Deich bhfáth go dteastaíonn iniúchadh géar ar láimhseáil na paindéime

Is íogair, achrannach agus casta na hábhair is gá a chíoradh ionas go mbeidh an tír ullamh don chéad éigeandáil eile 

Deich bhfáth go dteastaíonn iniúchadh géar ar láimhseáil na paindéime

Trí bliana agus an lá inniu bhí léiriú lom beacht i gceannlíne san Irish Times ar an tionchar millteanach a bhí agus a bheadh ag an gcoróinvíreas ar shaol na tíre

‘VARADKAR CALLS ON PEOPLE TO STAY HOME’ a dúirt an cheannlíne ar thuairisc an pháipéir ar óráid inar fhógair an Taoiseach dianbheartais chun cur in aghaidh leathadh an víris a shroich Éire 26 lá roimhe sin.

I measc na mbeartas nua a cuireadh i bhfeidhm ón 25 Márta 2020 bhí cosc ar thaisteal neamhriachtanach, dúnadh siopaí neamhriachtanacha, dúnadh amharclanna agus pictiúrlanna, cosc ar chluichí agus ar imeachtaí spóirt agus comhairle ón rialtas do chách fanacht sa bhaile chomh fada agus ab fhéidir.

Dúirt Leo Varadkar le gairid go raibh sé meáite ar fhiosrúchán poiblí faoi láimhseáil na paindéime a chur ar bun i mbliana. D’admhaigh sé, áfach, nach bhfuil cinneadh déanta fós faoi leagan amach an fhiosrúcháin.

B’fhearr lenár bhformhór gan dabht dearmad a dhéanamh ar ré na paindéime – ré inar mharaigh an víreas 6.8 milliún duine ar a laghad ar fud an domhain de réir chuntas na hEagraíochta Domhanda Sláinte. Mharaigh an víreas 8,675 duine sa Phoblacht de réir an chuntais is deireanaí agus 4,700 duine ar a laghad i dTuaisceart Éireann.

Táimid ag filleadh ar an ngnáthshaol le breis agus bliain a bhuí le haimsiú vacsaíní, cé gur léir faoin am seo nach féidir an víreas corónach a dhíothú go hiomlán. Ní haon iontas é, tar éis uafáis 2020-2022, nach maith le go leor daoine anois fiú focail amhail víreas nó paindéim a rá.

Tá géarghá mar sin féin le fiosrúchán a dhéanfaidh iniúchadh tomhaiste cuimsitheach ar láimhseáil na paindéime. Ní tearc na fáthanna gur fiú fiosrúchán dá leithéid a chur ar bun, ach seo deich bhfáth suntasach:

1 Beidh paindéim nó móréigeandáil eile ann amach anseo. Is fiú mar sin ceachtanna a fhoghlaim ónar tharla idir 2020 agus 2022 agus feabhas dá réir a chur ar ullmhúcháin don chéad mhóréigeandáil eile.

2 An raibh cinneadh an rialtais i Márta 2020 gan cosc a chur ar thaisteal go rásaí Cheltenham ná ar thaisteal ón Iodáil (tír ina raibh an galar ag leathadh go láidir) ciallmhar?

3 Cén fáth nach raibh dóthain mascanna agus fearas cosanta pearsanta eile ceannaithe agus á stóráil abhus roimh theacht an ghalair chun foireann ospidéil agus tithe altranais a chosaint? Cé mhéad duine a cuireadh i mbaol dá n-uireasa?

4 Arbh fhiú an tairbhe an dochar a bhain le gach tréimhse agus le gach beartas dianghlasála – sna scoileanna mar shampla? Ceist nach féidir a mheá i gceart gan raon leathan fianaise a chíoradh.

Idir Márta agus Bealtaine 2020 fuair 877 duine a bhí ina gcónaí i dtithe altranais nó a aistríodh ó ospidéil go tithe altranais, bás agus an víreas corónach orthu. Ní foláir gach polasaí agus cinneadh a bhain leis an ardráta báis sin a chíoradh.

Ceist níos bunúsaí: nach bhfuil athmhachnamh riachtanach, i bhfianaise ar tharla sna tithe altranais, ar pholasaithe stáit a chuireann béim chomh mór ar bheartais nach gcuidíonn le daoine aosta cónaí ina dtithe féin?

7 An ndearna an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí (NPHET) roghanna stuama agus moill á cur acu (a) ar mholadh go gcaithfí mascanna chun bac a chur ar leathadh an víris agus (b) ar mholadh go n-úsáidfí tástálacha antaigine go dtí an dara bliain den phaindéim?

8 Nach léir ón teannas agus ón droch-chaidreamh a bhí follasach rómhinic idir NPHET agus an rialtas go dteastaíonn struchtúr comhordaithe níos éifeachtaí chun cur chuige éigeandála an stáit a mheá, a fhógairt agus a chur i bhfeidhm?

Cén dochar a rinne an doiléire nó an cur i gcéill a bhain le rialacha/comhairle a d’eisigh an rialtas? Mar shampla, cén fáth nár soiléiríodh nach raibh bunús dleathach leis na srianta ar shearmanais eaglasta? Mar shampla eile, cén fáth nár cuireadh córas ar bun in 2020 a dheimhneodh go mbeadh daoine a thaistil anseo ón iasacht ag cloí le rialacha féinchoraintín?

10 Teastaíonn géar-iniúchadh go háirithe ar an bhfáth gur dhiúltaigh an rialtas do chomhairle NPHET agus ‘Nollaig lán de bhrí’ thubaisteach á fógairt acu in 2020. Chuaigh an ráta báis in airde dá bharr agus b’éigean tréimhse eile dianghlasála a chur i bhfeidhm.

Is é an cinneadh sin an cinneadh polaitiúil is leochailí a chaithfear a iniúchadh. Ní admhaíonn Micheál Martin ná airí eile go raibh an cinneadh a rinne siad lochtach. Ní foláir a rá freisin nach raibh comhairle NPHET roimh ré chomh soiléir agus ba chóir di a bheith.

Mar is léir ó na samplaí thuas, is íogair, achrannach agus casta na hábhair is gá a chíoradh agus na ceachtanna is gá a fhoghlaim ionas go mbeidh an tír ullamh don chéad éigeandáil eile.

Ní hionann sin, faraor, agus a rá go ndéanfar an obair i gceart, nó go ligfear don lucht fiosraithe í a dhéanamh mar is gá.

Fág freagra ar 'Deich bhfáth go dteastaíonn iniúchadh géar ar láimhseáil na paindéime'

  • Antóin

    8,675 a fuair bás de réir FSS mar a luann tú. Ach ní luann tú go raibh comhghalrachtaí ag gabháíl do 6,437 acu sin, nach raibh comhghalrachtaí ag gabháil do 901 den 8,675 sin ná nach eol faoin 1,337 nduine eile. Nach bhfuil sé tábhachtach sin a lua?

    Cén aois a bhí ag na daoine sin a fuair bás? 80 bliain d’aois ar an mheán. Bhí 2,811 idir 74 -84 bliana d’aois agus bhí 3,534 thar 85 bliana d’aois. Nach bhfuil sé tábhachtach sin a lua?

    Is mór idir sin agus an an slad a dúirt an Taoiseach a bhí i ndán dúinn .

    Tá ceisteanna le cur faoin dóigh ar scanraíodh daoine as a mbeatha d’aonturas, a bhuí leis na heolaithe ar tugadh saorchead cainte dóibh ar na meáin gach aon oíche, faoin dóigh nár ceadaíodh malairt tuairime ar na meáin, faoin dóigh ar ghéill na meáin go hiomlán – ach nuair atá €40 milliún le caitheamh ag FSS ar fhógraíocht a bhaineann le Covid is deacair gan dul síos ar do dhá ghlúin! – faoin dóigh ar shatail an rialtas le tacaíocht an fhreasúra ar chearta daoine, faoin dóigh ar úsáideadh comhéigean le brú a chur ar dhaoine vacsaín a ghlacadh.

    Tá ceisteanna le cur faoi éifeachtúlacht an vacsaín féin agus faoin damáiste a rinneadh do roinnt daoine a ghlac iad. Agus faoi na tuairimí a léirigh an tOllamh Martin Cormican a bhí ina bhall de NPHET. Agus ar ndóigh, an béile €9! Cén saoi a smaoinigh air sin?

    Ná déanaimis dearmad mar sin ar na teaghlaigh a sheas taobh amuigh de shéipéil ar fud na tíre, ná ar na teaghlaidh a sheas taobh amuigh de reiligí, ná ar na haifreannaigh a cuireadh sa talamh gan Aifreann ná ar na daoine a d’fhéach isteach ar fhuinneoga ar sheandaoine ag féachaint amach.