Deis ag na Connachtaigh ar phointe bónais anocht

Beidh na Cúigí eile ag cur chun páirce i mbabhta 14 de chomórtas an Pro 12 an deireadh seachtaine seo, ach anocht a thabharfaidh na Connachtaigh faoi na Dragons sa mBreatain Bheag

Bainisteoir Chonnacht, Pat Lam. INPHO/James Crombie
Bainisteoir Chonnacht, Pat Lam. INPHO/James Crombie

Is ar éigean a bheas deis ag imreoirí na gCúigí breathnú ar na cluichí Sé Náisiún an deireadh seachtaine seo.  Beidh siad ar fad ag cur chun páirce i mbabhta 14 de chomórtas an Pro 12.

Ar an Déardaoin, tugann na Connachtaigh faoi na Dragons sa mBreatain Bheag. Tá na Connachtaigh sa tríú háit ar an tábla faoi láthair, iad breis agus scór pointe chun cinn ar na Dragons, foireann atá sa deichiú háit agus gan ach ceithre chluiche as trí cinn déag buaite acu i gcomórtas na bliana seo.  Is cinnte go mbeidh díomá ar Phat Lam má theipeann ar na Connachtaigh na pointí a thabhairt leo. Is cinnte freisin nach n-éisteoidh lucht leanta Chonnacht le leithscéalta má theipeann orthu.  Seans go bhfuil go leor acu ag súil le pointe bónais fiú amháin.

Ar an Aoine, beidh buntáiste an bhaile ag na Laighnigh agus ag na hUltaigh. San RDS a bheas fir Chúige Laighean, foireann atá sa cheathrú háit ar an tábla i gcoinne Zebre atá san aonú áit déag. Is deacair bua a thuar do na hIodálaigh sa gcluiche seo, fiú agus na Laighnigh gan go leor imreoirí de bharr dualgas idirnáisiúnta. Mar sin féin, ní dóigh go mbeidh mórán idir na foirne seo, caithfidh fir Átha Cliath a bheith san airdeall.

Comórtas idir foireann barr tábla, Cúige Uladh agus foireann san ochtú áit, Glaschú, a bheas i mBéal Feirste ar an Aoine freisin. Ach an oiread le cás Zebre san RDS is deacair bua do na cuairteoirí a thuar sa gcluiche seo. Má bhíonn fáil ag Cúige Uladh ar Jackson mar a bhí acu an deireadh seachtaine seo caite nuair a lig Joe Schmidt dó filleadh ar an gcúige ón gcampa idirnáisiúnta, beidh dúshlán ollmhór roimh Ghlaschú.

Tá na Muimhnigh sa mbaile i gCorcaigh ar an Domhnach agus iad i gcoinne Ospreys na Breataine Bige. Seans go mbeidh sé seo ar cheann de na cluichí is fearr a bheas á n-imirt sa bPro 12 an deireadh seachtaine seo. Níl na Muimhnigh ach áit amháin chun cinn ar na hOspreys, foireann atá sa seachtú háit faoi láthair, cé go bhfuil sé phointe eatarthu.  Seans gur leor sin mar spreagadh do na Muimhnigh don chluiche seo, fios maith acu go bhfuil deis ar leith acu faoi láthair cluichí a bhuachtáil de bhrí go bhfuil an oiread imreoirí in easnamh ar chuid mhaith de na foirne eile de bharr chomórtas na Sé Náisiún.

Ní ionann an cás do na Muimhnigh baileach!! Seo seans dóibh. An mbeidh siad in ann teachta i dtír air?

Fág freagra ar 'Deis ag na Connachtaigh ar phointe bónais anocht'