Bhí iar-uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Donald Trump i láthair i gcúirt i Nua-Eabhrac inniu do thús na trialach sibhialta atá á tabhairt ina aghaidh.
Rialaigh breitheamh i Nua-Eabhrac an tseachtain seo caite go ndearna Trump calaois trí chuntas míchruinn a thabhairt ar a mhaoin arís is arís eile. Tá Ard-Aighne Nua-Eabhrac ag iarraidh go ngearrfaí fíneáil $250 milliún ar Trump agus go gcuirfí cosc air dul i mbun gnó sa stát.
Tá sé á chur i leith Trump ag Ard-Aighne Nua-Eabhrac Letitia James gur thug Trump le fios go raibh luach i bhfad níos mó ar chuid dá shócmhainní ná mar a bhí i ndáiríre. Líomhnaítear go ndearna sé é sin chun coinníollacha níos fearr a fháil ar iasachtaí agus árachas.
D’fhéadfadh go mbeadh ar Trump agus gnó a mhuintire cuid dá sealúchais a thabhairt ar lámh nó cuid dá bhfoirgnimh cháiliúla a dhíol.
“Is cuma cé mhéad airgid a shíleann tú atá agat, ní féidir leat a bheith beag beann ar an dlí,” a dúirt Letitia James roimh thús imeachtaí na cúirte.
“Rud cumhachtach an dlí ach rud leochaileach é chomh maith. Agus cruthófar ár gcás sa chúirt inniu.”
Deir Trump, atá ina rogha láidir na coitiantachta d’ainmniúchán na bPoblachtánach do thoghchán uachtaránachta 2024, gur cúrsaí polaitíochta is cúis leis an gcás a bheith á thabhairt ina choinne agus go bhfuil “géarleanúint” á déanamh air ag a naimhde polaitiúla.
Ag labhairt dó lasmuigh den chúirt stáit i Nua-Eabhrac inniu, dúirt Trump go raibh a chuid ráiteas airgeadais “iontach go deo” agus cháin sé James agus an breitheamh Arthur Engoron.
“Cur i gcéill amach is amach” a bhí sa triail, a dúirt Trump.
Tá an triail sibhialtach seo sa chúirt uachtarach stáit in Manhattan ar cheann de scata cásanna ina gcuirfear Trump ar a thriail i gcúirteanna éagsúla.
Cianaodh Óg
Tá sé thar am ag Trump a bheith cuntasach.