‘Níor chóir go mbeadh buiséad na Gaeltachta á úsáid chun feabhas a chur ar Ghaeilge múinteoirí’ – Sinn Féin

Deir an Teachta Aengus Ó Snodaigh nár cheart go mbeadh airgead chun scileanna teanga múinteoirí a fheabhsú ag teacht ón gciste atá curtha ar leataobh do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta

‘Níor chóir go mbeadh buiséad na Gaeltachta á úsáid chun feabhas a chur ar Ghaeilge múinteoirí’ – Sinn Féin

Deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin nach ceart gur ó bhuiséad Roinn na Gaeltachta atá an t-airgead ag teacht do scéim nua chun feabhas a chur ar Ghaeilge múinteoirí.

Fógraíodh mar chuid de Bhuiséad 2024 go raibh tús le cur le scéim phíolótach chun cumas Gaeilge múinteoirí scoile agus oibrithe in earnáil an oideachais luath-óige a fheabhsú. Maoineofar an scéim leis an €1 milliún breise a fógraíodh do Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán.

Deir an Teachta Aengus Ó Snodaigh nár cheart go mbeadh an t-airgead chun scileanna teanga múinteoirí a fheabhsú ag teacht ón gciste atá curtha ar leataobh do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta sa Roinn sin agus gur roinn rialtais eile ba cheart a bheith ag maoiniú na scéime.

Faoi Bhuiséad 2024, tugadh ardú €4 milliún do Roinn na Gaeltachta do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus ciste €100 milliún san iomlán ann don bhliain seo chugainn.

Buiséad €10.5 billiún a bheidh ag an Roinn Oideachais in 2024 agus €4.1 billiún a chuirfear ar fáil don Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta.

Tá díomá léirithe cheana ag Ó Snodaigh faoin a laghad airgid a chuirtear ar fáil do bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta agus, maidir le maoiniú na scéime nua do mhúinteoirí, deir sé gur chóir go mbeadh an t-airgead ag teacht ó fhoinse eile.

“Aon rud mar seo, níor chóir go mbeadh sé ag teacht as buiséad na Gaeltachta agus tá géarghá é sin a chosaint mar tá rudaí eile gur féidir an t-airgead a chaitheamh orthu.”

Maidir le cumas Gaeilge múinteoirí a fheabhsú, deir Ó Snodaigh go bhfuil níos mó ná scéim phíolótach ag teastáil.

“Is léir,” a deir sé, “nach bhfuil ag éirí leis an gcóras mar atá.”

Ar a laghad, ba cheart go mbeadh ábhar oidí ag caitheamh seachtain bhreise sa Ghaeltacht gach bliain, dar le Ó Snodaigh.

“An t-aon bhealach gur féidir feabhas a chur ar Ghaeilge múinteoirí ná dul leis an tumoideachas chomh tapa agus is féidir.”

Deir sé go gcaithfear brú a chur ar an Roinn Oideachais le cúrsaí a athrú.

“Ní fheicim go mbíonn an Roinn Oideachais sásta aon scéimeanna nua a ghlacadh orthu féin. Ní hiad is tapúla chun aon athrú a dhéanamh nó glacadh leis go bhfuil fadhb ann.”

Fág freagra ar '‘Níor chóir go mbeadh buiséad na Gaeltachta á úsáid chun feabhas a chur ar Ghaeilge múinteoirí’ – Sinn Féin'

  • Pádraig Mac Fhearghusa

    Sea, is é gnó na Roinne Oideachais féachaint chuige go bhfeabhsaítear caighdeán Gaeilge na múinteoirí le linn a gcúrsaí oiliúna, agus ina dhiaidh san.
    Is é gnó an rialtais a chinneadh go ndéanfaidh an Roinn amhlaidh, agus a chinntiú go bhfeidhmeoidh an státseirbhís agus na hinstitiúidí cuí dá réir.
    Nó an bhfuil an chuma air go bhfuil an Roinn Oideachais i mbun teanga stairiúil náisiúnta na tíre a bhrú isteach i ngeiteo?

  • Siob

    Tá an ceart aige faoi rud amháin. Is iad an Roinn Oideachais agus na grúpaí stocaireachta oideachais an chéad stad agus an stad deiridh don Ghaeilge.