Cur i láthair le déanamh ag comhlacht idirnáisiúnta faoi fhorbairt Chalafort Ros an Mhíl

Tá cuireadh tugtha ag Údarás na Gaeltachta chuig cruinniú i Ros an Mhíl do thart ar 50 dream a mbaineann forbairt an chalafoirt ansin leo

Cur i láthair le déanamh ag comhlacht idirnáisiúnta faoi fhorbairt Chalafort Ros an Mhíl

Pléifear a bhfuil i ndán do chalafort Ros an Mhíl ag cruinniú eolais atá á eagrú inniu ag Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht Chonamara.

Beidh ionadaithe i láthair ag an gcruinniú ón gcomhlacht innealtóireachta idirnáisiúnta a bhfuil conradh faighte acu chun tabhairt faoi “mháistirphlean” d’fhorbairt mhol fuinneamh gaoithe i gConamara.

D’éirigh leis an gcomhlacht Atkins an conradh sin a fháil chun an plean a réiteach don mhol a bheidh lonnaithe i gCalafort Ros an Mhíl.

Beidh cur i láthair á dhéanamh ag lucht Atkins faoi thuarascáil atá réitithe acu faoi na deiseanna atá ann calafort Ros an Mhíl a fhorbairt.

Tá sé i gceist go mbeadh an mol ansin ina lárionad don tionscal fuinneamh gaoithe atá beartaithe amach ó chósta Chonamara.

D’fhógair an Rialtas níos luaithe i mbliana go raibh €25 milliún le caitheamh ar ché dhomhainfharraige a fhorbairt ag Calafort Ros an Mhíl.

Tá cuireadh tugtha ag Údarás na Gaeltachta go dtí cruinniú an lae inniu i Ros an Mhíl do thart ar 50 dream a mbaineann forbairt an chalafoirt leo, ina measc, ionadaithe ó thionscail na hiascaireachta agus na farantóireachta, comhlachtaí atá ag plé le fuinneamh gaoithe agus foinsí cumhachta inathnuaite, coistí pobail agus comharchumainn áitiúla agus daoine atá ag obair in earnáil na mara thar sáile.

Beidh ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Mara i láthair freisin.

Dúirt Údarás na Gaeltachta go rabhthas ag súil go dtabharfaí léargas ag an gcruinniú eolais “ar na riachtanais atá ag na páirtithe leasmhara” agus go gcloisfear chomh maith tuairimí agus smaointe nua faoin mbealach “ina bhféadfaí an leas is fearr a bhaint as an gcalafort, ar mhaithe le forbairt na heacnamaíochta agus cruthú fostaíochta go háitiúil”.

Is éard atá i gceist le “máistirphlean” Atkins, a dúradh, ná forbairt an chalafoirt a phleanáil, measúnú eacnamaíoch a dhéanamh, sonraí a thabhairt ar na riachtanais innealtóireachta agus lóistíochta, agus plean forbartha do ‘Chalafort Glas’ a ullmhú ar mhaithe le hoibríochtaí Net-Zero a bhaint amach.

De réir staidéar féidearthachta a choimisiúnaigh an tÚdarás cheana, beidh 900 post nua i nGaeltacht Chonamara le freastal a dhéanamh ar fheirmeacha gaoithe a bheidh ar snámh agus ar fheirmeacha gaoithe seasta a bheidh amach ó chósta an iarthair.

Tá forbairt feirm ghaoithe ar charraigeacha na Sceirde, naoi míle siar ó chósta Charna, ar cheann de sheacht gcinn de thograí a bhfuil an Rialtas chun tús áite a thabhairt dóibh faoi reachtaíocht nua agus súil ann go mbeidh siad in ann cumhacht a ghiniúint faoi cheann cúig bliana.

Meastar go bhféadfadh feirm ghaoithe na Sceirde cumhacht a chur ar fáil do bheagnach 300,000 teach cónaithe.

Sa staidéar féidearthachta a rinne an tÚdarás roimhe seo, féachadh ar go leor roghanna éagsúla eile a d’fhéadfadh tarlú i Ros an Mhíl. Sa gcás go n-úsáidfí an calafort le haghaidh oibríochtaí, cothabháil agus mar ionad soláthair do réimse gníomhaíochtaí tógála agus cóimeála, bheadh deiseanna eacnamaíochta i bhfad níos mó fós i gceist. Dá roghnófaí Ros an Mhíl mar lárionad soláthair, oibríochtaí agus cóimeála bheadh poist agus ioncam á gcruthú ann sula mbeadh an fhorbairt uilig ag an gcalafort críochnaithe. Ó thaobh tionchar eacnamaíochta de, tá meastachán déanta go mbeadh €2,380m de bhreisluach iomlán (GVA) ag Gaeltacht na Gaillimhe as an bhforbairt.

Tá infheistíocht suas le €1 billiún le déanamh ag comhlacht idirnáisiúnta fuinnimh, Green Investment Group (GIG), i bhforbairt na feirme gaoithe amach ó chósta Chonamara. Tá comhlacht nua, Corio Generation, bunaithe ag an ngrúpa chun ceannas a ghlacadh ar a bhfuil ar siúl i dtaobh giniúint cumhachta ón ngaoth ag GIG.

Fág freagra ar 'Cur i láthair le déanamh ag comhlacht idirnáisiúnta faoi fhorbairt Chalafort Ros an Mhíl'