Cúrsaí ola, cúrsaí fola – is peitreashaoránaigh sinn go léir

Cuimhnigh ar na comaitéirí sin go léir a mba thábhachtaí dóibh fiche nóiméad a bhaint dá n-aistear ná aon chur isteach a dhéanfaí ar Theamhair…

Petrol

Is peitreashaoránaigh sinn go léir. I bhfocal eile, táimid ag brath ar pheitreal. Ní thiomáinaimse ach ní hionann sin is a rá nach peitreashaoránach mé. Tar éis an tsaoil, níl sciatháin orm agus mar sin bím ag brath ar an bpeitreal, peitreal daoine eile, i mo chomaitéir dom, i mo pheitreashaoránach.  

Tháinig mé ar an bhfocal breá sin ‘petro-citizen’ sa leabhar TRAFFIC JAMS: ANALYSING EVERYDAY LIFE THROUGH THE IMMANENT MATERIALISM OF DELEUZE & GUATTARI le David R Cole. (Punctum Books na foilsitheoirí agus tá sé le híoslódáil anseo.)

Chomh maith le bheith inár gcomaitéirí, is tomhaltóirí sinn agus mar thomhaltóirí, táimid ag brath an-mhór ar fad ar pheitreal. Ní shnámhann na bananaí go hÉirinn tar éis an tsaoil.

Conas a bhraitheann tú nuair a bhíonn tranglam tráchta ann? Bhíos i gCósta Ríce sa bhliain 2008 agus bhí tranglam tráchta ann a mhair sé uair an chloig toisc nárbh fhéidir an bóthar a úsáid i ndiaidh mhaidhm thalún.

Bhí gach éinne an-ghealgháireach mar gheall air. B’fhéidir go raibh taithí acu ar a leithéid. Ar aon nós, ní raibh goimh ar éinne. Ní tharlódh sé sa bhaile, arsa mise liom féin.

I bhfocal George Bush, is andúiligh ola sinn. Agus ar ndóigh, ná déanaimis dearmad ar sheachtháirgí ola, plaisteach, cuir i gcás.

Cuireann an peitreashaoránach suas lena lán, an tranglam tráchta san áireamh, agus ceapann sé go bhfuil comhlachtaí ar nós VW ag déanamh a ndíchill chun múch a laghdú – ach mar is eol dúinn anois, níl!

Cúrsaí ola, cúrsaí fola. ‘Sea, ola agus cogaí ár linne. An bhfuil foinsí fuinnimh eile ann a thiomáinfeadh sinn? (Táimid ár dtiomáint, an dtuigeann tú, ag fórsaí nach dtuigimid go minic). Luaitear an clár teilifíse Top Gear sa leabhar seo.

Ní tiománaí mé, faoi mar a dúrt, mar sin ní fhéachaim ar chláir den saghas sin, ach deirtear linn gur maith le Top Gear magadh a dhéanamh faoi fhoinsí fuinnimh nach foinsí ola iad. Is cosúil go nglacaimid leis an síolteagasc agus leis an mbolscaireacht sin go léir gan cheist agus bainimid sult as na fógraí le haghaidh gluaisteán: bíonn aicsean iontu, gnéas, cumhacht, is cosúil.

Arís, toisc nach tiománaí mé, ní théann siad i bhfeidhm ormsa, mórán (go bhfios dom).

Agus an leabhar seo á léamh agam, chuimhníos ar na comaitéirí sin go léir a mba thábhachtaí dóibh fiche nóiméad a bhaint dá n-aistear ná aon chur isteach a dhéanfaí ar Theamhair, láthair ársa bheannaithe.

Chruthaigh an sága suarach sin nach fuil atá inár gcroí a thuilleadh ach ola.

Fág freagra ar 'Cúrsaí ola, cúrsaí fola – is peitreashaoránaigh sinn go léir'