Deireadh le cur le caitheamh mascanna i bhformhór áiteanna

Toisc Covid-19 a bheith fós fairsing go maith in ionaid altranais is cúram sláinte agus daoine leochaileach go maith sna hionaid sin, caithfear cloí leis na mascanna ansin go fóill

Deireadh le cur le caitheamh mascanna i bhformhór áiteanna

Is í an chomhairle is déanaí ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) don Rialtas nach mbeadh sé riachtanach feasta masc a chaitheamh i bhformhór na n-áiteanna ina bhfuil an dlí sin i bhfeidhm faoi láthair. I litir ón bPríomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, a chuir NPHET an chomhairle is déanaí seo in iúl don Rialtas tar éis chruinniú na foirne inniu.

Má ghlacann an Rialtas le comhairle NPHET, ní bheadh dualgas ar dhaoine mascanna a chaitheamh feasta i scoileanna, i siopaí, in oifigí poiblí ná ar an gcóras iompar poiblí. Ní bheadh ar na hoibrithe a bhíonn ag bualadh le custaiméirí masc a chaitheamh ach an oiread – oibrithe in earnáil an fháilteachais, cuir i gcás.

Toisc Covid-19 a bheith fós fairsing go maith in ionaid altranais is cúram sláinte agus daoine leochaileach go maith sna hionaid sin, caithfear cloí leis na mascanna ansin go fóill.

Níl an lucht leighis ar fad ar aon intinn faoin gcinneadh. Dúirt an Dr Clíona Ní Cheallaigh, saineolaí agus léachtóir ar ghalair thógálacha, ar RTÉ ar maidin go raibh go leor den víreas fós thart agus mhol sí d’aon duine a bhí ag iarraidh an Covid-19 a sheachaint “masc a chaitheamh” in áiteanna poiblí.

Mhínigh sí go raibh daoine ann nach bhfuil a gcóras imdhíonachta ag obair mar is ceart agus go mbíonn siadsan “an-tinn go deo” leis an víreas agus go bhfaigheann cuid díobh bás dá bharr.

D’impigh sí go háirithe ar mhná atá ag súil le páiste an vacsaín iomlán a fháil mar go bhfuil siadsan an-leochaileach.

Dúirt Ard-Rúnaí Cheardchumann na nOibrithe Bus agus Traenach go mb’fhearr leosan dá bhfágfaí mascanna riachtanach go deireadh an Mhárta nuair a bheadh an chuid is mó de na slaghdáin agus den chasacht curtha dínn againn.

Fág freagra ar 'Deireadh le cur le caitheamh mascanna i bhformhór áiteanna'