Cur síos déanta ag Jim McGuinness ina leabhar nua ar eachtra Kevin Cassidy

Sheol iarbhainisteoir Dhún na nGall Jim McGuinness a leabhar nua Until Victory Always an tseachtain seo agus déanann sé cur síos ar an méid a tharla nuair a bhain sé Kevin Cassidy de phainéal an chontae i 2011

INPHO/Cathal Noonan
INPHO/Cathal Noonan

“You’re leaving me with no choice Kevin.”

Sin a bhí le rá ag iarbhainisteoir Dhún na nGall, Jim McGuinness le Kevin Casssidy nuair a cuireadh an ruaig ar fhear Ghaoth Dobhair amach as foireann peile an chontae i 2011. Agus é ag cur síos ar an eachtra ina leabhar nua Until Victory Always, deir McGuinness go raibh air fáil réidh leis an imreoir mar go raibh ‘rúin’ Dhún na nGall scaoilte aige.

Ba é cinneadh Cassidy labhairt faoi fhoireann Dhún na nGall agus a gcuid modhanna traenála sa leabhar This Is Our Year ba chúis leis an scaradh agus dar le McGuinness, ní raibh bealach ar bith nach mbeadh sé in ann fáil réidh le Cassidy.

Deir McGuinness nuair a léigh sé sa nuachtán céard a bhí ráite ag Cassidy sa leabhar nach raibh sé in ann a chreidiúint go mbeadh a leithéid de rud déanta ag imreoir sinsireach, go háirithe nuair nach raibh sé ráite le McGuinness fiú go raibh an leabhar á scríobh.

“Accounts of our training. Of what was said in private about other managers. Of our team meetings. Tactics. Game plans. Performance goals. All of this laid out in newsprint, and more of it in a book, and you are speechless,” a dúirt McGuinness.

Déantar cur síos ar an gcomhrá a bhí ag McGuinness agus Cassidy tar éis don leabhar teacht amach. Chaith an bheirt, in éineacht leis an leasbhainisteoir ag an am, Rory Gallagher, os cionn uair a’ chloig ag plé céard a bhí raite ann ach, dar le McGuinness, ní raibh aon aiféala ar Cassidy faoin eolas a bhí tugtha uaidh aige.

“There is no remorse. Maybe it is just stubbornness. Talking for over an hour without really getting anywhere. Reading from passages in the extract and just asking him: Do you not feel that was over the line there?”

Is go neamh-leithscéalach, a deir McGuinness, a thug sé an bóthar do Cassidy. Cinneadh deacair a bhí ann d’fhear a d’imir taobh le Cassidy agus a mheall ar ais é tar éis dó éirí as. Ba chuma faoi sin anois, a deir McGuinness, áfach; rinne Cassidy feall ar iontaoibh agus bhí air íoc as.

“Kevin is a smart man. He understands this. He isn’t backing down. Your mind is made up for you. He is gone. Nothing more to say,” a deir McGuinness sa leabhar nua.

Fág freagra ar 'Cur síos déanta ag Jim McGuinness ina leabhar nua ar eachtra Kevin Cassidy'