Cúrsa ollscoile bunaithe sa ghiolcaireacht Bhreatnaise

Tá cúrsa lae á thairiscint ag Ollscoil Bangor ar mhaithe leo siúd a bhfuil cúraimí orthu ábhar Breatnaise a scaipeadh ar na meáin shóisialta

Cúrsa ollscoile bunaithe sa ghiolcaireacht Bhreatnaise

Tá cúrsa lae á thairiscint ag Ollscoil sa Bhreatain Bheag ina múinfear cén chaoi le bheith ag giolcaireacht sa Bhreatnais. Reáchtálfar an cúrsa in Ollscoil Bangor agus is orthu siúd a bhfuil dualgais orthu a bheith ag úsáid na Breatnaise ar Twitter atá sé dírithe.

Tá ceanglais ar roinnt comhlachtaí poiblí sa Bhreatain Bheag, faoi reachtaíocht teanga, ábhar a scaipeadh ar na meáin shóisialta i mBreatnais. Tá an cúrsa seo á chur ar fáil ar mhaithe le bainisteoirí meán sóisialta na gcomhlachtaí sin a oiliúint, chomh maith le duine ar bith eile atá ag iarraidh ábhar Breatnaise a scaipeadh ar Twitter.

Le linn an chúrsa, a bheidh á reáchtáil i mBreatnais ag an Dochtúir Llion Jones, tabharfar ‘eolas praiticiúil’ maidir le glanBhreatnais chruinn shoiléir a scríobh ar Twitter agus ar mheáin shóisialta eile.

Cuirfear síos freisin ar Twitter agus an tionchar teangeolaíochta a bhíonn ag an mean sin, go háirithe an tionchar a bhíonn aige ar mhionteanga agus ar an mBreatnais.

Anuas air sin beidh ceachtanna ar fáil faoi na bealaí is fearr le Breatnais a scríobh ar Twitter – suíomh nach ligeann do lucht a úsáide ach 140 carachtar a chur in aon teachtaireacht amháin. Léireofar chomh maith na bealaí is fearr le leas agus tairbhe a bhaint as an ábhar a chrochtar ar an suíomh.

Tá taithí na mblianta ag an Dr Jones in earnáil an Ard-Oideachais agus tá cúrsaí deartha agus tugtha aige, i mBreatnais, faoi theicneolaíocht na faisnéise agus faoi ‘na meáin nua’.

Tá costas £70 ar an gcúrsa agus is féidir clárú don chúrsa ar líne.

Fág freagra ar 'Cúrsa ollscoile bunaithe sa ghiolcaireacht Bhreatnaise'