Déanadh muid ár gcion le chéile ar son na muintire le linn mhí na marbh

Má dhéanann muid an méid atá molta dúinn ba cheart go mbeadh Nollaig mhaith againn ar fad. Mura ndéanann…

Déanadh muid ár gcion le chéile ar son na muintire le linn mhí na marbh

Tá seantraidisiún sa tír seo a bhaineann le mí na marbh, mí na Samhna.

Mar chomhartha ómóis do

na mairbh déanann daoine troscadh nó staonann siad ón ól. Bhí uair ann go mba nós a bhain le creideamh a bhí anseo, ach tá an oiread céanna baint aige anois le féinsmacht agus sábháil na bpingineacha don Nollaig.

Tá cineál eile mí na marbh againn i mbliana leis na srianta nua sláinte phoiblí. Cuireann siad faoi ndeara dúinn smacht a chur orainn féin ó thaobh meascadh le daoine eile. Smacht a chur orainn féin agus smacht ó thaobh cuartaíochta. Ó thug an Taoiseach a óráid san oíche Dé Luain, óráid a gcaithfí a rá go ndearna sé sáriarracht inti an phráinn atá leis na srianta seo a chur in iúl dúinn, tá daoine go leor ag gleo in iarracht cur in aghaidh aon srianta nua. Tá an dallamullóg á cur orainn agus an milleán á chur ar na hearnálacha míchearta, deirtear linn.

Tá lucht bialann, gruaigeadóireachta agus  tithe ósta oibrithe. Tuigim a bhfearg. Tá a bhformhór mór ag cloí leis na treoracha agus ag cur na srianta i bhfeidhm dá gcuid custaiméirí.

Bhí go leor custaiméirí ag fanacht sa mbaile mar go raibh imní orthu faoin víreas, rud a d’fhág lucht gnó i ngreim ar an dá thaobh.

Ach ní haon leigheas ar an scéal fógairt os ard go bhfuil tú le dúshlán na dtreoracha a thabhairt.

Tuigim, freisin, comhairle na ndochtúirí agus na bpolaiteoirí. Is dóibh a ghéillfidh mé fiú má bhíonn comhairle na bpolaiteoirí doiléir ó thráth go chéile.

Tuigim tinneas agus tuigim an briseadh croí a bhaineann le bás duine ró-óg. Tuigim go ndéanfaidh mé mo dhícheall iad siúd is gaire dhom a choinneáil slán. Caithfidh muid é a dhéanamh mar nach bhfuil aon rogha eile againn faoi láthair.

An tábhachtaí a bheith in ann béile a bheith agat i mbialann nó do ghruaig a bhearradh ná an teaghlach ar fad (chomh fada agus is féidir) a bheith ag cruinniú i gceann a chéile ag tráth éigin i rith na Nollag?

Ní thuigeann muid íobairt níos mó. Ní thuigeann muid go gcaithfear staonadh ó rud éigin ar feadh tréimhse ar mhaithe lenár leas sa bhfadtéarma.

Breathnaíodh muid ar an mí seo romhainn mar dhúshlán a chruthóidh crógacht agus misneach an phobail.

Má dhéanann muid an méid atá molta dúinn ba cheart go mbeadh Nollaig mhaith againn ar fad. Mura ndéanann, níl tuairim againn cén scrios a dhéanfaidh Covid-19 orainn féin ná ar ár dteaghlaigh.

Más gnách leat mí na marbh a dhéanamh ar bhrioscaí nó ar phiontaí déan ar thaisteal agus ar chuartaíocht i mbliana é. Agus déanfaidh muid ár gcion le chéile ar son na muintire.

Fág freagra ar 'Déanadh muid ár gcion le chéile ar son na muintire le linn mhí na marbh'