Deireadh seachtaine stairiúil do scannáin Ghaeilge agus gradaim mór le rá buaite acu

D’éirigh thar barr leis an scannán ‘An Cailín Ciúin’ ag na gradaim IFTA agus ocht ngradam ar fad bronnta air agus ghnóthaigh ‘Róise & Frank’ duais ag Féile Scannán Santa Barbara

Deireadh seachtaine stairiúil do scannáin Ghaeilge agus gradaim mór le rá buaite acu

“Rud iontach stairiúil” a bhí sa mhéid a bhain scannán Gaeilge amach ag an deireadh seachtaine agus ocht ngradam IFTA bronnta ar An Cailín Ciúin, an phríomhdhuais don ‘Scannán is Fearr’ ina measc. Fuair ‘An Cailín Ciúin’ an ceann is fearr ar leithéidí Belfast, a bheidh san iomaíocht ag na Oscars i mbliana.

Thug réalta óg An Cailín Ciúin, Catherine Clinch an gradam léi don ‘Bhan-Aisteoir is Fearr’ dá páirt Cáit sa scannán. Bronnadh an IFTA don ‘Stiúrthóir is Fearr’ ar Cholm Bairéad agus bronnadh ‘Gradam Réalta Nua Fís Éireann’ air chomh maith.

Bhuaigh ceathrar eile gradaim as an obair a rinne siad ar an scannán. Fuair Kate McCullough an IFTA don ‘Cineamatagrafaíocht is Fearr’, agus bhí an lá le John Murphy sa rannóg don ‘Eagarthóireacht is Fearr’.  Bronnadh gradam IFTA don ‘Cheol is Fearr’ ar Stephen Rennicks agus gradam don ‘Dearadh Léirithe is Fearr’ ar Emma Lowney.

“Tá lúcháir orainn go bhfuil ocht ngradam IFTA buaite ag foireann An Cailín Ciúin, an Scannán is Fearr, an Stiúrthóir is Fearr agus an Príomh-Aisteoir is Fearr san áireamh. Sáraíonn sé seo gach a raibh muid ag súil leis,” a dúirt Cleona Ní Chrualaoi, Léiritheoir An Cailín Ciúin.

“Is rud iontach stairiúil é an méid atá bainte amach ag an scannán. Ár míle buíochas do IFTA as na honóracha ollmhóra seo.”

Dúir Máire Ní Chonláin, Eagarthóir Coimisiúnaithe An Cailín Ciúin i TG4 go raibh an stáisiún “ríméadach agus an-mhórálach” go raibh tacaíocht tugtha acu don scannán.

Tá an An Cailín Ciúin bunaithe ar ghearrscéal le Claire Keegan agus rinneadh an scannánú i mBaile Átha Cliath agus i gcontae na Mí.

Scéal casta leochaileach é faoi dhuine atá ag teacht in inmhe agus pléitear an teaghlach, an fhaillí agus an chailliúint trí shúile an phríomhcharachtair óig.

Ó taispeánadh den chéad uair ag an Berlinale é mí Feabhra, tá ardmholadh á fháil ag an scannán ó léirmheastóirí anseo in Éirinn agus go hidirnáisiúnta agus gradaim buaite aige ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Virgin Media agus ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bheirlín.

D’éirigh go maith freisin le scannán Gaeilge eile ag féile idirnáisiúnta an deireadh seachtaine seo agus an gradam do ‘Rogha an Lucht Féachana’ ag Féile Scannán Santa Barbara buaite ag Róise & Frank.

Bhuaigh an scannán duais ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath freisin le gairid.

Insítear sa scannán, a rinneadh i nGaeltacht Phort Láirge, scéal Róise (Bríd Ní Neachtain) ar bhásaigh a fear céile dhá bhliain roimhe sin. Tagann madra chuici agus taibhsítear do Róise gurb é Frank atá ann agus é ina bheatha arís. Ceapann a mac (Cillian Ó Gairbhí) go bhfuil sí imithe as a meabhair ar fad.

Rachael Moriarty agus Peter Murphy a scríobh agus a stiúir Róise & Frank, agus Cúán Mac Conghail ó Macalla Teo a léirigh.

 

Fág freagra ar 'Deireadh seachtaine stairiúil do scannáin Ghaeilge agus gradaim mór le rá buaite acu'