Deireadh curtha le plean d’ionad soláthar díreach sa Connemara Gateway Hotel in Uachtar Ard

Ghlac thart ar 2000 duine páirt in agóid mhór i gcoinne na forbartha ag an deireadh seachtaine

Deireadh curtha le plean d’ionad soláthar díreach sa Connemara Gateway Hotel in Uachtar Ard

Tá sé deimhnithe ag úinéirí an Connemara Gateway Hotel in Uachtar Ard go bhfuil siad ag tarraingt siar ó fhorbairt ionad soláthar díreach ar an mbaile.

Tá an baile i gConamara go mór i mbéal an phobail le tamall anuas mar gheall ar aighneas faoin scéala go rabhthas chun ionad soláthar díreach a fhorbairt ann do lucht iarrtha tearmainn.

Spreag an chonspóid díospóireacht faoin soláthar díreach agus faoi dhearcadh an phobail i leith lucht iarrtha tearmainn.

Ghlac thart ar 2000 duine páirt in agóid mhór i gcoinne na forbartha ag an deireadh seachtaine.

Dúirt urlabhraí thar ceann úinéirí an Connemara Gateway Hotel le Galway Bay FM gur cinneadh an plean don fhorbairt a chaitheamh i dtraipisí mar gheall “ar an mbrú ollmhór” a bhí á chur orthu agus le cinntiú go mbeadh “an uile dhuine sábháilte”.

Dúirt an comhairleoir contae Thomas Welby, a d’eagraigh an cruinniú conspóideach in Uachtar Ard a tharraing aird an tsaoil mhóir ar an scéal, go raibh “an-áthas ar chách” faoin scéal. Dúirt sé gur chóir go spreagfadh an scéal leasú ar an gcóras soláthar díreach. Dúirt sé gur chóir “náire” a bheith ar an Roinn Dlí agus Cirt faoin gcóras.

 

Fág freagra ar 'Deireadh curtha le plean d’ionad soláthar díreach sa Connemara Gateway Hotel in Uachtar Ard'