Deich slí leis an dochar a dhéanann Trumpitis dár meabhairshláinte a mhaolú

Tá síciatraithe éagsúla sna Stáit Aontaithe ag tabhairt Trumpitis ar thionchar síceolaíochta an uachtaráin ar mhórán thall

Deich slí leis an dochar a dhéanann Trumpitis dár meabhairshláinte a mhaolú

Tá sé chomh maith againn é a admháil faoin am seo. Tá ár bhformhór faoi dhraíocht ag Donald Trump. Ní hionann sin agus a rá go bhfuil meas againn air mar dhuine, nó go n-aontaímid le mórán dá thuairimí ná go gcreidimid a bhréaga.

Tarraingíonn ráitis Trump ár n-aird ar dhóigh nach raibh ar chumas aon uachtarán eile a toghadh lenár linn sna Stáit Aontaithe. Tá imní ar leith ar Éireannaigh anois agus é geallta go bhfógrófar sonraí na dtaraifí nua ar earraí ón AE agus ar earraí cógaisíochta go háirithe Dé Céadaoin. Is é sin más fíor a ndúirt sé – caveat a chaithfear a chur le gach focal ó bhéal Trump.

Spreagann a chaint ar bheagán machnaimh ar mhórán ábhar eile imní nó alltacht nó fearg i gcónaí beagnach. Is mó go deimhin an croitheadh a bhaineann uachtarán na Stát Aontaithe asainn toisc nach féidir a bheith cinnte ó lá go lá cad a déarfaidh sé ná cén cinneadh a chuirfidh sé i bhfeidhm go hiomlán.

Ó d’fhill Trump ar an Teach Bán i mí Eanáir, táimid ag dul i dtaithí arís ar rabhartaí rialta áiféise, bagairtí agus bréaga. Gan dabht caithfear a bheith san airdeall maidir le gníomh in aghaidh na hÉireann a bheith á bhagairt aige chomh maith leis an dochar a dhéanfaidh a tharaifchogaíocht don gheilleagar idirnáisiúnta.

Sin ráite áfach, ní foláir cuimhneamh ar cheist phearsanta: an féidir tionchar Trump ar ár sláinte mheabhrach a shrianadh?

Is tábhachtaí an cheist i gcás meabhairshláinte na ndaoine a chuireann spéis mhór i gcúrsaí reatha. Ina measc daoine a admhaíonn gur scrolláil ar thóir drochscéala a bhíonn ar bun acu agus iad ag breathnú rómhinic ar líne ó mhaidin go hoíche

Tá síciatraithe éagsúla sna Stáit Aontaithe ag tabhairt Trumpitis ar thionchar síceolaíochta an uachtaráin ar mhórán daoine thall. Cuireann a chuid cainte an oiread imní ar chuid acu go bhfuil seifteanna á moladh acu chun suaimhneas a chothú dá ainneoin. Ní hé Trump is cúis le gach drochscéala ar ndóigh, ach cuireann sé go mór leis an imní a spreagann nuacht ghruama den uile chineál.

Tá na tuairimí thíos ar shlite bunaithe ar chuid den chomhairle atá á cur ar Mheiriceánaigh ag síciatraithe éagsúla. Ina measc mar shampla, an Dochtúir John Kruse, síciatraí agus scríbhneoir, a chuireann béim ar réiteach amháin a chothóidh suaimhneas dar leis in ionad a mhalairt.

Baineann Trump leas as bagairt, drochbhéas, maslú, díoltas, drochmheas, cáineadh as cuimse ar dhaoine nó ar thíortha eile agus a chion as cuimse air féin.

Is buille ina choinne mar sin agus cothú suaimhnis, dar leis, gach gníomh a léiríonn meas, cairdeas, dea-bhéas, flaithiúlacht nó cineáltacht. Is fiú machnamh ar chomhairle dá leithéid agus seifteanna mar atá leagtha amach thíos á léamh.

Deich slí chun Trumpitis a mhaolú nó a sheachaint

1 Ná spreag comhrá gan mhaith má bhaineann sé le hUachtarán na Stát Aontaithe. Cuimhnigh ar chuspóir Trump: lagmhisneach agus imní a spreagadh agus leas á bhaint aige as bréaga, bagairt, doiléire d’aon ghnó, fonóid, masla, ciníochas agus drochmheas ar dhaoine, ar an dlí, ar thíortha eile agus ar chomhaontuithe idirnáisiúnta. Fiafraigh díot féin: an mbainfidh duine ar bith, tú féin san áireamh, tairbhe as comhrá faoin mbagairt nó faoin áibhéil is deireanaí? Más léir nach mbainfidh, fan i do thost, nó smaoinigh ar ábhar cainte eile.

2 Cuimhnigh ar mheabhairshláinte na ndaoine a chastar ort. Dúirt an síciteiripeoir Beilgeach Linda Hoeben le gairid gur léir ó toghadh Trump arís go gcuireann a bhriathra imní iomarcach ar a cuid cliant agus ar mhórán daoine eile. Níl aon tionchar ag ár bhformhór ar chúrsaí an domhain, a dúirt sí, ach tá tionchar ag daoine orthu féin agus ar a gcomharsanacht. Tá idir shuaimhneas agus scanradh tógálach – is féidir iad ar aon a scaipeadh.

3 Ná caith an oiread ama ar líne, nó ag aimsiú nuachta ar líne go háirithe, nó á lorg ar X go háirithe. Tá drochscéalta ag teacht go tiubh, fiú má fhágtar briathra dothuartha Trump as an áireamh. Tuilleann X rabhadh sa bhreis mar gheall ar an raiméis threisithe atá á scaipeadh go tréan ar an gcóras ó cheannaigh Elon Musk é.

(Admháil: ní chuireann an scríbhneoir seo a chomhairle fhéin i bhfeidhm i gcónaí faraor.)

4 Is féidir le lucht caidrimh gnásanna a chur i bhfeidhm chun stop a chur le leathadh Trumpitis, mar a chuala an scríbhneoir seo á phlé le gairid. Socraíodh i gcomhluadar amháin nach luafaí ainm an Uachtaráin in aon chor. I gcomhluadar eile d’aontaigh a raibh i láthair go mbeadh ar an gcéad duine eile a luaigh Trump deoch a sheasamh dá raibh i láthair.

5 Cuimhnigh ar an straitéis a mhol iarchomhairleoir Trump Steve Bannon chun déileáil leis na meáin. Báigh an ceantar le cac, a dúirt sé. Ní salachar ainmnithe a bhí i gceist aige ar ndóigh ach raiméis, ráflaí agus bréaga a d’fhágfadh iriseoirí ar maos chomh mór sin i seafóid gur deacair dóibh an fhírinne a aimsiú. Oireann cur chuige dá leithéid don uachtarán ach b’fhearr gan ligean dó a bheith ina mháistir ar ár smaointe ná ár gcomhrá.

6 Cuimhnigh freisin ar thoil Trump bréag a insint ar chúis ar bith nó fiú gan chúis. Insíonn go leor ceannairí bréag nó leathbhréag ó am go ham. Má thugann siad éitheach is ábhar suntais a leithéid toisc gur eisceacht é. Ní fiú ró-aird a thabhairt ar bhréaga Trump toisc gurb ionann rómhinic a ghnáthchaint agus inseacht bréaga.

7 Tagann bréaga seafóideacha óna bhéal chomh minic nach dtuilleann siad ach tagairt ghairid ar a mhéid. Mar shampla, bhí a thoil mhínáireach éalú ó cheist chrua follasach nuair a fuarthas amach Dé Luain gur tugadh cead isteach trí thimpiste d’iriseoir i gcomhrá-ghrúpa inar pléadh ionsaí buamála Meiriceánach ar Éimin. Dúirt Trump nach raibh aon eolas aige faoin scéal ainneoin gach fáth follasach gur chóir go gcuirfí ar an eolas é ar an toirt.

8 Is fearr léamh ná éisteacht, mar a dúirt an Dochtúir Kruse, chun drochscéala a thuiscint agus is fearr éisteacht ná breathnú. Cothaíonn glór agus teacht i láthair Trump imní, fearg nó alltacht ar dhóigh nach dtéann chun tairbhe go minic do mheabhairshláinte duine ar bith. Is fusa ciall chuí a bhaint as a ráitis má léitear iad.

9 Cuimhnigh ar an iarratas suaimhnis a chuir an diagaire Meiriceánach Reinhold Niebuhr ina phaidir cháiliúil: ‘A Dhia deonaigh suaimhneas orm chun glacadh le nithe nach féidir a athrú, deonaigh misneach orm chun nithe a athrú ar féidir iad a athrú, agus stuaim ionas go dtuigfidh mé an difríocht eatarthu.’

Dea-chomhairle do gach duine atá cráite ag Trump.

10 Ná géill don ísle brí. Ní féidir le ceannaire ar bith saol an domhain a chur ó mhaith go hiomlán ná ar feadh i bhfad. Cuimhnigh ar na daoine go léir go bhfuil aithne agat orthu atá muiníneach, macánta agus cumasach. Tiocfaimid slán!

Fág freagra ar 'Deich slí leis an dochar a dhéanann Trumpitis dár meabhairshláinte a mhaolú'

  • Siob

    Déan an rud céanna don duine a bhíonn cráite ag Tuairisc.ie.

  • JP

    10 gcinn eile le cur leis an liosta sin;
    1. Éist leis an gceol is ansa leat féin, ceol a chuirfidh scailéathan ar do chroí;
    ‘Lagrima’ le Dulce Pontes, mar shampla.
    2. Abair paidreacha a chuirfidh meidhir ar do chroí;
    ‘Ní fhaca súil is níor chuala cluais
    Is fós níor smaoin croí éinne
    An t-aoibhneas mór a bheidh mar stór
    Ag lucht na haithrí is na dea-mhéine. (‘Ár bPaidreacha Dúchais’)
    3. Bí ag gleáchas leis na leanaí.
    Tabharfaidh a rachtanna áthais, a ngáirí geala glé, meanma agus misneach duit.
    4. Tost.
    Aimsigh log an chiúinis, éist, ná bí ag iarraidh é a scagadh ró-mhór.
    5. Téir ag siúl faoi chraobh na coille craobhaí, cois abhann, cois farraige.
    Breathnaigh (nó b’lathaigh) na hiontaisí go grinn. Feicfidh tú na bláthanna ag fás go rábach anois agus tuigfir nach
    ‘bás ach athfhás’…atá id fhianaise.
    Stop, lig do scíth.
    6. Bí i láthair san áit, sa nóiméad ina bhfuilir go huile is go hiomlán.
    7. Lig tharat gach éinní atá ag goilliúint ort, lig siar síos thar do dhroim iad.
    Ná tagaidís idir thusa is léas.
    8. Gaibh buíochas le Rí na n-Uile as an uile ní.
    9. Tabhair maithiúnas dóibh siúd a ghoill ort.
    Agus duit féin.
    10. Bí sásta. Bí sásta. Ní fhéadfaidh an saol ach an áirithe sin a thabhairt dúinn.