Tá os cionn €80,000 bailithe cheana ag feachtas tiomsaithe airgid ar líne d’atógáil Theach Pobail Mhuire sna Doirí Beaga i nGaoth Dobhair. Dódh an séipéal go talamh oíche Dhomhnach Cásca agus tá pobal an pharóiste “croíbhriste” ina dhiaidh.
Idir an dá linn, tá sé fógartha ag ceoltóirí mór le rá as Dún na nGall go gcuirfidh siad ceolchoirm ar siúl le hairgead a bhailiú don séipéal. Beidh Daniel O’Donnell, agus na ceoltóirí Gaeltachta Moya Brennan ón mbanna ceoil Clannad agus Mairéad Ní Mhaonaigh ón mbanna Altan ar an ardán ag Teach Pháidí Óig i gCroithlí Dé Sathairn beag seo.
Dúirt sagart an pharóiste, an tAthair Brian Ó Fearraigh, go mbeidh “aiséirí” ann i nGaoth Dobhair agus go dtógfar an séipéal arís nuair a bheidh a gcuid fiosrúchán curtha i gcrích ag an nGarda Síochána agus lucht dlí-eolaíochta.
Idir an dá linn, tá feachtas tiomsaithe airgid curtha ar bun ag Coiste Forbartha Dhobhair le hairgead a bhailiú don atógáil. Tá os cionn 600 duine tar éis síntiús a thabhairt don fheachtas agus os cionn €80,000 bailithe go dtí seo. Tá sprioc €110,000 luaite leis an bhfeachtas ar líne, ach níl aon fhigiúr luaite go fóill ag an Athair Ó Fearraigh maidir le costas na hatógála.
“Tá teacht aniar láidir ionainn mar phobal agus seasóidh muid le chéile, gualainn ar ghualainn in am seo an bhróin agus na tragóide. Déanfar atógáil ar an Teach Pobail álainn seo le cuidiú uaibhse, le go mbeidh dóchas athnuaite, todhchaí níos gile againn féin agus ár gcairde fá Ghleanntáin Ghlasa Ghaoth Dobhair,” a deirtear ar an leathanach tiomsaithe airgid.
Tá os cionn míle euro tugtha ag daoine áirithe ar mhaithe leis an séipéal agus na céadta tugtha ag daoine eile. Thug muintir Sherlock as na Doirí Beaga €5,000.
Dúirt an tAthair Brian Ó Fearraigh in agallamh ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo go bhfuil socruithe malartacha déanta don chuid eile den tseachtain seo agus go bhfógrófar ar leathanach Facebook an pharóiste na sonraí do na seachtainí atá amach romhainn de réir a chéile.
“An plean atá ann ná na hAifrinn uile go léir a bhí le bheith ráite i dTeach Pobail Mhuire na nDoirí Beaga, táimid á n-aistriú sin go Teach Pobail Chnoc Fola ar a seacht a chlog tráthnóna. Beidh na hAifrinn sin á léamh inniu go dtí Dé hAoine, agus ansin má choinníonn [an pobal] súil ar leathanach Facebook Pharóiste Ghaoth Dobhair beidh amanna na nAifreann ag dul chun tosaigh ansin,” a dúirt sé.
Dúirt an tAthair Ó Fearraigh go mbeifear ag fiosrú na láithreacha a bhféadfaí Aifreann a rá iontu a fhad is a bheidh Teach Pobail Mhuire á átógáil.
Dúirt an Moinsíneoir Caoimhín Mac Giolla Easboig, a tógadh i nGaoth Dobhair agus atá ina riarthóir ar Dheoise Ráth Bhoth, go raibh a “chroí briste” ag an scéal agus dúirt sé go raibh lán a thacaíochta ag an Athair Brian Ó Fearraigh.
“Cuirim le buíochas an Athar Brian d’fhoireann briogáid dóiteáin an cheantair agus stáisiún eile sa chontae a rinne éacht. Agus tá muid buíoch den Gharda Síochána a bhfuil an dualgas orthu an fiosrúchán cuí a stiúradh san am atá amach romhainn.
“Tá mé ag smaoineamh ar an Athair Brian Ward agus ar an iliomad sagart a rinne seirbhís sa pharóiste agus gurb í seo a dTeach Pobail dúchais, mé féin ina measc. Agus tá mé ag smaoineamh ar mhuintir Ghaoth Dobhair sa bhaile agus i gcéin a ghlacfaidh leis an nuacht seo mar ábhar bróin,” a dúirt sé.
Fág freagra ar 'Daniel, Moya agus Mairéad ag casadh d’fheachtas atógála Theach Pobail Mhuire'