DÁN: Tórramh na Gaeltachta agus Bliain na Gaeilge 2018

Cuireadh dán scigmhagúil chugainn an tseachtain seo faoin díospóireacht maidir le Bliain na Gaeilge 2018 agus cás na Gaeltachta. Ní fios cé a chum…

DÁN: Tórramh na Gaeltachta agus Bliain na Gaeilge 2018

Tórramh na Gaeltachta

Ar thórramh na teanga
b’shin é mo thriall
ar chuireadh ón Aire
le barántas fial
dán molta a chumadh
’s a aithris don saol
i láthair ban ’s fearaibh
sa bhearna bhaoil.

Beidh Ó Giollagáin groí
ina adhlacóir
é chomh feistithe cuí
le Mac Joe Mhóir
Donnacha na Déine
leis an tseanmóir
’s Máire Ní Fhinneadha
ag caoineadh thar fóir.

Tiocfaidh Joe Mc Hugh
le labhairt leis an slua
is Taidhgín ‘An Chaoi Sin’
ag dáileadh an snaoisín
an Dr. Aodán ag aithris go dúr
cionsiocair beatha
’s údar báis
an teanga atá fuar.

Drochphleanáil teanga
is cosúil a’ bhí dhul dhó
sin ’s mugadh magadh
’s an Conradh ag gleo
plúchadh ’s múchadh
’s í tarraingthe gach treo
anois tá sí caillte
’s imithe go deo.

Féach tá sí ag éirí
ní raibh sí díbheo
an iomarca dochtúirí
a bhí á dó
figiúirí ’s cigirí
d’oíche ’s de ló
feidhmeannaigh ’s pleanannaí
gan scíth gan só 

’s comhairle, a chairde,
le go bhfanódh sí ceart
níl costas ar theanga
le go mbeadh sí ina neart
an cógas is láidre
is ’s treise mar bheart
ná í a labhairt sna hairde
agus beidh a’inn feart.

Fág freagra ar 'DÁN: Tórramh na Gaeltachta agus Bliain na Gaeilge 2018'

  • Orlaith Ruoseal

    Ha! Ana mhaith…Rosenstock an b-ea?

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Duine inteacht as Cúige Uladh a chum seo tá barúil agam…