DARA Ó CINNÉIDE: Cognoscenti caide na Ríochta sásta, ach beidh sé deacair na Dubs a chloí

As na foirne go léir a bhí ag imirt ar a bpaiste féin i Roinn 1 agus Roinn 2 an deireadh seachtaine seo, níor bhuaigh ach Tír Eoghain

DARA Ó CINNÉIDE: Cognoscenti caide na Ríochta sásta, ach beidh sé deacair na Dubs a chloí

Bainisteoir Chiarraí, Éamonn Fitzmaurice. INPHO/Presseye/Lorcan Doherty

B’fhéidir nach fada uainn an lá go mbainfidh foireann éigin barrthuisle as Áth Cliath ach go dtí san, ní fhéadfam ach moladh a thabhairt do churaidh na sraithe agus máistrí na craoibhe. Pé leochaileacht a bheadh iontu i mbliana, déarfá gur inné a bheadh sí orthu. Ní mór an phrapáil a bhí déanta acu, ní rabhadar i bPáirc an Chrócaigh, bhíodar in éagmais cuid des na himreoirí is fearr sa tír (Brogan, O’Sullivan, Flynn, Connolly) agus bhí leathshúil ag an gcéilí comhraic, an Cabhán, ar a n-aguisín féin a bhreacadh sna cóipleabhair staire. I ndeireadh an lae, bhí cúig phointe de bhearna idir na foirne ach le leithéidí Jack McCaffrey ar ais ar a sheanléim, Niall Scully ag léiriú go bhfuil an léim nua díreach inchurtha leis agus comharthaí ann go bhfuil Michael Darragh McAuley níos úire an tráth seo bliana ná mar a bhí anuraidh – beidh sé deacair arís na Dubs a chloí in 2017. Cá bhfios, áfach, nach iad Tír Eoghain a dhéanfadh amhlaidh Dé Sathairn? Deineadh dóthain cainte anuraidh agus dúradh minic go leor gurb iad Tír Eoghain ab fhearr a bhí feistithe ina gcomhair. Is gearr uainn fios. Níl aon dream sa tír níos fearr chun satailt ar shíscéalta.

Bhí na gothaí agus na glórtha a bhí ag eascairt as Ciarraí ó thús na bliana an-dhearfach go deo. Corn Mhic Craith buaite don gcéad uair le ceithre bliana, James O’ Donoghue agus Paul Geaney ag imirt sa tsraith don gcéad uair le tamall, Dia beag na caide, Maurice Fitzgerald, ar bord ar an dtaobhlíne agus, thar aon ní eile, bromaigh a bhfuil siúl an diabhail fúthu á mbriseadh ceann ar cheann gan cur as do rithim ná do bhuille na foirne. Ba dhóigh leat ó bheith ag féachaint ar an dá Jack – Barry agus Savage – inné go bhfuil i bhfad níos mó le teacht uathu ach ba iad an bheirt chosantóirí óga, Tom O’Sullivan agus Jason Foley ba mhó a chuir géarú goile ar lucht leanúna Chiarraí. Tá caid siar go heireaball iontu beirt, ach, níos tábhachtaí ná san b’fhéidir, i bhfianaise na smál a aimsíodh sa bhfómhar anuraidh agus an bhliain roimis, tá coisíocht thar na bearta acu.

Nuair a chruafaidh an fód i dtreo na craoibhe, chífidh an domhan mór go bhfuil ar a laghad beirt eile ag Ciarraí níos tapúla ná Darran O’Sullivan.

Beidh siad ag teastáil. Mar tá ar a laghad seisear dá leithéid ag Áth Cliath.

Don lá inniu, is leor do cognoscenti na caide sa Ríocht go bhfuil buaite ar Dhún na nGall thuaidh i nDún na nGall acu don gcéad uair ó 2003.

Ní raghaidh sé i ngan fhios dos na húdair chéanna go raibh sprid agus teacht aniar á léiriú ag Corcaigh i Staid an Phiarsaigh i Bóthar na Trá inné. B’fhéidir go mbraithfeadh Corcaigh go bhfuil mí-ádh orthu bheith i Roinn 2 i mbliana tar éis trí cinn de chluichí a bhuachtaint in 2016 le linn feachtais a bhí thar a bheith iomaíoch. Tá seans, leis, go mbraitheann cuid mhaith de phobal na Gaillimhe go bhfuil sé thar am acu siúd a slí a dhéanamh thar n-ais go Roinn 1. Ach nuair nár aimsigh ach duine amháin (Danny Cummins) dá dtosaithe céad-rogha scór ón imirt inné, beidh a fhios acu go gcaithfidh siad luí amach orthu féin i bhfad níos mó más áil leo bheith i measc na mboc mór in 2018.    

As na foirne go léir a bhí ag imirt ar a bpaiste féin i Roinn 1 agus i Roinn 2 an deireadh seachtaine seo, níor bhuaigh ach Tír Eoghain. Chaill trí cinn d’fhoirne sa bhaile (Maigh Eo, Dún na nGall agus An Cabhán) i Roinn 1 agus cé gur éirigh le Doire agus Gaillimh araon pointe sraithe a bhuachtaint i Roinn 2, chaill an Dún agus an Mhí sa bhaile chomh maith. Déarfaidh imreoirí leat ná fuil aon teora le deireadh seachtaine a chaitheamh i gcomhluadar a chéile an tráth seo den mbliain. Toisc nach bhfuil scata foirne ag caitheamh mórán ama i bhfochair a chéile ag tús na bliana, tá luach ar leith le turas fada ar bhus nó ar thraein, cúpla cluiche cártaí, comhráite fada fé theaicticí agus beartais eile agus paiste cuileachtain a chruthaíonn sprid foirne.

Beidh Maigh Eo ag súil gurb amhlaidh atá ar a dturas fada ó dheas oíche Dé hAoine ar aon nós.

Ós ag caint ar bhóithreoireacht sinn, ní mór do CLG an Chláir gradam de shórt éigin a bhronnadh ar ghaiscíoch Chluain Dá Ghad agus Bhaile Uí Aodha, Gary Brennan, tar éis an deireadh seachtaine. Cé go ndeir sé féin go raibh sé támáilte go maith i mbua éachtach Bhaile Uí Aodha i gcluiche leathcheannais iomána na gclubanna i Staid Semple Dé Sathairn, ní haon dóithín é an bóthar ó thuaidh go Páirc na gCeilteach i nDoire a thógaint ort féin déanach tráthnóna agus cur chun páirce arís ar a 2 a chlog Dé Domhnaigh. Ní hamháin san ach d’imir an Braonánach an uile nóimeat sa dá chluiche agus tá sé thar n-ais ag múineadh Gaelainne agus Corpoideachais i gColáiste Fhlannáin in Inis inniu.

Is maith an fear oibre an fonn!   

Fág freagra ar 'DARA Ó CINNÉIDE: Cognoscenti caide na Ríochta sásta, ach beidh sé deacair na Dubs a chloí'