Daltaí Ardteiste na Ceathrún Rua tugtha le chéile do ghrianghraf speisialta

Deir Gráinne Nic an Bhaird, múinteoir i Scoil Chuimsitheach Chiaráin, a bhí i mbun an tionscadail, gur ‘ceiliúradh’ atá sa ghrianghraf ar lucht na hArdteiste 2020

Daltaí Ardteiste na Ceathrún Rua tugtha le chéile do ghrianghraf speisialta

Tá an ceann is fearr faighte ag daltaí na hArdteiste in iarbhunscoil Ghaeltachta agus iad ‘tagtha le chéile’ arís mar ghrúpa amháin do ghrianghraf speisialta a rinneadh le cabhair Photoshop.

Mar chuid den tionscnamh speisialta glacadh pictiúr de na daltaí duine ar dhuine lasmuigh den scoil agus cuireadh le chéile iad leis an bhogearra Photoshop.

De ghnáth, tógtar grianghraf do dhaltaí na hArdteiste i Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an Cheathrú Rua i gConamara, an tráth seo bliana agus bronntar an grianghraf ar na daltaí agus iad ag fágáil slán leis an scoil ag searmanas ag deireadh na scoilbhliana.

Cé nach mbeidh aon searmanas ar siúl i mbliana mar gheall ar an choróinvíreas, tá daltaí na hArdteiste tugtha le chéile sa phictiúr a dhear an grianghrafadóir Seán Ó Mainnín.

Thóg an Mainníneach, grianghrafadóir Tuairisc.ie, pictiúr aonair de gach dalta i gcarrchlós na scoile thar thréimhse sé uair an chloig agus an scoitheadh sóisialta i bhfeidhm.

Dúirt Gráinne Nic an Bhaird, múinteoir i Scoil Chuimsitheach Chiaráin a bhí i mbun an tionscadail, gur “ceiliúradh” atá sa ghrianghraf ar lucht na hArdteiste 2020 “grúpa cineálta, ildánach, Gaelach agus spórtúil”.

“De ghnáth bíonn searmanas speisialta á reáchtáil do lucht na hArdteiste. Tá sé de nós againn ag an searmanas na scoláirí a mholadh agus labhairt faoi na tréithe ar leith a sheas amach faoin mbliain áirithe daltaí sin.

“Tá sé de nós againn roinnt comhairle a chur ar na daltaí chomh maith, agus a rá leo mura n-oibríonn rudaí amach díreach mar a cheap siad go mbíonn an dara cosán ann i gcónaí,” a dúirt sí.

Dúirt Gráinne Nic an Bhaird go raibh cúrsaí an-dian ar dhaltaí na hArdteiste i mbliana de barr na paindéime agus an “éiginnteacht mhór” a bhain leis na scrúduithe Ardteiste.

“Tá sé an-deacair ar na daltaí ó tháinig críoch an-tobann leis an scoilbhliain. Bhí an oiread éiginnteachta ann faoi na scrúduithe agus anois tá siad ag iarraidh rudaí a ullmhú don fhómhar nuair nach bhfuil a fhios againn cad a bheas ag tarlú amach anseo.”

Dúirt Nic an Bhaird go raibh “an-éileamh” ar sheirbhísí tacaíochtaí na scoile agus go mbeidh tuilleadh cúnaimh ó na daltaí sna seachtainí seo amach romhainn.

“Caithfidh na scoláirí féin clárú ar líne leis an Roinn Oideachais agus na hábhair agus an leibhéal is mian leo a chur in iúl. Beidh spriocdháta an CAO ag tús mhí Iúil agus beidh roinnt tacaíochta ag teastáil ó na daltaí maidir le cúrsaí CAO agus cúrsaí iar-Ardteiste eile,” a dúirt sí.

‘Slán go fóill’ an teachtaireacht atá ag foireann Scoil Chuimsitheacht Chiaráin do lucht na hArdteiste 2020 agus iad ag súil le searmanas ar leith a reáchtáil dóibh nuair a thiocfaidh feabhas ar chúrsaí Covid-19, luath nó mall.

Fág freagra ar 'Daltaí Ardteiste na Ceathrún Rua tugtha le chéile do ghrianghraf speisialta'

  • Laoise Uí Comhraí.

    Maith sibh, a Ghráinne agus a Sheáin. Tuairim iontach!