Cumann na Sagart ag ceiliúradh céad bliain a bhunaithe i Maigh Nuad

Bunaíodh Cumann na Sagart sa bhliain 1916 i gColáiste Phádraig i Maigh Nuad. Beidh ceiliúradh speisialta ar siúl inniu sa choláiste le céad bliain a bhunaithe a chomóradh

St-Josephs-Church

Beidh Cumann na Sagart ag ceiliúradh céad bliain a bhunaithe i Séipéal Naomh Iósaif i Maigh Nuad inniu. Bunaíodh Cumann na Sagart Gaelach go hoifigiúil ag Aontas Mhaigh Nuad i Meitheamh na bliana 1916, cúpla seachtain i ndiaidh Éirí Amach na Cásca.

Bhí tionchar nach beag ag Cogadh na gCarad ar an gCumann agus is beag a bhí ag tarlú ann taobh amuigh de dheoise Luimnigh agus Chiarraí sna blianta 1923 go 1937. Athbhunaíodh an Cumann i 1937 agus bhí rath agus fás air ar feadh cúpla bliain ina dhiaidh sin.

I measc na sagart a bhí gníomhach sa Chumann i gcaitheamh na mblianta, bhí an Cairdinéal Tomás Ó Fiaich, Ardeaspag Ard Mhacha, an tAthair Diarmuid Ó Laoghaire, agus an Dochtúir Breandán Ó Doibhlin, agus sagairt eile nach iad. Athraíodh bunreacht an Chumainn roinnt blianta ó shin ionas go mbeadh cead ag bráithre, mná rialta agus tuataí a bheith ina mball de.

Dúirt an tAthair Séamus Ó hÉanaigh, Uachtarán Chumann na Sagart, go bhfuil sé “ríthábhachtach” go mbeidh sagairt ar fáil le freastal ar phobal na Gaeilge.

“Ainneoin na n-athruithe ar fad i saol na hÉireann agus na dúshláin ollmhóra atá againn sa lá atá inniu ann, tá sé riachtanach freastal ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta trí chéile. Tá sé ríthábhachtach dúinn ár n-oidhreacht spioradálta a chaomhnú agus a scaipeadh. Agus tá sé tábhachtach chomh maith go mbeidh sagairt traenáilte ar fáil le freastal ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus go mbeidh na háiseanna agus na téacsanna cuí ar fáil le tacú leis na sagairt agus leis an bpobal, a dúirt sé.

Cuirfear tús leis an gComóradh le hAifreann Comhcheiliúrtha, a déarfaidh Ardeaspag Ard Mhacha, Éamonn Ó Máirtín, sa séipéal.

Fág freagra ar 'Cumann na Sagart ag ceiliúradh céad bliain a bhunaithe i Maigh Nuad'