Dáiltear na ranganna snámha amach de réir crannchur na cinniúna

Is ar chuala tú nach féidir múinteoirí snámha a fháil? Tá siad ar fad imithe. Níl a fhios agam cá ndeachaigh siad 

Dáiltear na ranganna snámha amach de réir crannchur na cinniúna

Tá ranganna snámha chomh gann le fiacla circe na laethanta seo. An Phaindéim, an dtuigeann tú? Is tá mé a cheapadh go bhfuil baint ag an long choimeádán sin a chuaigh i bhfostú i gCanáil Shuais anuraidh leis an scéal. Agus srianta Covid. Sin fáth eile.

Ar ndóigh, ní féidir dearmad a dhéanamh go bhfuil an saol ar fad á chaitheamh againn i ngreim an fhir bháite ar liathróid chloiche atá ar camchuairt leanúnach sa gcruinne infinideach. Cé a bheadh in ann díriú ar amchlár ranganna snámha is an saol mar atá?

Ó thosaigh na ranganna snámha ar ais i ndiaidh na dianghlasála, caithfear cloí leis an sliotán ama céanna a bhí agat roimhe.

Tá an córas áirithintí nua bunaithe ar choincheap ársa Saṃsāra an Hiondúchais, timthriall síoraí na breithe is na hathbhreithe. Dáiltear na ranganna snámha amach de réir crannchur na cinniúna is leagtar d’áit amach ag tús an tsaoil. Níl aon chead agat do shliotán ama a athrú go deo na ndeor.

Is ar chuala tú nach féidir múinteoirí snámha a fháil? Tá siad ar fad imithe. Níl a fhios agam cá ndeachaigh siad.

B’fhéidir go ndeachaigh siad ar imirce. B’fhéidir gur shnámh siad ar ais go dtí an loch sléibhe as ar nochtaigh siad an chéad lá riamh. B’fhéidir gur baill de na Tuatha Dé Danainn a bhí iontu a tháinig anseo chun seal a chaitheamh i measc na ndaoine roimh fhilleadh ar Thír na nÓg ar nós Niamh Chinn Óir.

Pé fáth é, is é an toradh atá air ná go bhfuil ranganna snámha chomh gann le hadharca circe.

Trí uair a’  chloig suite in aice leis an linn snámha chuile sheachtain ag iarraidh súil éinne atá ina gculaith shnámha a sheachaint.

Is deacair an t-am a chaitheamh. Scaití caithim é ag déanamh liostaí buntáistí agus míbhuntáistí den análú gal clóirín. An caitheamh aimsire eile atá agam ná ag fógairt ar an mBabaí gan a bheith ag snámh trasna ar na lánaí is ag dul sa mbealach ar na snámhóirí dáiríre.

Bím in éad leis scaití is é faoi dhraíocht ag saoirse na héadroime is ag imeacht anonn is anall ar nós duilleoige ar bharr uisce. Ní chuireann sé aon suntas sna snámhóirí dáiríre a bhíonn ag déanamh air ar nós piléir suas agus síos na lánaí. Sin é an fhadhb.

Is mór an t-athrú atá tagtha ar shnámh a fhoghlaim ó na laethanta go gcaithfí isteach san uisce thú go gcuirfeá do dhóchas i nDia.

Céad slán leis an lá nuair a thabharfá aghaidh ar an bhfeamainn ag slíocadh do cholpaí is tú ag snámh anonn is anall sa gcrumpán. Is ní bhuailfeadh an diabhal an snámh locha, coinnigh ort ag snámh, coinnigh ort, coinnigh ort. Mar má stopann tú ar chor ar bith tosóidh rud éigin ag cogaint ar mhéaracha do chosa.

An lá cheana ag ranganna snámha na ngasúr bhí mo dhóthain agam.

‘Sin é!’ a dúirt mé liom féin le díocas, ainneoin an ceobhrán clóirín ag cur mearbhall orm.

‘Chaithfeadh sé gur féidir leo ar fad an snámh a dhéanamh ag an am céanna. Chaithfeadh sé gur féidir é a dhéanamh!’

Chuir mé ceist ar an bhfear ag an deasc, is é a eagraíonn na ranganna. ‘Meas tú an mbeadh siad ar fad in ann an rang a dhéanamh ag an am céanna?’ a d’fhiafraigh mé dhe.

Bhreathnaigh sé amach uaidh. ‘Is críonna an té a déarfadh,’ a dúirt sé, nó rud éigin mar é.

‘Ach nach tusa an duine a leagann amach an t-amchlár?’ a dúirt mé leis.

‘Is mé,’ a deir sé, ‘agus ní mé.’

Fág freagra ar 'Dáiltear na ranganna snámha amach de réir crannchur na cinniúna'

  • Pól Ó Braoin

    Seoid uilig mar is iondúil uait, a Bhríd. Is beag trácht a fheicim ar na hailt den scoth a scríobhann tú agus is beag nach bhfuil aithne ar an mBabaí gleoite sin anois agam. Ach ná ceap riamh nach mbaineann daoine mar mé féin súp as do chuid scríbhneoireachta. Seans ann tar éis a bheith ar an urlár ag gáire dúinn go n-éireoidh muid agus go n-imeoidh an trácht céanna glan as ár gcloigeann. Nár laga Dia thú a stór…