Bíonn an fhírinne searbh. Ach is fearr aghaidh a thabhairt ar a bhfuil romhainn in ionad ár súile a dhúnadh ar mhaithe le compord an tseachmaill.
Gan dabht ar bith ba bhrúidiúil an seó é nuair a d’uirísligh Donald Trump uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky san Oifig Ubhchruthach sa Teach Bán. Ach tuigeann Trump go bhfuil an cogadh caillte, is nach bhfuil aon bhealach go bhféadfadh an Úcráin an lámh in uachtar a fháil, is cuma cén chabhair a thabharfadh NATO nó na Stáit Aontaithe dóibh.
Ní thaitneoidh sé lena lán, ach, mar sin féin, bhí an fhírinne ag Trump agus Vance: tá an Úcráin ag cailleadh an chogaidh, tá sí ag rith amach as saighdiúirí agus is é an rogha is fearr atá aici ná margadh a dhéanamh luath seachas mall, mar má leantar leis an gcogadh is chun donais a rachaidh seasamh idirbheartaíochta na hÚcráine.
Tuigeann Trump an méad sin, agus is léir nach bhfuil mórán foighne aige le héinne nach dtuigeann nó nach bhfuil sásta an ról ‘ceart’ a imirt. Ba bhotún mar sin ag Zelensky iarracht a dhéanamh coinníollacha a leagan síos do Trump sula mbeadh sé féin sásta aontú leis an socrú síochána.
Leag Trump an milleán faoi ról Mheiriceá sa chogadh ar Biden is Obama, ach go fírinneach bhí baint mhór aigesean leis freisin. Is é Trump, in 2019, a thug diúracáin don Úcráin roimh ionradh na Rúise nuair a bhí réimeas Chív ag déanamh ionsaí ar an Donbas. Roimh Trump, bhí leisce ar Obama é sin a dhéanamh.
Ach cé a chuimhníonn air sin? Tá sé éasca mar sin ag Trump a rá nach mbaineann an cogadh leis féin ar chor ar bith. Níl an leithscéal sin ag ceannairí na hEorpa a ghlac go fonnmhar le scéalaíocht Mheiriceá faoin gcogadh. Ní féidir leo cúlú anois gan iad féin a náiriú, i ndiaidh a fhógairt go rialta gur ag an Úcráin a bheadh an bua is go seasfadh an Eoraip – agus, mo léan, Éire – leis an Úcráin chomh fada is a bheadh gá leis.
Bhain uirísliú Zelenskyy preab as an Eoraip ar fad, ach tháinig siad le chéile le seasamh leis an Úcráin, ag áitiú go gcaithfí barántas slándála a thabhairt don Úcráin mar chuid den socrú. Ba é ba bhrí leis sin, dar leosan, ná trúpaí na hEorpa ar an talamh san Úcráin.
Níl seans dá laghad go nglacfadh na Rúisigh leis sin. Ceann de na cúiseanna a bhí acu dul chun cogaidh ná NATO a choinneáil amach ón Úcráin.
Ag an am céanna tá sé ráite go soiléir ag Trump go mbeidh an Eoraip léi féin má théann sí isteach ann. Ní mar chuid de NATO a bheadh siad ann, a dúirt sé, is ní bheadh siad in ann agairt ar Alt a Cúig de Chonradh NATO dá n-ionsódh na Rúisigh iad. Sin gan trácht ar an mbaol cogadh núicléach a bheadh ann dá mbeadh NATO is an Rúis in adharca le chéile go díreach.
Agus i ndiaidh na cainte dána ar fad, bhí aguisín tábhachtach leis an scéal ag Keir Starmer, príomh-aire na Breataine a dúirt nach n-oibreodh plean na hEorpa gan tacaíocht na Stát Aontaithe (agus é ráite ag Trump cheana nach mbeadh an tacaíocht sin ann).
Céard é mar sin atá ar siúl ag Starmer, Emmanuel Macron is Giorgia Meloni? Ceapaim go bhfuil siad ag iarraidh brú a chur ar Trump taobh istigh de Mheiriceá féin.
Ach cé go bhfuil na Daonlathaigh ag gearán go láidir, ní fheicim comhartha ar bith go bhfuil Trump ag cailliúint aon chuid den tacaíocht a bhain sé amach sa toghchán. Thacaigh, mar shampla, Lindsey Graham go láidir le Trump tar éis eachtra an Tí Bháin, cé go raibh Graham roimhe sin ar na daoine ba láidre ar fad i gcoinne na Rúise.
Maidir leis ‘an Stát Domhain’ i Meiriceá, tá Trump ag obair air sin cheana le hathruithe móra sna Fórsaí Armtha is Faisnéise. An leor sin nó an bhfuil an chumhacht ag ‘an Stát Domhain’ an lámh in uachtar a fháil ar Trump? Feicfimid.
Is cuma, ar bhealach. Is cuma an éiríonn le Trump Meiriceá a scaoileadh as fadhb na hÚcráine nó má theipeann air, ní athróidh sé cúrsa an chogaidh, ná bua na Rúise.
Seans ámh go bhféadfadh pleidhcíocht na hEorpa cur leis an gcogadh, ach sé an t-aon toradh a bheidh air sin ná tuilleadh daoine marbh is tuilleadh den tír faoi cheannas na Rúise.
Indrek
Is ea, bímis ionraic, mar a dúirt údar an ailt. Cé go bhfuil an Ucráin ag cosaint agus ag cúlú go mall in áiteacha áirithe le deireanas, ní raibh aon dul chun cinn suntasach déanta ag an Rúis go dtí seo … is é sin le rá, nó gur chuir a ‘gcara nua’ Donand Trump in iúl dóibh gur cuma leis cinniúint na hUcráine. Go deimhin, ní bheadh seisean ag soláthar arm don Ucráin níos mó chun an fód a sheasamh – agus mar bhónas beag, d’fhágfadh sé na hUcránaigh ‘dall’, ionas nach mbeidís in ann iad féin a chosaint. Ní nach ionadh, is breá sásta atá na Rúisigh leis an mbronntanas deas seo, agus léirigh siad a mbuíochas agus a dtiomantas don tsíocháin cheana trí bhloc árasán a ionsaí agus roinnt mhaith sibhialtach a mharú in Dobropillia … Mar sin, níl bua ag an Rúis fós, agus ba chóir don Eoraip tacú leis an Ucráin le síocháin fhéaráilte a bhaint amach, rud atá ar mhaithe linn féin freisin.
An taobh eile den scèal
I dtús báire ba iad ECAT (Nato) a bhí ag cinntiú go mbeadh sé ina chogadh fhada. Ba mhian leo an Rúis a lagú an oiread ab fhéidir. Tá an plean sin réabtha anois ag Trump. Ach tá dream eile anois i bhfách le leanúint leis an chogaidh fhada, cogadh nach féidir leo a bhuachaint: an dream atá i bhfách le míleatú an Aontais Eorpaigh. I ndiaidh an iomláin is fusa an míleatú a chur chun cinn más féidir a chur i gcion ar an phobal go bhfuil an Eoraip i gcontúirt mhór ó namhaid chumhachtach. Is í an Úcráin bhocht atá agus a bheidh thíos le hurchóid ECAT agus Macron, von der Leyen et al. Agus beimid uilig thíos lena gcuid oilc agus mire i ndeireadh thiar thall.
Seán Mac Bhriain
An mbeadh sé de mhisneach ag údar an ailt seo a rá gurb í an Rúis atá mícheart? An mbeadh sé de mhisneach aige a rá gur socraíodh an teorainn nuair a thit an cuirtín iarainn? An mbeadh sé de mhisneach aige a rá gur coir amach is amach é ionsaí na Rúise ar an Úcráin? An mbeadh sé de mhisneach aige a rá gur cuí seasamh le tír a bhfuil a flaithiúnas á baint di?