sé… bean anoir ná raibh aon fhocal Gaeilge aici. Ach ‘sí an Ghaeilge a labhradh Dainí lena chlann AGUS lena bhean i gcónaí. I mBéarla a d’fhreagraíodh sí féin, áfach. Ba dhó’ leat go n-éireodh imreas agus easaontas eatarthu dá bharr sin ach níor éirigh. D’oibrigh sé. Tá an dá arm aigne ag a chlann inniu agus iad muiníneach, éiritheach sa saol. Tá scata Éireann samplaí eile mar sin ann. Braitheann sé ar an lánúin féin. Ceapann daoine áirithe go mbeidh an dara teanga ag teacht salach ar an gcéad theanga ach ní bheidh in ao’ chor. Buntáiste mór a bheidh ann dá bpáistí. Ba cheart é seo a mhíniú dóibh óir is easpa tuisceana agus umhlaíocht aigne is bun leis, cuid mhaith.