Dein rud atá ar do chroí – ó Bhaile Na bPoc go Ulaanbataar!

Fuaireas glaoch ó mo sheanchara farraige Paddy Barry agus d'iarr sé orm an ndéanfainn an Mongol Rally in éineacht leis agus gan chuimhneamh dúirt go ndéanfainn

Dein rud atá ar do chroí – ó Bhaile Na bPoc go Ulaanbataar!

Mike Alexander, Breanndán Ó Beaglaoich, Paddy Barry agus Mark Alexander

‘Bhfuilimid as ár meabhair nó ná fuilimid? Ba mhaith liom a chuimhneamh go bhfuilimid as ár meabhair ach gur neameabhair chruthaitheach fhónta í agus, mar a dúirt Van Gogh, ‘An dream ciallmhar nár dhein aon ní díchéillí riamh, nach mó díth céille orthu i mo shúilese ná ormsa ina súile sin?’

Thugas fiche bliain ag múineadh agus i gcoinne mo thola ab ea é formhór an ama agus ach a ‘gcruaigh ar an gcailligh is nuair a chaith sí rith’ i bhfómhar na bliana 1997, nuair a d’éiríos as an ngairm sin go buan, dheineas rud ná deinim ach uair umá seach, léigheas mo réalta a bhí ar an bpáipéar oscailte romham sa bhialann Roots i dTrá Lí agus scríte ann bhí ‘Follow your heart, a moment of madness is better than a life of logic.’ ‘Chugamsa é seo,’ arsa mise liom fhéin mar tuigeadh dom gan aon amhras gur dom a bhí sé scríte!

Bealtaine na bliana anuraidh fuaireas glaoch ó mo sheana-chara farraige Paddy Barry agus d’iarr sé orm an ndéanfainn an Mongol Rally in éineacht leis agus gan chuimhneamh dúirt go ndéanfainn, cé ná feadar cad a bhí i gceist aige, mar tá an oiread san iontaoibh agam sa duine go raghainn ar aon saghas turas in theannta, fiú amháin dá mba ar an ngealaigh fhéin é…i gcairt asail!

Is beag atá déanta agamsa ó fuaireas an cuireadh sin maidir le hullmhúchán dó mar tá sé ar fad déanta aige Paddy is a chomhghleacaithe. Is breá leis an saghas san oibre. Éiríonn a chroí ag déanamh socruithe dá leithéidí agus mise, ach a gcuimhním ar a leithéidí de shocruithe, “titeann mo chroí i mo thóin!” mar a dúirt Pat’s Kane na Muirí.

Sé an plean atá againn ná Baile na bPoc a fhágaint ar an 10ú lá de Mheitheamh, dul as san go Bleá Cliath, bád go Caergybi (Holyhead) an mhaidin dár gcionn, tríd an mBreatain Bheag agus ansan bualadh le dhá chriú atá chomh hait linn fhéin i Kent Shasana an tráthnóna san. Tá Mike Alexander atá 87 bliain d’aois is a mhac Mark atá 61 ag dul i Jimny 2003 (Suzuki) chomh maith agus beirt eile atá níosa ghiorra don 80 ná an 70 bliain d’aois ag dul i gcairtín bheag Ford 2010.

Tá sé i gceist againn Muir nIocht a thrasnú go Calais fén bhfarraige ar an 13 Meitheamh. An uair dheireanach a thugas an turas san orm fhéin, le Paddy Barry le mo chois aríst, is ag stiúradh an luaimh Ar Seachrán a bhí sé in 2014 agus é mar bhád cúnta ag Naomhóg na Tinte, le Danny Sheehy, Breandán Pháid Ó Muircheartaigh, Liam Holden is mé fhéin ag rámhaíocht an Bhriotáin. A mhalairt de radharc an babhta seo áfach!

Seo linn ansan le cúnamh Dé ó Calais na Fraince tríd an nGearmáin, Poblacht na Seice, an Slóvaic, an Ungáir, an tSeirbia, an Bhulgáir, an Tuircméanastáin, an Iaráin, an Úisbéiceastáin, an Táidsíceastáin, an Chirgeastáin, an Chasacstáin, an Rúis agus ar deireadh thiar thall an Mhongóil go Ulaanbataar!

An Jimni

Cheistigh bean sa Daingean mé an tseachtain seo ‘migh tharainn “Canathaobh go bhfuil sibh á dhéanamh san?”

“Canathaobh ná déanaimíst?” a dúirt léi de gheit agus thosnaíomar araon ins na trithí ag gáirí agus sin a raibh faoi.

Dá mbeadh a mhalairt d’fhreagra tabhartha ar Phaddy agam anuraidh nó dá mbeinn idir dhá chomhairle ina thaobh féach an deis a bheadh caillte agam.

Cathain a gheobhad an seans aríst dul trí na tíortha san ar fad? Beidh sé contúirteach níl aon bhaol air ach nach í an leaba an áit is contúirtí ar domhan má chreideann tú staitisticí, mar nach ansan a chailltear formhór na héinne?

Murab aon ní eile é is ceacht domsa é ar conas scaoileadh fés na blianta atá dlite dhom maireachtaint os cionn talún. An dream seo go mbead leo, beadsa ar an tarna duine is óige ina measc, iad ag scaoileadh fén dtráth seo dá saol le fonn is le fuadar agus le hintinn ard.  Ní ghéillid do ‘Fiche Bliain  ag fás, fiche bliain fé bhláth, fiche bliain ag meath agus fiche bliain gur cuma tú ann ó as!’   Tá díochracht foghlama sa chriú seo ná chífeá i ndéagóirí go minic agus is breá liom san iontu chomh maith leis na haon ní eile.

Mar a dúirt Ghandi” “Mair gach lá fé is dá mba é do lá deireanach é is bí ag foghlaim fé mar is dá mbeifeá chun maireachtaint go deo.’

An criú le hAmbasadóir na hIaráine

Fuaireamar an víosa ó ambasáid na hIaráine an lá céanna ar fhógair Éire a tacaíocht do Stát na Palaistíne. D’iarr ambasadóir na hIaráine orainn leabhar na gcomhbhrón a shíniú chomh maith. Faid is bhíomar ann ghaibh ambasadóir na Seice isteach chun é a shíniú agus dúradh linn go raibh Michael D ann ní ba luaithe sa lá. B’fhéidir go raibh baint aige sin leis na múrtha fáilte a cuireadh romhainne.

Tá sé ráite riamh nár chaill fear ná bean an mhisnigh riamh é, agus umhlaím do mhisneach na bhfear seo agus a chonách san orthu. Ar chuma mhana na Féinne. ‘Ón gcraiceann go dtí an bhfeoil, ón bhfeoil go dtí an gcnámh, ón gcnámh go dtí an smior is ón smior go smúsach’, ní ghéilleadar. Má théann dínn ceann scríbe a bhaint amach, ná raibh sé le rá inár dtaobh nár thugamar fé, agus fágaimist siúd mar atá sé!

PS: Ghaibh sé trí mo chluasa gurb é an bhrí a bhí le Ulaan Bataar ná ‘Laoch Dearg’. N’fheadar an éireoidh leis an mBeag Laoch an Laoch Dearg a bhaint amach?

Fág freagra ar 'Dein rud atá ar do chroí – ó Bhaile Na bPoc go Ulaanbataar!'

  • WTF

    Nó, ‘mair gach lá fé is dá mba é do lá deireanach é
    agus beidh an ceart agat lá éigin.’

  • JP

    ‘Fan amach ón bhfochais.’
    Tá sé ráite riamh agus tá mórán fochaisí sa liosta sin tíortha ná raghainn ina n-aice ar ór ná ar airgead na cruinne.

  • Kerry Blue

    Mar eolas:
    Canúint na Mumhan: Dúrt
    Canúintí eile: Dúirt mé

  • Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile

    Ag féachaint dom ar ghriangraf an chriú níl dabht ar domhan agam go n-éireoidh leo. Ach, an mbeidh muintir Ulaanbataar réidh leis an gcúigear acu?